CAD agus SolidWorks

 

 

 

CAD agus SolidWorks

 

 


 

 

LEAN AN NASC SEO LE HAGHAIDH TUILLEADH EOLAIS AGUS ACHMHAINNÍ AR CAD agus SOLIDWORKS

 

 

Fógraíonn an tAire Oideachais agus Scileanna €7 milliún i ndeontais do 450 iarbhunscoil chun tacú leis an gclár Ghrafaic Dhearaidh agus Chumarsáide (DCG) a chur i bhfeidhm.

 

Agus í ag fógairt na ndeontas dúirt an tAire O’Sullivan: “Aithníonn mo Roinn tábhacht ghrafaic an deartha agus na cumarsáide mar cuireann an t-ábhar go díreach leis na príomhscileanna a theastaíonn i ngeilleagar eolasbhunaithe na hÉireann. Ionchorpraítear prionsabail na heolaíochta, ábhar, déantúsaíochta, deartha, teicneolaíochta agus teicneolaíochta faisnéise san ábhar seo”.

 

I ndiaidh comórtais soláthar poiblí, bronnadh conradh sé bliana chun Bogearraí CAD a sholáthar do Scoileanna ar Solid Solutions Ireland, an t-athdhíoltóir Dassault Systemes SolidWorks Corporation 3D Software, SOLIDWORKS in Éirinn. Cheannaigh an Roinn Oideachais agus Scileanna an bogearra seo díreach i ndiaidh próisis soláthair inar ghlac ionadaí ón Roinn Oideachais agus Scileanna agus eagraíochtaí comhpháirtíochta éagsúla páirt ann. “Is ceannaire i dtionscal bogearraí paraiméadracha CAD é SOLIDWORKS agus cinnteofar leis an bhfógra seo inniu go mbeidh teacht ag scoláirí na hÉireann ar theicneolaíocht dhearaidh cheannródaíoch.” Chuir an coiste soláthair áis smeartharraingthe i bhfeidhm cheana féin le tacaíocht ón Oifig um Sholáthar Rialtais. Tá na ríomhairí seo saincheaptha agus rinneadh tástáil orthu go mbeifear in ann SOLIDWORKS a rith orthu i seomra ranga. Cuirfidh Fujitsu Ireland agus a chomhpháirtithe Smart Schools agus Total Import na Ríomhairí Deisce ar fáil. Cuirfidh PC Peripherals na Ríomhairí Glúine ar fáil. 

 

Dúirt an tAire: “Tá fás ag teacht fós ar DCG i scoileanna. Thug 5,319 iarrthóir faoin Ardteistiméireacht sa bhliain 2012 agus táthar ag súil go dtabharfaidh 5,705 scoláire faoin scrúdú sa bhliain 2015. Méadaíodh an maoiniú a leithdháiltear dá réir agus cinnteoidh sé seo go leanfaidh an t-ábhar tábhachtach seo ag dul ó neart go neart. Seolfar litreacha chuig scoileanna ina dtabharfar sonraí faoin méid airgid a thabharfar amach.

 

Tá clár forbartha gairmiúla á chur le chéile faoi láthair ag an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí d’fhómhar 2015 agus seolfar na sonraí chuig scoileanna. Beidh ranganna teagaisc ar líne agus acmhainní tacaíochta ar líne mar chuid de chéad chéim na tacaíochta. Beidh ceardlanna náisiúnta mar chuid den dara céim.