Fáilte!
Táimid fíorbhuíoch do na múinteoirí, na comhordaitheoirí, na héascaitheoirí áitiúla, na comhlaigh agus na comhairleoirí uile a cheap ceardlanna do Nuatheangacha Iasachta agus a chuir lenár gcuid acmhainní go léir ar shuíomh SFGM.
Forbairt Ghairmiúil Leanúnach (CPD)
Cuirtear cúrsaí Fómhair agus Earraigh i Nuatheangacha Iasachta ar fáil gach bliain. Féach ar an bhféilire imeachtaí i gcomhair tuilleadh sonraí.
Clárú do Mhúinteoirí Nuatheangacha Iasachta
Cláraigh do chuid sonraí le Nuatheangacha Iasachta SFGM ionas go dtig linn an scéal agus an fhaisnéis is deireanaí a thabhairt duit. Níl le déanamh ach teachtaireacht a sheoladh chuig languages@pdst.ie.
I gComhair Tacaíocht Scoilbhunaithe
Féadfaidh gach scoil iarratas a dhéanamh ar thacaíocht ábhar-bhunaithe. Chun tacaíocht scoilbhunaithe a fháil i gcomhair nuatheangacha iasachta: lean an nasc seo.
Tacaíochtaí Breise:
Cuireann Tionscnamh na dTeangacha Iarbhunscoile (PPLI) raon iontach tacaíochtaí agus acmhainní ar fáil do mhúinteoirí teanga. Is é www.languagesinitiative.ie an suíomh gréasáin atá acu, agus déantar iarracht ann na nithe seo a leanas a chur ar fáil:
-
áit inar féidir le múinteoirí teanga acmhainní agus ábhair a chomhroinnt atá ábhartha do mhodheolaíocht an teagaisc teanga go ginearálta, teagasc na nuatheangacha iasachta nach mbíonn á dteagasc go coitianta ar an gcuraclam in iar-bhunscoileanna in Éirinn (Iodáilis, Seapáinis, Rúisis agus Spáinnis), agus na teangacha nua atá á labhairt mar theangacha baile in Éirinn
-
faisnéis agus deiseanna maidir le foghlaim agus teagasc teangacha ar an leibhéal iar-bhunscoile
-
ardán don fhorbairt ghairmiúil leanúnach agus don uasoiliúint do mhúinteoirí nuatheangacha iasachta
-
faisnéis maidir leis an mbeartas i leith teangacha iasachta in Éirinn, riachtanais maidir le teangacha iasachta in Éirinn, agus ábhair eile a bhaineann leis an ábhar, agus naisc chucu sin.
Caith súil ar an gcéad rang teagaisc ar líne maidir le húsáid na sprioctheanga sa seomra ranga!
Cuireann na Cumainn Ábhair seo a leanas tacaíocht iontach ar fáil do mhúinteoirí teanga freisin:
Cumann na Múinteoirí Iodáilise |
|
Cumann na Múinteoirí Spáinnise |
Cumann Múinteoirí Fraincise na hÉireann |
|
Cumann Múinteoirí Gearmáinise na hÉireann |
http://www.germanteachers.ie |
Teagmhálaí in SFGM:
Is í Esther Herlihy an Riarthóir do Nuatheangacha Iasachta agus tá sí lonnaithe in Ionad Oideachais na hUaimhe, Áth Luimnigh, an Uaimh, Co. na Mí. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Esther ar an nguthán ag 046 9078382. Is é an seoladh ríomhphoist do Nuatheangacha Iasachta languages@pdst.ie