Tá acmhainní a bhaineann le hUimhearthacht sa rannán seo dár suíomh.
Féach ar Shuíomh Gréasáin na Foirne Tacaíochta Matamaitice chun acmhainní breise a fháil
Tá cóip den cháipéis, Litearthacht agus Uimhearthacht don Fhoghlaim agus don Saol: An Straitéis Náisiúnta chun an Litearthacht agus an Uimhearthacht a Fheabhsú i measc Leanaí agus Daoine Óga, 2011-2020 ar fáil lena híoslódáil anseo.
Níl an uimhearthacht teoranta don chumas chun uimhreacha a úsáid, chun suimiú, dealú, iolrú agus roinnt amháin. Clúdaíonn an uimhearthacht an cumas chun tuiscint agus scileanna matamaitice a úsáid chun na fadhbanna a réiteach agus na héilimh laethúla ag maireachtáil i suíomhanna sóisialta casta a chomhlíonadh. Leis an gcumas seo a bhaint amach, ní mór don duine óg a bheith in ann smaoineamh agus cumarsáid a dhéanamh go cainníochtúil, ciall a bhaint as na sonraí, feasacht ar spásúlacht a bheith aige/aici, na patrúin agus na seichimh a thuiscint, agus na hócáidí a aithint nuair is féidir leis an réasúnaíocht mhatamaitice a chur i bhfeidhm chun fadhbanna a réiteach.
Tá an sainmhíniú seo ar an Uimhearthacht ar leathanach 8 den Straitéis. B’fhéidir go spreagfadh an dá ghearrthóg físe thíos, a thaispeántar ag na Seimineáir Ceannaireachta, plé ar a thábhachtaí atá an litearthacht agus an uimhearthacht agus ar na himpleachtaí a ghabhann leis seo don teagasc agus don fhoghlaim inár scoileanna.
Litearthacht don 21ú hAois
Tábhacht na huimhearthachta