Meitheal

Meitheal

 

Clár forbartha ceannaireachta do phríomhoidí a bhfuil ar a laghad cúig bliana taithí acu

Clár forbartha faoi threoir rannpháirtithe is ea Meitheal a fhreagraíonn do riachtanais ghairmiúla aonair príomhoidí scoile. Tarraingíonn sé ar na scileanna agus na teicnící a bhaineann le cóitseáil. Oibríonn éascaitheoir oilte go comhoibritheach le grúpaí beaga (4 – 6 rannpháirtí) agus samhail forbartha á húsáid aige chun scileanna ceannaireachta a bhreisiú.

 

Ritheann an clár Meitheal thar thréimhse dhá bhliain. Buaileann an grúpa le chéile de ghnáth le haghaidh ceithre sheisiún a mhaireann timpeall dhá uair an chloig. Socróidh gach grúpa dáta agus am na seisiún seo.

Reáchtálfar cruinnithe eolais do rannpháirtithe ionchais go háitiúil i mBealtaine / Meitheamh 2019, agus tosóidh an chéad chlár eile i Meán Fómhair 2019.

Tá muinín agus rúndacht comhthaobhach ina bhunús leis an gclár.

 

Tá litríocht agus taighde sna réimsí seo a leanas mar bhuntaca leis an gclár:

  • Teoiric an líonra shóisialta
  • Pobail foghlama ghairmiúla agus pobail chleachtais

 

Roinnt teistiméireachtaí ó rannpháirtithe roimhe seo:

B'fhiú go mór páirt a ghlacadh i 'Meitheal' i mbliana. Tugadh comhairle, spreagadh agus eolas dom in atmaisféar a bhí cairdiúil, spórtúil agus an-taitneamhach. D'fhoghlaim mé a lán agus fuair mé smaointe dearfacha ó gach éinne.

Thaitin an tacaíocht liom ó ghrúpa beag gairmithe a bhí ar aon intinn liom féin, a raibh taithí cosúil liom féin acu agus a raibh na dúshláin chéanna rompu. Thug Meitheal deis dúinn ábhair a phlé i dtimpeallacht rúnda, nach ndearnadh breithiúnas ar aon duine ann. Bhraith mé níos compordaí ag cur leis an bplé sa ghrúpa beag seo ná mar a bhraithim i ngrúpaí tacaíochta níos mó.

Bhí Meitheal luachmhar domsa – bhí mé in ann saincheisteanna a tharraingt anuas ag an bhfóram seo nach bhféadfainn a ardú in aon áit eile, agus de réir mar a chuaigh na cruinnithe ar aghaidh d’fhorbair comrádaíocht, agus bhí mé muiníneach dá bharr.