CORPOIDEACHAS NA BUNSCOILE

Measúnú sa Chorpoideachas

Bunchuid den phróiseas teagaisc agus foghlama is ea an measúnú sa chorpoideachas, dála réimsí eile den churaclam. Ba cheart go ndéanfaí breithniú ar shaincheisteanna measúnaithe ag leibhéal na scoile agus ba cheart go n-áireofaí na réimsí seo a leanas sa phlé ina leith:

sainaithnítear róil na measúnachta sa churaclam ar leathanaigh 68-74

moltar sa churaclam raon modhanna measúnachta a úsáid chun a chinntiú go ndéantar measúnú ar raon iomlán na gcineálacha cumais sa chorpoideachas agus go ndéantar freastal ar stíleanna foghlama aonair. Seo iad na modhanna measúnachta a mholtar: breathnóireacht an mhúinteora, tascanna a dhearann an múinteoir, agus próifílí curaclaim.

má tá an measúnú chun teagasc an chorpoideachais a chomhlánú, ba cheart go soláthródh sé eolas úsáideach gan cur isteach ar an am teagaisc.

is gá dóibh comhthuiscint a bheith acu ar an teanga a úsáidtear i gclárú na measúnachta chun go mbeidh an cleachtas ar fud na scoile ar aon dul lena chéile

má chinneann an scoil úsáid a bhaint as na gléasanna measúnachta a mholtar sa churaclam, cuirfear eolas ar fáil faoi dhul chun cinn agus gnóthachtáil an linbh agus soláthrófar bunús cumarsáide le múinteoirí eile, le tuismitheoirí agus le daoine eile i bhfearann an oideachais.

Measúnú ar Scileanna Bunghluaiseachta

Tá raon leathan teimpléid mheasúnaithe le haghaidh scileanna bunghluaiseachta ar fáil trí chliceáil ar an nasc thíos: