Reáchtálfaidh SFGM sraith seimineár aon lae do phríomhoidí bunscoile i rith Feabhra agus Márta 2019. Baineann na seimineáir seo le príomhoidí bunscoile agus díreofar iontu ar na réimsí An Plean Scoile agus Tosaíochtaí Scoile a Bhainistiú.
Léargas Ginearálta:
Cuirtear Seimineáir Lae ar fáil do cheannairí scoile. Is é cuspóir na ‘Seimineár Lae’ dul i ngleic le réimsí imní reatha, amhail FMS, de réir mar a ardaíonn ceannairí scoile iad i meastóireachtaí aiseolais ónár bpríomhchláir cheannaireachta. Faightear léargas sa bhreac-chuntas thíos ar na hábhair éagsúla a pléadh ag na seimineáir seo le dhá bhliain anuas. Cuireann an Roinn Oideachais agus Scileanna clúdach ar fáil do phríomhoidí teagaisc agus táthar ag súil go leanfaidh sé seo ar aghaidh sa todhchaí i gcomhair seimineáir mar seo le cinntiú go mbeidh rochtain éasca ag príomhoidí scoile orthu. Cuirtear ár seimineáir ar fáil i nGaeilge i gceantair Ghaeltachta agus i roinnt suíomhanna lárnacha eile chomh maith.
Ábhar:
Teistiméireachtaí:
“Is deis iontach é an dea-chleachtas a fhoghlaim amach ó thimpeallacht na scoile. Bhí sé an-deas casadh le príomhoidí a mhúineann agus foghlaim óna dtaithí féin mar gur cuireadh clúdach múinteoir ionadaí ar fáil dóibh. Bhí an-mheas agam ar rannpháirtíocht luachmhair múinteoirí teagaisc. Bíonn sé tairbheach machnamh a dhéanamh ar do chleachtas féin agus nascadh leis an ngné foghlama de ról an phríomhoide."
"Ba chóir do gach príomhoide freastal ar an gcúrsa seo. Bhí sé an-phraiticiúil agus bhí eolas le fáil ann."
"Seimineár den scoth. Bhí go leor eolais le fáil ann, lena n-áirítear eolas praiticiúil agus luachmhar, freagraíodh gach ceist agus bhí na héascaitheoirí ar fáil ina dhiaidh le ceisteanna a fhreagairt.”