Page Content Category:
ICT AGUS FOGHLAIM |
---|
Ar an leathanach seo, tugtar ábhair/forbairt ghairmiúil leanúnach ina bpléitear an dóigh ar féidir ICT a chomhtháthú don teagasc agus don fhoghlaim i gCorpoideachas. I rannán ar leith (ICT) de shuíomh Idirlín SFGM, tugtar ábhair CPD ina bpléitear an dóigh ar féidir uirlisí sonracha ICT, aipeanna, etc., a úsáid ar fud na n-ábhar uile.
Físeán Digiteach don Anailís agus don Mheasúnú sa Chorpoideachas
San fhíseán seo, léiríonn Liz McLaughlin, múinteoir corpoideachais i gColáiste Deele, Ráth Bhoth, conas a bhaineann sí leas as Físeán Digiteach (Video Tagger Pro), cóid QR agus foirmeacha Google ina ceacht badmantain. Déanann Liz cur síos ar an leibhéal ard rannpháirtíochta i measc na scoláirí a thagann chun cinn mar thoradh ar ICT a úsáid sa chorpoideachas, mar aon le scileanna cumarsáide agus fadhbréitigh a fhorbairt. Úsáidtear straitéis scoir le ticéid chun cabhrú le scoláirí machnamh a dhéanamh ar a bhfoghlaim agus chun bonn faisnéise a chur faoi phleanáil a gceachtanna corpoideachais ina dhiaidh sin
Treodóireacht ICT agus Corpoideachais le haip
San fhíseán seo, léiríonn Garret Hickey, múinteoir corpoideachais i gColáiste Choilm, Baile an Chollaigh, conas a úsáideann sé na haipeanna i-Orienteering agus Team Shake i gceacht treodóireachta. Déanann Garret cur síos ar an leibhéal ard rannpháirtíochta i measc na scoláirí a thagann chun cinn mar thoradh ar ICT a úsáid sa treodóireacht, mar aon le scileanna matamaiticiúla, léimh léarscáileanna, cumarsáide agus fadhbréitigh a fhorbairt. Amuigh faoin aer a úsáidtear an aip i-Orienteering go hiondúil ach chruthaigh Garret cúrsa laistigh gan aon stró mar gheall ar an drochaimsir lá an taifeadta!
Treodóireacht ICT agus Corpoideachais le haip ó SFGM – Teicneolaíocht san Oideachas ar Vimeo
Ceardlann Aindeolaithe Corpoideachais ag teacht go Baile Átha Cliath. Féach ar https://thepegeek.com/2015/12/the-pe-geek-dublin-workshop/ chun tuilleadh sonraí a fháil
Úsáid ICT i gCorpoideachas á chur i láthair ag James Sherry