Is cur chuige bunaithe ar an mbunscoil i leith mí-úsáid leanaí a chosc é an Clár um Chosc ar Mhí-Úsáid Páistí (Bí Sábháilte). Is é aidhm an chláir an baol a bhaineann le mí-úsáid leanaí agus le bulaíocht a mhaolú trí chlár oideachais um shábháilteacht phearsanta a sholáthar do leanaí bunscoile, trí fhorbairt ghairmiúil a sholáthar do mhúinteoirí, trí oiliúint a sholáthar do Bhoird Bainistíochta agus trí sheisiúin faisnéise a sholáthar do thuismitheoirí.
Is clár scileanna um shábháilteacht phearsanta é an clár Bí Sábháilte do leanaí bunscoile, ó na naíonáin shóisearacha go dtí rang 6. Is é aidhm an chláir cur le scileanna féinchosanta na leanaí trí rannpháirtíocht i gceachtanna ar chásanna sábháilte agus baolacha, ar bhulaíocht, ar theagmháil mhíchuí, ar rúin agus ar an mbaol ó strainséirí.
Is é aidhm an chláir na scileanna cuí a thabhairt do leanaí a chuirfidh ar a gcumas mí-úsáid agus íospairt a aithint agus cur ina n-aghaidh agus múineann sé dóibh gur cheart a rá le duine fásta atá in ann cabhair a thabhairt dóibh i gcónaí, má tharlaíonn aon rud a mheasann siad a bheith baolach, a chuireann isteach orthu, a dhéanann bagairt orthu, a bhíonn contúirteach nó a mbaineann mí-úsáid leis.
Cuirtear an clár athbhreithnithe Bí Sábháilte i láthair ar cheithre leibhéal de réir Churaclam na Bunscoile. Scrollaigh síos chun na lámhleabhair theagaisc a íoslódáil agus chun teacht ar acmhainní teagaisc do gach leibhéal.
*Tá láithreoireacht SFGM – Bí Sábháilte agus Misneach – a rinneadh ag na seimineáir ar fáil anois. Scrollaigh go bun an leathanaigh chun an láithreoireacht a fheiceáil nó a íoslódáil.*
Bí Sábháilte – Ranganna na Naíonán
Bí Sábháilte – Rang a hAon agus Rang a Dó
Bí Sábháilte – Rang a Trí agus Rang a Ceathair
Bí Sábháilte – Rang a Cúig agus Rang a Sé
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
---|
Íoslódáil: Láithreoireacht ó na Seimineáir: Bí Sábháilte agus Misneach
Sonraí teagmhála:
An Clár um Chosc ar Mhí-Úsáid Páistí,
Teach an Droichid,
Ospidéal an tSilínghort,
Baile Átha Cliath 10,
Éire
Guthán: 076-6955547
Ríomhphost: staysafe@pdst.ie
Attachment | Size |
---|---|
![]() | 512.19 KB |
![]() | 2.68 MB |