An Bhéaltriail agus Seachtain na Gaeilge
Beidh ceardlanna ar an mBéaltriail agus Seachtain na Gaeilge á reáchtáil ag an tSFGM (PDST) sna hIonaid Oideachais go luath. Sa cheardlann seo:
- déanfar forbhreathnú ar an leagan amach atá ar an mBéaltriail ag leibhéal na hArdteistiméireachta.
- déanfar forbhreathnú ar na gnéithe is suntasaí a bhaineann leis an labhairt a fhorbairt agus a mheas.
- tabharfar samplaí praiticiúla de straitéisí, acmhainní agus féidearthachtaí don seomra ranga Gaeilge agus don scoil a spreagfaidh úsáid na Gaeilge don Bhéaltriail agus le linn Sheachtain na Gaeilge