Page Content Category:
CORPOIDEACHAS - BEO |
---|
Seo leathanach ilmheán lena gcuirtear ar chumas múinteoirí scaipeadh a dhéanamh ar fhís-sruthú iarbhír múinteora/scoláire ina bpléitear leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim i gCorpoideachas.
Chuir SFGM cúrsa samhraidh ar fáil inar díríodh ar conas a bhogann daltaí. Sa chúrsa seo, thugamar tús eolais ar an gcoincheap maidir le hInniúlacht Fhisiciúil agus dhíríomar ar Scileanna Bunghluaiseachta. Ba chúrsa praiticiúil a bhí i gceann na seachtaine seo le ceardlanna gleacaíochta, damhsa, Ard-Fhriosbaí agus neart gníomhaíochtaí mionchluichí eile. Ar cheann d’aidhmeanna an chúrsa bhí na huirlisí a thabhairt do na rannpháirtithe chun an Corpoideachas a chuimsiú sa phlean Féinmheastóireachta Scoile, a chuideoidh ina dhiaidh sin chun Bratach Scoile Gníomhaí a bhaint amach. Anuas ar an gcúrsa sin, tá sé de chumas a bheith mar chuid de Threoirthionscadal Corpoideachais SFGM a bheidh ag tosú i mí Eanáir 2016.
"Move Well; Move Often" Scannán Cúrsa Samhraidh