Acmhainní Úsáideacha |
---|
Ionad Frithbhulaíochta Lonnaithe in DCU, déanann an tIonad Frithbhulaíochta taighde maidir le bulaíocht i scoileanna, bulaíocht san ionad oibre, bulaíocht homafóbach agus cibearbhulaíocht. |
Gnásanna Frithbhulaíochta Bunscoile agus Iar-Bhunscoile (An Roinn Oideachais agus Scileanna) http://www.education.ie/en/Schools-Colleges/Information/Bullying/Anti-Bu.... |
Barnardos Eagraíocht a chuireann teiripe ar fáil do leanaí a ndearnadh drochúsáid ghnéasach orthu, agus seirbhísí tacaíochta, comhairleoireacht san áireamh, do theaghlaigh agus grúpaí ar chuir sé isteach orthu. 1850 222300 |
Fondúireacht CARI Cuireann Fondúireacht CARI seirbhísí ar fáil d’íospartaigh mhí-úsáide agus do bhaill a gcuid teaghlach nach mbaineann mí-úsáid astu. 1890 924567 |
Líne Chabhrach na Leanaí Seirbhís í seo atá á reáchtáil ag Cumann na hÉireann um Chosaint Leanaí (ISPCC) le haghaidh aon linbh atá i dtrioblóid nó i mbaol. Tá seirbhís thacaíochta téacs ag Líne Chabhrach na Leanaí – seol téacs ‘Talk’ chuig 50101. Tá seirbhís speisialta téacs do dhaoine óga a ndéantar bulaíocht orthu, seol téacs ‘Bully’ chuig 50101. 1800 66 66 66 |
Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta do Chosaint agus Leas Leanaí http://www.dcya.gov.ie/documents/Publications/ChildrenFirst.pdf |
Nósanna Imeachta maidir le Caomhnú Leanaí i mBunscoileanna agus i Scoileanna Iarbhunscoile (An Roinn Oideachais agus Scileanna) http://www.education.ie/en/Schools-Colleges/Information/Child-Protection... post_primary_2011.pdf |
Ionad Éigeandála um Éigniú Bhaile Átha Cliath Cuireann Ionad Éigeandála um Éigniú Bhaile Átha Cliath raon leathan seirbhísí ar fáil do mhná agus d’fhir a gcuireann éigniú, ionsaí gnéis, ciapadh gnéis nó drochúsáid ghnéis le linn a n-óige isteach orthu. Áirítear leis na seirbhísí líne chabhrach 24 uair an chloig. 1800 77 88 88 |
Clár Bunscoile an Gharda Síochána Á chur ar fáil ag na gardaí pobail, mar chuid de Chlár Scoileanna na nGardaí, dírítear na cainteanna um “Chumarsáid Mheasúil ar Líne” ar dhaltaí rang a cúig. Clúdaíonn siad raon leathan topaicí lena n-áirítear cibearbhulaíocht agus sábháilteacht agus slándáil ghinearálta ar líne. Chun rochtain a fháil ar cheann de na cainteanna seo, déan teagmháil le do stáisiún gardaí áitiúil nó le Clár Scoileanna na nGardaí ag 01 6663891. |
Hotline.ie Cuireann an tseirbhís hotline.ie áis gan ainm ar fáil don phobal chun ábhar mídhleathach a fheictear ar an idirlíon a thuairisciú. 1890 610710 |
Líne Chabhrach LADT Cuireann an Líne Chabhrach LADT tacaíocht éisteachta agus seirbhís faisnéise ar fáil do dhaoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha agus trasinscne mar aon lena dteaghlaigh agus a gcairde. Guthán: 1890 929 539 |
Tacaíochtaí um Chosaint Leanaí SFGM do Scoileanna Cuireann SFGM oiliúint ar fáil do Dhaoine Idirchaidrimh Ainmnithe i scoileanna go bliantúil, mar aon le tacaíocht in-scoile. Chun iarratas a dhéanamh ar thacaíocht ionscoile, chun rochtain a fháil ar ábhair thacaíochta i ndáil le pleanáil scoile don Chosaint Leanaí, chun an Clár Bí Sábháilte agus an clár Misneach athbhreithnithe a íoslódáil, nó chun áit a chur in áirithe ar oiliúint um Chosaint Leanaí, tabhair cuairt ar www.pdst.ie |
Ábhair Thacaíochta Frithbhulaíochta SFGM Tá sé i gceist go n-úsáidfí ábhar tacaíochta frithbhulaíochta SFGM i scoileanna le cuidiú leo chun Gnásanna Frithbhulaíochta Bunscoile agus Iar-Bhunscoile na Roinne Oideachais agus Scileanna (2013) a fhorfheidhmiú. |
Bulaíocht Homafóbach agus Thrasfóbach a Chosc: Foilseachán INTO Timpeallacht fháilteach agus dhearfach scoile a chruthú chun bulaíocht homafóbach agus thrasfóbach a chosc. |
One in Four Tacaíonn One in Four le fir agus mná a ndearnadh mí-úsáid ghnéasach orthu agus iad ina leanaí. Tá sé mar aidhm ag an eagraíocht minicíocht na mí-úsáide a laghdú trí idirghabháil a dhéanamh i bpríomhréimsí na timthriallach mí-úsáide. |
Líonra Éigeandála um Éigniú na hÉireann Ionad speisialta faisnéise agus acmhainne is ea Líonra Éigeandála um Éigniú na hÉireann (RCNI) maidir le héigniú agus gach cineál foréigean gnéasach. |
Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) Acmhainní agus ábhair teagaisc le tacú le múinteoirí bunscoile agus scoileanna i bhforbairt beartais OCG agus chun OCG a fhorfheidhmiú i gcomhthéacs an churaclaim OSPS. |
An tSeirbhís Tacaíochta d’Oideachas Speisialta Comhordaíonn, forbraíonn agus seachadann an tseirbhís raon tionscnamh agus struchtúr tacaíochta um fhorbairt ghairmiúil do phearsanra scoile ag obair le scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna príomhshrutha, scoileanna speisialta agus ranganna speisialta. |
An Clár Bí Sábháilte Teach an Droichid, Ospidéal an tSilínghort, Baile Átha Cliath 10. 076 695 5547 |
TUSLA: An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach Tá an phríomhfhreagracht ar an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach chun sábháilteacht agus folláine leanaí a chur chun cinn. Ba cheart an ghníomhaireacht a chur ar an eolas i gcónaí nuair a bhíonn forais réasúnacha ag duine go bhféadfadh mí-úsáid nó faillí a bheith déanta ar leanbh, go bhfuil mí-úsáid nó faillí á déanamh ar leanbh nó go bhfuil leanbh i mbaol mí-úsáide nó faillí. Tá sonraí teagmhála d’oibrithe sóisialta na Gníomhaireachta um Leanaí agus an Teaghlach ar fáil ag: http://www.tusla.ie/services/child-protection-welfare/contact-a-social-w... |
An Clár Misneach Acmhainní seomra ranga le tacú le forfheidhmiú an churaclaim Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS). Dírítear sa chlár seo ar oideachas a chur ar dhaoine óga maidir leis an gcontúirt a bhaineann le mí-úsáid na ndrugaí is coitianta, go háirithe alcól agus nicitín. Leathnaíonn an clár Misneach athbhreithnithe an fócas bunaidh chun gnéithe eile de shaol leanaí a áireamh ann cosúil le sábháilteacht agus forbairt phearsanta i dtreo caithreachais. |
Webwise Is é Webwise Ionad na hÉireann um Fheasacht ar Shábháilteacht Idirlín. Cuireann sé acmhainní teagaisc agus comhairle ar fáil maidir le hábhair um shábháilteacht idirlín, lena n-áirítear cibearbhulaíocht agus na meáin shóisialta. |