Bí Sábháilte – Múinteoirí

An Clár Bí Sábháilte a Theagasc

Ba cheart An Clár Bí Sábháilte a theagasc ina iomláine thar scoilbhliain amháin. Leanann gach topaic ar an bhfoghlaim ón topaic roimhe sin. Ba cheart do mhúinteoirí, dá bhrí sin, a chinntiú go múintear ábhair i ndiaidh a chéile, ag tosú le Topaic 1 suas go dtí Topaic 5.

 

Tá an Clár Bí Sábháilte curtha in oiriúint ó thaobh forbartha de agus tá ceithre shraith ceachtanna ann atá feiliúnach do Ranganna na Naíonán, Rang a hAon agus Rang a Dó, Rang a Trí agus Rang a Ceathair agus Rang a Cúig agus Rang a Sé.   Tá an cur chuige seo oiriúnach do struchtúr an churaclaim OSPS. Tá na pleananna ceachta roinnte i gcúig Topaic Bí Sábháilte:

  • Ag Mothú Sábháilte agus Neamhshábháilte
  • Cairdeas agus Bulaíocht
  • Tadhaill
  • Rúin agus Insint
  • Strainséirí

 

Tá na ceachtanna sa Chlár Bí Sábháilte bíseach, áit a dtéitear siar ar ábhar atá cosúil lena chéile ag gach leibhéal agus go ndeartar na próisis, cuir chuige agus an fhaisnéis a úsáidtear chun riachtanais na leanaí ag an tráth áirithe sin agus ag na céimeanna áirithe sin dá bhforbairt a léiriú.  Cliceáil ar na híomhánna thíos chun rochtain a fháil ar an Treoir do Mhúinteoirí agus na hAcmhainní Teagaisc le haghaidh gach leibhéal ranga. 

 

Treoir do Mhúinteoirí agus Pleananna Ceachta Acmhainní Breise Teagaisc

 

 

 

Ábhar an Chláir Bí Sábháilte Athbhreithnithe