CORPOIDEACHAS NA BUNSCOILE

Físeáin Dea-chleachtais maidir le Corpoideachas

Cóid QR a úsáid sa Chorpoideachas ó SFGM – Teicneolaíocht san Oideachas ar Vimeo.

 

 

 

 

Is é aidhm na cáipéise seo béim a leagan ar an bhfoghlaim a d’fhéadfadh tarlú nuair a bhaintear úsáid chuiditheach as ICT chun tacú le cuspóirí foghlama i gCuraclam na Bunscoile (1999).

 

Corpoideachas : Nasc Snáithe, Snáithaonaid agus ICT

    Cur Síos ar an Acmhainn agus Cuspóir

Lúthchleasaíocht

 

 

  • Rith in éineacht le páirtí nó le grúpa agus bacainní ísle a thrasnú, luas an reatha a bheith á athrú
  • Na bealaí éagsúla chun léimní a iniúchadh, preabadh den talamh ar chois amháin agus tuirlingt ar dhá chois san áireamh
  • An caitheamh os cionn láimhe (an ga) as seasamh a fhorbairt, agus mála pónairí, liathróid nó ga cúr-rubair á úsáid
  • Tuiscint níos fearr ar luas, neart, rialú agus comhordú luaile a fhorbairt

Damhsa

  • Raon luailí níos casta a chruthú agus a dhéanamh
  • Damhsa an scoláire féin agus damhsa daoine eile a bhreathnú, cur síos a dhéanamh air agus é a phlé

Gleacaíocht

  • Raon gníomhartha gleacaíochta a roghnú agus a nascadh d’fhonn taistil ar an urlár agus ar an bhfearas
  • Luail a bhreathnú, cur síos a dhéanamh uirthi, agus ceisteanna mar gheall uirthi a chur agus a fhreagairt

Cluichí

  • Scileanna láimhsithe liathróide a fhorbairt a thuilleadh agus a leathnú
  • Cluichí a cheapadh agus a fhorbairt i dteannta páirtí nó grúpa beag
  • Rialú na scileanna luaile a bheadh bainteach le cluichí a phlé agus a fheabhsú

Gníomhaíochtaí faoin Aer agus Gníomhaíochtaí Eachtraíochta

  • Raon scileanna rothaíochta a fhorbairt
  • Rialaitheoirí a aimsiú i gclós na scoile, ag baint feidhm as léarscáil nó plean
  • Tabhairt faoi shlí eachtraíochta
  • Gníomhaíochtaí amuigh faoin aer a phleanáil, a bhreathnú, cur síos a dhéanamh orthu agus iad a phlé

Oiliúint uisce

 

  • Contúirtí an uisce a aithint
  • Cleachtaí cothromaíochta, casaidh agus ardaithe láimhe a dhéanamh le snámhán agus gan snámhán
  • Raon béimeanna snámha a fhorbairt
  • Páirt a ghlacadh i súgradh beirte agus grúpa
  • Raon leathan de ghníomhaíochtaí uisce a phlé