Go traidisiúnta nuair a smaoiníomar ar litearthacht smaoiníomar ar na scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta; ach sa lá atá inniu ann leis an tuiscint atá againn ar an litearthacht tá i bhfad níos mó i gceist ná sin. Is é atá i gceist sa litearthacht ná an cumas le bheith in ann na cineálacha éagsúla den chumarsáid a léamh, a thuiscint agus léirthuiscint chriticiúil a bheith againn dóibh, an teanga labhartha, téacs clóite, na meáin chraolta, agus na meáin dhigiteacha ina measc.