SEIMINEÁIR agus CEARDLANNA

Ceardlanna Corpoideachais SFGM

Cuireann ár bhfoireann de Chomhairleoirí Corpoideachais, Láithreoirí Comhlacha agus Éascaitheoirí Áitiúla ceardlanna i láthair go rialta i rith na bliana trí Líonra na nIonad Oideachais.

Fógraíonn Líonra na nIonad Oideachais agus leathanach Twitter SFGM – @PDSTpe na ceardlanna

Scrollaigh anuas chun eolas a fháil faoi cheardlanna atá ag tarlú faoi láthair i do cheantar. Cuir d’áit in áirithe ar cheann de na ceardlanna dhá uair an chloig seo trí chliceáil    anseo

 

GLUAIS GO MAITH, GLUAIS GO MINIC – SEIMINEÁR 3

 

Beidh SEIMINEÁR UM INNIÚLACHT FHISICIÚIL 3 

ar siúl AR FUD NA TÍRE

ón 25 Feabhra 2019

 

Cuir do spás in áirithe ag an seimineár seo trí chliceáil ar an gcnaipe dearg thíos – cuirtear clúdach ionadaí ar fáil do bheirt mhúinteoirí le freastal!

 

 

Ceardlann Chorpoideachais – Scileanna um Theagasc Gleacaíochta sa Chorpoideachas: Teicnící agus Seicheamhú Rollta

Is gné thábhachtach de shnáithe Gleacaíochta an Churaclaim Corpoideachais é an rolladh. Tá sé mar aidhm leis an gceardlann dhá uair an chloig seo inniúlacht agus muinín múinteoirí a fhorbairt chun teagasc a dhéanamh i réimse teicnící rollta agus dul chun cinn sa Ghleacaíocht ag gach leibhéal ranga. 

*ACMHAINN NUA IONTACH*

Cártaí Scileanna Gleacaíochta

Is gné thábhachtach de shnáithe Gleacaíochta an churaclaim corpoideachais é an rolladh. Tá sraith cártaí scileanna forbartha ag Foireann Corpoideachais Bunscoile SFGM le tacú leat teagasc a dhéanamh go sábháilte i réimse teicnící rollta agus dul chun cinn sa ghleacaíocht ag gach leibhéal ranga.

  1. Rolladh Peann Luaidhe/Lomáin
  2. Rolladh Uibhe/Craptha
  3. Rolladh Méise/Droim Stuach
  4. Rolladh Scaradh Gabhail/Béirín
  5. Rolladh James Bond/Gualainne
  6. Rolladh Wonder Woman
  7. Rolladh chun tosaigh
  8. Rolladh ar gcúl (Cúlrolladh)

Cliceáil anseo nó ar an íomhá thuas chun an tsraith cártaí a íoslódáil. Cliceáil ar an gcnaipe dearg thíos le freastal ar cheardlann gleacaíochta SFGM. Chun iarratas a dhéanamh ar thacaíocht gleacaíochta in-scoile, téigh chuig http://pdst.ie.ie/school/register

 

Íoslódáil an bileoigín eolais do Cheardlanna Gleacaíochta anseo...  

Tabhair faoi deara: is ceardlann dhá uair an chloig é seo. Cliceáil ar an gcnaipe thíos chun d’áit a chur in áirithe.

 

 

 

 

Acmhainní Ceardlainne SFGM atá Á nÉascú go Náisiúnta 

Cliceáil ar na teidil thíos chun acmhainní do cheardlanna SFGM a íoslódáil: