Príobháideachas agus slándáil

 

 

Ár dTiomantas

 

Tá SFGM tiomanta do do phríobháideachas a chosaint.

 

Tá meas ag SFGM ar chearta a úsáideoirí agus tá sé tiomanta do do phríobháideachas a chosaint i gcónaí. Cuirtear síos ar ár bpolasaí príobháideachais san fhógra seo. Trí chuairt a thabhairt ar pdst.ie, tá tú ag glacadh leis na cleachtais a gcuirtear síos orthu san fhógra príobháideachais seo.

 

Ráiteas Príobháideachais do Scoláirí (agus dá dTuismitheoirí/gCaomhnóirí)

 

Cliceáil anseo le do thoil i gcomhair faisnéise fúinn, faoi na sonraí pearsanta a bhailímid fút (nó faoi do leanbh), faoin bhfáth a mbailímid iad, faoin bhfad a choinnímid iad, agus faoi do chearta/faoi chearta do linbh.

 

Brabhsáil

 

I gcás brabhsáil ghréasáin ghinearálta i pdst.ie, ní nochtar aon fhaisnéis phearsanta dúinne, cé go bhfuil faisnéis staitistiúil áirithe ar fáil dúinn trínár soláthraí seirbhíse Idirlín. Féadfar go mbeidh ar áireamh san fhaisnéis seo seoladh loighciúil an fhreastalaí atá in úsáid agat, an t-ainm fearainn barrleibhéil a úsáideann tú chun rochtain a fháil ar an Idirlíon (mar shampla .ie, .com, etc.), an cineál brabhsálaí atá in úsáid agat, an dáta agus an t-am a théann tú ar ár suíomh agus an seoladh Idirlín a úsáidtear chun nasc a dhéanamh lenár suíomh. Úsáidtear cuid den fhaisnéis thuasluaite chun staitisticí achoimre a chruthú a ligeann dúinn líon na gcuairteoirí ar ár suíomh a mheas agus na leathanaigh is minice a dtugtar cuairt orthu a shainaithint. Úsáidimid na staitisticí seo chun cabhrú linn ár suíomh a fheabhsú ionas go mbeidh sé níos furasta le húsáid.

 

Is féidir cuid mhór den suíomh gréasáin seo a léamh agus a úsáid gan aon fhaisnéis phearsanta a thabhairt. Sna réimsí nó seirbhísí sin óna dteastaíonn clárú, e.g. suirbhéanna, foirmeacha chun áit a chur in áirithint ar imeachtaí, foirmeacha measúnaithe oiliúna, caithfidh SFGM leis na sonraí pearsanta uile a thugann tú dúinn faoi rún agus ní bhainfear úsáid astu ach amháin don chuspóir a bheartaítear. Ní nochtfar an fhaisnéis sin ach amháin de réir mar a cheadaítear le dlí nó chun na críocha atá liostaithe i gclárúchán SFGM leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí -  TAG 13590/A.

 

Bailíonn SFGM sonraí maidir le cuairteoirí chuig an suíomh. Bailítear faisnéis ar bhonn comhiomlán chun críocha staitistiúla amháin chun leibhéil tráchta chuig an suíomh a mheas. Ní bhailímid ná ní mheasaimid an fhaisnéis seo do dhaoine eile.

 

Tá naisc ar ár suíomh gréasáin le suíomhanna eile. Níl SFGM freagrach as cleachtais príobháideachais ceann ar bith de na suíomhanna eile sin. Molaimid duit a bheith ar an eolas faoi seo nuair a fhágann tú ár suíomh agus na ráitis príobháideachais a léamh ar shuíomhanna gréasáin eile a dtugann tú cuairt orthu a bhaileoidh faisnéis inaitheanta phearsanta. Ní bhaineann an ráiteas príobháideachais seo ach le faisnéis a bhailítear ar ár suíomh gréasáin féin.

 

Coimeádann SFGM an ceart ina lándiscréid chun an ráiteas príobháideachais seo a leasú ag am ar bith, agus ba cheart duit an ráiteas príobháideachais seo a sheiceáil go rialta i gcomhair aon leasuithe.


 

Clárú SFGM

 

Coinneoimid na sonraí pearsanta uile a thugann tú dúinn go hiomlán faoi rún agus ní bhainfear úsáid astu ach amháin le haghaidh fíordheimhniú agus chun rochtain ar sheirbhísí ar líne arna soláthar ag SFGM a sholáthar.  I gcás go gcuirtear imeacht SFGM ar ceal, beidh orainn ríomhphost a sheoladh chugat, trínár gcomhpháirtithe Ionad Oideachais.  Ní dhéanfar an fhaisnéis sin a nochtadh ach amháin mar a cheadaítear le dlí nó chun na críocha a liostaítear inár gclárúchán leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí.

 

Chun clárú i gcomhair ár n-imeachtaí áirithinte ar líne, déantar do shonraí a chrostagairt le Suíomh Gréasáin na Comhairle Múinteoireachta agus, mar sin, beidh ort d’ainm iomlán, Dáta Breithe agus Uimhir leis an gComhairle Mhúinteoireachta a sholáthar ionas go mbeimid in ann do shonraí a chrostagairt agus a fhíorú.

 

Tá foireann riaracháin na nIonad Oideachais a dhéanann ár n-imeachtaí a óstáil in ann do shonraí a fheiceáil chun liostaí tinrimh a chruthú i gcomhair ár n-imeachtaí, chun teagmháil a dhéanamh leat i gcás go gcuirtear imeacht ar ceal agus chun do thaifid forbartha gairmiúla leanúnaí a nuashonrú tar éis an imeachta.

Má chláraíonn tú le pdst.ie, tá tú ag glacadh leis na téarmaí agus leis na coinníollacha, lena n-áirítear na cinn a bhaineann le príobháideachas do chuid sonraí pearsanta agus ar a bhfuil breac-chuntas déanta thíos ar mhaithe le soiléireacht.

 

  • Tá clárúchán le pdst.ie pearsanta agus neamh-inaistrithe.
  • Nuair a chláraíonn tú, iarrfar ort sonraí pearsanta fút féin a chur ar fáil -- tá tú faoi oibleagáid faisnéis chruinn agus iomlán fút féin a thabhairt agus a chinntiú go gcoinnítear do shonraí pearsanta cothrom le dáta.
  • Níl aon dáta éaga do na sonraí pearsanta a chuireann tú isteach ar ár bhfreastalaithe. Ar iarratas, scriosfaimid do chuntas.
  • Tá na sonraí pearsanta uile arna sábháil ar ár bhfreastalaithe slán.
  • Tá foireann riaracháin na nIonad Oideachais a dhéanann ár n-imeachtaí a óstáil in ann do shonraí a fheiceáil chun liostaí tinrimh a chruthú, chun teagmháil a dhéanamh leat i gcás go gcuirtear imeacht ar ceal agus chun do thaifid forbartha gairmiúla leanúnaí a nuashonrú tar éis an imeachta.
  • Coinneoimid na sonraí pearsanta uile a thugann tú dúinn faoi rún agus ní bhainfear úsáid astu ach amháin le haghaidh fíordheimhniú agus le rochtain ar sheirbhísí ar líne arna soláthar ag SFGM a sholáthar. I gcás go gcuirtear imeacht SFGM ar ceal, beidh orainn ríomhphost a sheoladh chugat trínár gcomhpháirtithe Ionad Oideachais.  Ní dhéanfar an fhaisnéis a nochtadh ach amháin mar a cheanglaítear faoin dlí nó ar chuspóirí a liostaítear inár gclárúchán leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí.

 

 

Naisc Sheachtracha

 

Tá naisc lena lán suíomhanna eile ar ár suíomh gréasáin agus níl SFGM freagrach as na cleachtais phríobháideachais laistigh d’aon cheann de na suíomhanna eile sin. Molaimid go mbeidh tú aireach faoi seo nuair a fhágann tú ár suíomh agus go léifidh tú na ráitis phríobháideachais ar shuíomhanna gréasáin eile a dtugann tú cuairt orthu ina mbailítear faisnéis phearsanta inaitheanta. Baineann an beartas príobháideachais seo leis an bhfaisnéis a bhailítear ar ár suíomh gréasáin amháin. Coimeádann SFGM an ceart aige féin, de réir a bhreithiúnais féin amháin, an beartas príobháideachais seo a athrú aon tráth, agus is fútsa atá sé an leathanach seo a sheiceáil go rialta lena dhearbhú an bhfuil athruithe ar bith déanta ón am deireanach ar thug tú cuairt air agus athruithe ar bith dá leithéidí a athbhreithniú. Léireoimid an t-am deireanach a rinneadh athbhreithniú ar ár mbeartas príobháideachais ar bharr an leathanaigh seo.

 

Údair Imní Príobháideachais

 

Lenár mBeartas Príobháideachais, tá SFGM ag iarraidh a bheith chomh faisnéiseach agus chomh trédhearcach agus is féidir lena chinntiú go dtuigfear cé chomh dáiríre is atáimid ag caitheamh le do phríobháideachas agus le do shlándáil. Má tá ceist agat nó imní ar bith ort faoin gcaoi a mbailímid, a gcoinnímid agus a bpróiseálaimid do chuid sonraí, ba bhreá linn cabhrú – déan teagmháil linn ag privacy@pdst.ie


 

Fianáin

 

Úsáideann an suíomh gréasáin seo teicneolaíocht “fianáin”. Is é is fianán ann píosa beag sonraí nó comhad téacs beag a stóráiltear ar bhrabhsálaí do ríomhaire, ar iarratas ónár bhfreastalaí. D’fhéadfaimis fianáin a úsáid chun ábhar a chur ar fáil a bhaineann leis an spéis atá agat agus do shainroghanna a shábháil ionas nach gá duit iad a iontráil arís gach uair a nascann tú lenár suíomhanna gréasáin – níl ár bhfianáin ar fáil do shuíomhanna gréasáin eile. Cuireann fianáin ar ár gcumas:

 

  • trácht cuairteoirí chuig ár suíomh gréasáin agus a bpátrúin úsáide a thomhas
  • faisnéis a stóráil maidir le do shainroghanna, a chuireann ar ár gcuma ár suíomh gréasáin a chur in oiriúint de réir do shuimeanna aonair
  • luas a chur le do chuardach
  • thú a aithint nuair a thagann tú ar ais chuig ár suíomh gréasáin.

 

Ceadaíonn formhór na mbrabhsálaithe gréasáin le rialú áirithe ar fhianáin trí shocruithe an bhrabhsálaí. Chun tuilleadh a fhoghlaim faoi fhianáin, lena n-áirítear an chaoi chun na fianáin a leagadh síos a fheiceáil agus iad a bhainistiú agus a scriosadh, tabhair cuairt ar www.allaboutcookies.org.

Le diúltú do rianú Google Analytics thar gach suíomh gréasáin tabhair cuairt ar http://tools.google.com/dlpage/gaoptout.

 

Fianáin a Dhíchumasú:

 

Tá sé de cheart agat i gcónaí diúltú d’fhianáin, má cheadaíonn do bhrabhsálaí é, nó iarraidh ar do bhrabhsálaí a thabhairt le fios nuair a sheoltar fianáin. Féadfaidh tú comhaid fianáin a scriosadh ó do ríomhaire ar do lánrogha. Feic na naisc chuig na suíomhanna gréasáin a leanas i gcomhair na gcéimeanna chun fianáin ar do ríomhaire a bhainistiú agus a scriosadh:

An chaoi le fianáin a scriosadh i Microsoft Internet Explorer 8, 9 nó 10
An chaoi le fianáin a scriosadh i Mozilla Firefox
An chaoi le fianáin a scriosadh in Google Chrome
An chaoi le fianáin a scriosadh in Opera

 

Cineálacha fianán a úsáidimid agus an chúis:

 

 

Fianán Ainm Cuspóir Tuilleadh eolais
Google Analytics _utma
_utmb
_utmc
_utmz
Úsáidtear na fianáin seo chun faisnéis a bhailiú faoin gcaoi a n-úsáideann cuairteoirí ár suíomh. Úsáidimid an fhaisnéis chun tuairiscí a chur le chéile agus le cuidiú linn an suíomh a fheabhsú. Bailíonn na fianáin faisnéis ar bhealach anaithnid, lena n-áirítear an líon cuairteoirí chuig an suíomh, cárbh as ar tháinig na cuairteoirí isteach ar an suíomh agus na leathanaigh ar thug siad cuairt orthu Cliceáil anseo chun forbhreathnú a fháil ar phríobháideachas ag Google
Fianán seisiúin d’fhoirm ar líne ASP.NET_SessionId Cruthaítear an fianán nuair a cheanglaíonn an t-úsáideoir le feidhmchlár ASP.NET agus éagfaidh sé nuair a dhúnann an t-úsáideoir an brabhsálaí. Tá an fianán riachtanach chun foirmeacha a úsáid ar ár suíomh chun aitheantas seisiúin de sheisiún reatha an úsáideora a stóráil. Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Microsoft
Fianáin i bhFotha Twitter External_referrer
k
original_referrer
_twitter_sess
Tagann na fianáin tríd an iompórtálaí twitter a úsáidtear ar theimpléad an leathanaigh baile. Faightear iad seo ar fad ó twitter.com Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin API Twitter

 

 

Úsáid Google Analytics

 

Úsáideann an suíomh gréasáin seo Google Analytics, seirbhís anailísíochta gréasáin a chuireann Google, Inc. (“Google”) ar fáil. Úsáideann Google Analytics “fianáin”, comhaid téacs a chuirtear ar do ríomhaire, le cabhrú leis an suíomh gréasáin anailís a dhéanamh ar an gcaoi a n-úsáideann úsáideoirí an suíomh. Tarchuirfear agus stórálfar ar fhreastalaithe Google i Stáit Aontaithe Mheiriceá an fhaisnéis a ghineann d’fhianán maidir leis an úsáid a bhaineann tú as an suíomh gréasáin (do sheoladh IP san áireamh). Úsáidfidh Google an fhaisnéis sin chun críche measúnú a dhéanamh ar an suíomh gréasáin, tuairiscí a chur le chéile maidir le gníomhaíocht ar an suíomh gréasáin d’oibreoirí an tsuímh gréasáin agus seirbhísí eile maidir le gníomhaíocht ar an suíomh gréasáin agus úsáid idirlín a chur ar fáil. Féadann Google chomh maith an fhaisnéis sin a tharchur chuig tríú páirtithe nuair a éilítear orthu sin a dhéanamh de réir an dlí, nó nuair a phróiseálann na tríú páirtithe sin an fhaisnéis thar ceann Google. Ní chomhcheanglóidh Google do sheoladh IP le haon sonraí eile a choinníonn Google. Féadfaidh tú diúltú d’úsáid na bhfianán trí na roghanna cuí a roghnú ar do bhrabhsálaí, ach tabhair faoi deara má dhéanann tú é sin nach mbeidh tú in ann tairbhe a bhaint as feidhmiúlacht iomlán an tsuímh gréasáin seo. Tríd an suíomh gréasáin seo a úsáid, toilíonn tú do phróiseáil Google de na sonraí fút ar an mbealach agus chun na críocha arna leagan amach thuas.