Comhtháthú le hábhair eile

Níl deireadh leis na deiseanna i dtaca leis an gCorpoideachas a chomhtháthú le réimsí ábhair eile. Is féidir forbairt réimsí eile den churaclam a shaibhriú trí chlár corpoideachais atá leathan cothrom a mhúineadh. Is gá aistriú agus atreisiú na foghlama ó réimse go chéile den churaclam a bheartú chun go mbeidh rath ceart ar an saothar. Tá sé tábhachtach mar sin go ndéanfadh na scoileanna machnamh ar an gcaoi a bhfuil an corpoideachas nasctha le hábhair eile ag gach leibhéal ranga. Agus an Straitéis Litearthachta agus Uimhearthachta á cur i ngníomh, níl deireadh leis na deiseanna i dtaca le comhtháthú na litearthachta agus na huimhearthachta leis an gCorpoideachas.

Cothromas inscne a chothú tríd an gcorpoideachas

Nuair atá an clár corpoideachais á phleanáil, ba cheart riachtanais cailíní agus buachaillí araon, chomh maith leis na nithe is spéis leo, a chur san áireamh ar bhonn cóir. Ba cheart a chinntiú go mbíonn fáil ag cailíní agus ag buachaillí ar chlár cothrom gníomhaíochtaí corpoideachais.

Freastal ar chineálacha cumais difriúla agus ar leanaí ag a bhfuil riachtanais speisialta

Is gá do mhúinteoirí machnamh a dhéanamh ar phleanáil chun freastal ar pháistí ag a bhfuil cineálacha cumais difriúla. Ós cuid den churaclam é an corpoideachas atá riachtanach do na leanaí go léir, ba chóir go gcuirfeadh an clár raon eispéireas atá chomh fairsing agus is féidir ar fáil do gach leanbh. Ba cheart timpeallacht shlán shábháilte a chur ar fáil don chorpoideachas i gcás linbh ag a bhfuil riachtanais speisialta. Ba chóir go mbeadh na dúshláin a chuirfí faoi leanbh an-tréitheach oiriúnach dá leibhéal cumais.

Cleachtais shábháilte sa chorpoideachas

Ní thig le réamhchúraimí sábháilteachta gach riosca a bhaint ach ba cheart go ndíothóidís guaiseacha nach bhfuil call leo. Ba chóir machnamh a dhéanamh ar na pointí seo a leanas:

tá an gaol oibre a chothaíonn an múinteoir leis an rang ar cheann de na tosca is tábhachtaí chun timpeallacht shábháilte foghlama a chruthú

ba cheart go gcuirfí an múinteoir ar an eolas mar gheall ar easláinte leanaí ar leith a d'fhéadfadh cur isteach ar a sábháilteacht le linn ceacht corpoideachais

is féidir le scil agus le heolas an mhúinteora, maille leis an bhfreagracht a mhothaíonn an leanbh, cuidiú le timpistí a sheachaint

is ríthábhachtach do shábháilteacht leanaí go mbíonn an múinteoir feasach ar a n-aois, ar a gcéim foráis agus ar aon riachtanais speisialta atá acu

ba cheart na nósanna imeachta a chleachtfaí sa chás go dtarlódh timpistí le linn ceacht corpoideachais a bheith scríofa sa ráiteas sábháilteachta sa phlean scoile.

ba cheart béim a chur ar dhea-staidiúir a choinneáil i rith na ngníomhaíochtaí uile, rud atá thar a bheith tábhachtach nuair a bhíonn fearas á ardú agus á iompar

Caithfidh leanaí eolas agus tuiscint phraiticiúil a fháil ar aclú agus ar iar-aclaíocht sa chaoi go n-ullmhóidh siad an corp chun aclaíocht a dhéanamh go sábháilte agus go héifeachtach agus go dtiocfaidh siad chucu féin ina dhiaidh sin. Caithfidh na gníomhaíochtaí aclaithe agus iar-aclaíochta a dhéanann na múinteoirí a bheith sábháilte agus taitneamhach.

ba cheart do gach scoil cleachtas cuí gléasta a cheapadh don chorpoideachas. Tá coisbheart oiriúnach thar a bheith tábhachtach. Níor cheart seodra a chaitheamh.

Ba cheart an fearas a úsáidtear i ngach gníomhaíocht a bheith oiriúnach maidir le méid, meáchan agus dearadh d'aois, do neart agus do chumas an linbh. Ba cheart go mbeadh sé ar ardchaighdeán agus go mbeadh dea-bhail air freisin.