![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
Comhpháirtíocht don Fhorbairt Ghairmiúil Thuaidh Theas 2016 /2017 |
---|
Tá ríméad ar an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM) agus ar an tSeirbhís um Fhorbairt i Scoileanna (SFS) i gcomhar le hInstitiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta (IEDT) agus le Armagh Multi Media Access (AMMA), tionscadal comhoibríoch comhpháirtíochta trasteorann a cheiliúradh
“Lionsaí éagsúla: Iniúchadh ar insintí ar stair oileán na hÉireann trí litearthacht dhigiteach”
Ghlac sé scoil ó Dheisceart na hÉireann agus sé scoil ó Thuaisceart Éireann páirt i dtionscadal Staire ina raibh ar an dá scoil scannán gearr a léiriú ina dtaispeántar príomhimeacht staire trí lionsa litearthachta na n-íomhánna gluaiseachta ag úsáid teicneolaíocht dhigiteach. Cuireadh béim láidir ar fhorbairt príomhscileanna na cumarsáide agus obair fhoirne sa tionscadal seo mar aon le deiseanna naisc a chur ar fáil le hábhair churaclaim eile.
Chun an tionscadal comhpháirtíochta seo agus an obair a rinne an 12 scoil a ghlac páirt ann a cheiliúradh, bhí ríméad ar an tSeirbhís um Fhorbairt i Scoileanna (SFS) sárthaispeántas náisiúnta a óstáilDé Luain, an 27 Márta 2017 inar taispeánadh an 12 scannán uile in Amharclann Phlás an Mhargaidh, Ard Mhacha.
Is é haischlib an tionscadail agus na hócáide seo
#storiesnorthsouth
Chun níos mó faisnéise agus tacaíochtaí ar scannánaíocht agus ar scéalaíocht dhigiteach a fháil, téigh chuig suíomh gréasáin Scannán FÍS Iar-bhunscoile.
Scoileanna rannpháirteacha:
Coláiste Pobail Setanta, Baile Átha Cliath
Ardscoil Chathair Ard Mhacha
Coláiste Pobail na Gráinsí, Baile Átha Cliath
Coláiste Bhaile na Lorgan, Co. Thír Eoghain
Meánscoil Mhíchíl, Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo
Ardscoil Bhaile Úr, Co. an Dúin
Ard Scoil Mhuire, Mainistir na Corann, Co. Chorcaí
Scoil Mhuire Gramadaí, An tIúr
Coláiste New Cross, Baile Átha Cliath
Coláiste Chiaráin, Baile Uí Dhálaigh, Co. Thír Eoghain
Meánscoil na Toirbhearta, Oileán Ciarraí, Co. Chiarraí
Ardscoil Mhuire, an tIúr
Ardscoil Naomh Muire, an tIúr óaonad amma arVimeo.