Beartas um Fhianáin

 

 

Amhail Márta 2019

 

Tá meas ag SFGM ar phríobháideachas gach cuairteora ar ár suíomh gréasáin. Sa Bheartas um Fhianáin seo, léirítear ár mbeartas maidir le húsáid fianán ar pdst.ie. Féadfaimid an Beartas um Fhianáin a thabhairt cothrom le dáta ó am go chéile chun teacht le hathruithe ar bith sa teicneolaíocht nó sa reachtaíocht, a rachadh i gcion ar an dóigh a n-úsáidimid fianáin agus an dóigh ar féidir leatsa mar úsáideoir iad a bhainistiú. Seiceáil an leathanach seo go rialta le haghaidh nuashonruithe. 

 

Cad is Fianán ann?

 

Is comhaid bheaga sonraí iad fianáin a chuirtear chuig do ríomhaire, do tháibléad nó d’fhón póca ó ríomhaire (freastalaí) suíomh gréasáin agus a stóráiltear ar thiomántán crua do ghléis. Bainimid úsáid as fianáin chun ár suíomh a dhéanamh níos gaiste agus níos éasca lena úsáid. Beidh fianáin á n-úsáid ar fhormhór na suíomhanna gréasáin a dtabharfaidh tú cuairt orthu d’fhonn feabhas a chur ar d’eispéireas úsáideora trí ligean don suíomh gréasáin sin ‘cuimhne a choinneáil’ ort, ar feadh thréimhse do chuairte (ag baint úsáid as ‘fianán seisiúin’) nó le haghaidh athchuairteanna (ag baint úsáid as ‘fianán dianseasmhach’). Ní féidir úsáid a bhaint as fianáin chun tú a aithint go pearsanta agus ní féidir cláir a reáchtáil nó víris a sheachadadh chuig do ríomhaire le fianáin. 

 

Na Cineálacha Fianán a Úsáidimid

 

  • Fianáin Fheidhmiúla: Tá na fianáin seo lárnach d’fheidhmiúlacht an tsuímh gréasáin.
  • Fianáin Slándála: Leis na fianáin seo is féidir linn do chuntas a rochtain, agus is féidir leatsa bogadh idir suíomhanna gréasáin SFGM leo gan fíordheimhniú breise a thabhairt.
  • Fianáin Anailísíochta: Déanaimid patrúin trácht suímh a rianú ionas go mbeimid ábalta ábhar móréilimh an tsuímh agus fadhbanna a d’fhéadfadh tarlú ar an suíomh a shainaithint.

 

Do Roghanna maidir le Fianáin

 

Is féidir leat a roghnú go dtabharfaidh do ríomhaire rabhadh duit am ar bith a bheidh fianán á shocrú, nó na fianáin ar fad a chasadh as. Is féidir leat na roghanna sin a shocrú laistigh de shocruithe do bhrabhsálaí. Tá gach brabhsálaí éagsúil, áfach, mar sin seiceáil roghchlár Cabhrach do bhrabhsálaí chun d’fhianáin a athrú. Má chasann tú na fianáin as, ní bheidh rochtain agat ar a lán gnéithe a chuirfeadh feabhas ar d’eispéireas. Lena chois sin, ní fheidhmeoidh formhór na seirbhísí lena dteastaíonn logáil isteach ar chor ar bith.

 

Is féidir leat cuairt a thabhairt ar www.allaboutcookies.org chomh maith chun sonraí a fháil maidir le conas fianáin a scrios nó a dhiúltú agus chun tuilleadh eolais a fháil maidir le fianáin go ginearálta. D’fhonn eolas a fháil ar úsáid fianán i mbrabhsálaithe ar fhóin phóca agus d’fhonn sonraí a fháil ar conas diúltú d’fhianáin den sórt sin nó conas iad a scriosadh, féach ar lámhleabhar do sháis láimhe.

 

Tabhair faoi deara, áfach, má dhiúltaíonn tú d’úsáid fianán beidh tú fós in ann cuairt a thabhairt ar ár suíomh gréasáin ach tá seans ann nach n-oibreoidh roinnt feidhmeanna i gceart.

 

An Suíomh Gréasáin seo & Fianáin

 

Úsáideann an suíomh gréasáin seo teicneolaíocht “fianáin” chun tuiscint a fháil ar líon na ndaoine a úsáideann an suíomh gréasáin, agus conas a úsáideann siad é, ionas gur féidir linn feabhas a chur air go leanúnach. Taispeántar liosta de na fianáin a úsáideann suíomh gréasáin SFGM ar an tábla thíos. 

 

D’fhéadfaimis na fianáin sin a úsáid chun ábhar a chur ar fáil a bhaineann leis an spéis atá agat agus do shainroghanna a shábháil ionas nach gá duit iad a iontráil arís gach uair a nascann tú lenár suíomh gréasáin – níl ár bhfianáin ar fáil do shuíomhanna gréasáin eile. Cuireann fianáin ar ár gcumas:

 

  • trácht cuairteoirí chuig ár suíomh gréasáin agus a bpátrúin úsáide a thomhas
  • faisnéis a stóráil maidir le do shainroghanna, a chuireann ar ár gcuma ár suíomh gréasáin a chur in oiriúint de réir do shuimeanna aonair
  • luas a chur le do chuardach
  • thú a aithint nuair a thagann tú ar ais chuig ár suíomh gréasáin.

 

Le diúltú do rianú Google Analytics thar gach suíomh gréasáin tabhair cuairt ar http://tools.google.com/dlpage/gaoptout.

 

Fianáin a Dhíchumasú:

 

Tá sé de cheart agat i gcónaí diúltú d’fhianáin, má cheadaíonn do bhrabhsálaí é, nó iarraidh ar do bhrabhsálaí a thabhairt le fios nuair a sheoltar fianáin. Féadfaidh tú comhaid fianáin a scriosadh ó do ríomhaire ar do lánrogha. Feic na naisc chuig na suíomhanna gréasáin a leanas i gcomhair na gcéimeanna chun fianáin ar do ríomhaire a bhainistiú agus a scriosadh:

 

An chaoi le fianáin a scriosadh i Microsoft Internet Explorer 8, 9 nó 10
An chaoi le fianáin a scriosadh i Mozilla Firefox
An chaoi le fianáin a scriosadh in Google Chrome
An chaoi le fianáin a scriosadh in Opera

 

Cineálacha fianán a úsáidimid agus an chúis:

 

 

Fianán Ainm Cuspóir Tuilleadh eolais
Google Analytics _utma
_utmb
_utmc
_utmz
Úsáidtear na fianáin seo chun faisnéis a bhailiú faoin gcaoi a n-úsáideann cuairteoirí ár suíomh. Úsáidimid an fhaisnéis chun tuairiscí a chur le chéile agus le cuidiú linn an suíomh a fheabhsú. Bailíonn na fianáin faisnéis ar bhealach anaithnid, lena n-áirítear an líon cuairteoirí chuig an suíomh, cárbh as ar tháinig na cuairteoirí isteach ar an suíomh agus na leathanaigh ar thug siad cuairt orthu Cliceáil anseo chun forbhreathnú a fháil ar phríobháideachas ag Google
Fianán seisiúin d’fhoirm ar líne ASP.NET_SessionId Cruthaítear an fianán nuair a cheanglaíonn an t-úsáideoir le feidhmchlár ASP.NET agus éagfaidh sé nuair a dhúnann an t-úsáideoir an brabhsálaí. Tá an fianán riachtanach chun foirmeacha a úsáid ar ár suíomh chun aitheantas seisiúin de sheisiún reatha an úsáideora a stóráil. Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Microsoft
Fianáin i bhFotha Twitter External_referrer
k
original_referrer
_twitter_sess
Tagann na fianáin tríd an iompórtálaí twitter a úsáidtear ar theimpléad an leathanaigh baile. Faightear iad seo ar fad ó twitter.com Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin API Twitter