WEBINAR 6 (AUGUST 2022)

 

Ceardlann Ghréasáin 6 (Lúnasa 2022) / Webinar 6 (August 2022) 

 

Is é Teagasc agus Foghlaim na Gaeilge atá mar fhócas i gCeardlann Ghréasáin 6 de chuid Churaclam 
Teanga na Bunscoile.

 

Is féidir le scoileanna lán-Bhéarla teacht ar a leagan den cheardlann ghréasáin, agus na hábhair thacaíochta a ghabhann léi, sa chéad roinn thíos.

 

Is féidir le scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta teacht ar a leagan den cheardlann ghréasáin, agus na  hábhair thacaíochta a ghabhann léi, sa dara roinn thíos.

 

Beidh rogha ag múinteoirí i scoileanna speisialta agus i ranganna speisialta leagan oiriúnaithe den bhileog leide a úsáid don cheardlann ghréasáin. Is féidir teacht ar an mbileog leide seo i roinn a trí thíos.

 

 

Ceardlann Ghréasáin 6: Teagasc agus Foghlaim na Gaeilge (Scoileanna lán-Bhéarla)

 

Forléargas ar Cheardlann Ghréasáin 6:

Príomhfhócas na ceardlainne seo ná iniúchadh a dhéanamh ar Theagasc agus ar Foghlaim na Gaeilge
Cuirfear samplaí praiticiúla ó réimse comhthéacsanna os bhur gcomhair sa cheardlann ghréasáin.

 

Ábhar Tacaíochta / Support Material:

Beidh gá daoibh an cheardlann ghréasáin a chur ar sos ó am go céile chun tabhairt faoi roinnt tascanna 
machnaimh. Tá bileog leide ar fáil mar threoir agus na tascanna seo ar bun agaibh. Molaimid go ndéanfar cló ar chóip amháin den bhileog leide in aghaidh an mhúinteora/ghrúpa in ullmhúchán don dúnadh scoile.

 

You will need to pause the webinar at various intervals to engage with a range of reflective tasks. A
prompt sheet has been developed to guide teachers through the various tasks involved. We recommend that you print one copy of the prompt sheet per teacher/group in preparation for your school closure. Depending on your context and school size, teachers may work individually, in pairs or in groups.

 

Beidh gá daoibh dul i ngleic le doiciméid/ábhair eile agus na tascanna ar bun agaibh freisin. Tá naisc go dtí na doiciméid/ábhair chuí ar fáil thíos. / You will also need to engage with other documents/material while completing these tasks. Links to all relevant documents/material are available below.

 

 

Bileog Leide

Access & Download

Webinar Slides

Access and Download

Primary Languages Curriculum

Access & Download

Progression Continua

Access & Download

  

 

Rochtain ar Cheardlann Ghréasáin 6 (English-medium schools)

Is féidir teacht ar an gceardlann ghréasáin do scoileanna lán-Bhéarla thíos. PLC Webinar 6 for English-medium schools can be found directly below.

 

Ceardlann Ghréasáin 6 - Scoileanna Béarla.mp4 from PDST on Vimeo.

 

 

 

Ceardlann Ghréasáin 6: Teagasc agus Foghlaim na Gaeilge (Scoileanna lán-Ghaeilge)

 

Forléargas ar Cheardlann Ghréasáin 6:

Príomhfhócas na ceardlainne seo ná iniúchadh a dhéanamh ar Theagasc agus ar Foghlaim na Gaeilge. Déanfar cíoradh ar roinnt de na príomhdhúshláin a ghabhann le teagasc agus foghlaim na Gaeilge agus cuirfear samplaí praiticiúla ó réimse comhthéacsanna ar fáil sa cheardlann ghréasáin. Anuas air sin, cuirfear deiseanna ar fáil do mhúinteoirí machnamh a dhéanamh ar a gcleachtas féin.

 

Ábhar Tacaíochta:

Beidh gá daoibh an cheardlann ghréasáin a chur ar sos ó am go céile chun tabhairt faoi roinnt tascanna machnaimh. Tá bileog leide ar fáil mar threoir agus na tascanna seo ar bun agaibh. Molaimid go ndéanfar cló ar chóip amháin den bhileog leide in aghaidh an mhúinteora/ghrúpa in ullmhúchán don dúnadh scoile. Ag brath ar do chomhthéacs agus ar mhéid na scoile, d’fhéadfadh múinteoirí oibriú ina n-aonar, i mbeirteanna, nó i ngrúpaí.

 

Beidh gá daoibh dul i ngleic le doiciméid/ábhair eile agus na tascanna ar bun agaibh freisin. Tá naisc go dtí na doiciméid/ábhair chuí ar fáil thíos. Is féidir rochtain a fháil orthu ar líne, nó is féidir leagan PDF dóibh a íoslódáil.

 

 

Bileog Leide na Ceardlainne

Ar líne & Íoslódáil

Sleamhnáin

Ar líne & Íoslódáil

Curaclam Teanga na Bunscoile

Ar líne & Íoslódáil

Contanam Dul chun Cinn

Ar líne & Íoslódáil

 

Rochtain ar Cheardlann Ghréasáin 6 (Scoileanna Lán-Ghaeilge & Gaeltachta)

Is féidir teacht ar an gceardlann ghréasáin do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta thíos.

 

 

Ceardlann Ghréasáin 6 - Scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.mp4 from PDST on Vimeo.

 

 

 

 

Bileog Leide Oiriúnaithe

do Scoileanna agus Ranganna Speisialta

Aiseolas faoi Cheardlanna Gréasáin CTB /

PLC Webinar Feedback

Is féidir le múinteoirí i scoileanna speisialta nó i ranganna speisialta an bhileog leide oiriúnaithe thíos a úsáid agus iad ag tabhairt faoi Cheardlann Ghréasáin 6, má theastaíonn uathu.

 

Cliceáil ar an nasc thíos chun aiseolas a thabhairt ar Cheardlann Ghréasáin 6, nó chun moltaí a dhéanamh maidir le hábhar na gceardlann atá le teacht.

 

Click the link below to provide feedback on PLC Webinar 6, or to make suggestions with regards the content of future PLC Webinars.

Access Online & Download Tabhair Aiseolas / Give Feedback