Forbairt

 

 

 

Clár do cheannairí scoile a bhfuil taithí acu atá in Forbairt: an Príomhoide agus an Leas-Phríomhoide ag iarraidh forbairt ghairmiúil a bhaint amach ina róil cheannaireachta.

 

Tá dearadh an chláir bunaithe ar phróiseas Foghlama Gníomhaíochta lena gcuirtear ar chumas gairmithe foghlaim agus forbairt a dhéanamh trí leas a bhaint as a dtaithí agus machnamh a dhéanamh uirthi i gcomhluadar a bpiaraí agus iarracht á déanamh acu dul i ngleic le fadhbanna óna saol féin ina n‑eagraíocht féin. Gintear an fhoghlaim ó idirghníomhaíochtaí daonna ag éirí as cuir chuige dírithe ar réitigh i leith fadhbanna oibre fíor-ama ón saol. I rith na bliana, tagann na rannpháirtithe le chéile le haghaidh cúrsaí cónaithe dhá lá, cúrsaí lae, agus roinnt cruinnithe de ghrúpaí beaga an Phobail Foghlama Gníomhaíochta*. Cuirtear tacaíochtaí ar fáil i rith na bliana faoi mar a thugann na rannpháirtithe faoi thionscnamh scoile a chur i bhfeidhm, machnamh a dhéanamh air, agus aiseolas a fháil ina leith. Tá samplaí de thionscnaimh ar tugadh fúthu le fáil sa chuid ‘Tionscadail Fhorbairt’ ar an suíomh gréasáin seo.

 

Téann Forbairt go mór i bhfeidhm ar ár n-inniúlacht cheannaireachta. Thug grúpa príomhoidí agus leas-phríomhoidí ó Chorcaigh an t-aiseolas seo a leanas nuair a fiafraíodh dóibh céard a d’éirigh leo a dhéanamh i rith na bliana le dul i gcion ar an bhfoghlaim ina scoil féin.

*Is féidir eochairphrionsabail na bpobal foghlama gníomhaíochta a achoimriú mar seo a leanas:

  • Is í an ghníomhaíocht phearsanta an bonn don fhoghlaim
  • Dírítear ar fhadhbanna fíora comhthéacsúla i do scoil féin
  • Úsáidtear léargas ceistiúcháin, atá bunaithe ar an smaointeoireacht mhachnamhach dírithe ar spriocanna, mar mheán don fhoghlaim.
  • Iniúchadh comhoibríoch (sóisialta) atá ann  (gníomh sóisialta atá san fhoghlaim ar fad)
  • Tá torthaí foghlama éiritheacha i gceist

(Fox 2009; Simpson agus Bourner 2007; Pedler, Burgoyne agus Brook 2005; Rigg agus Trehan 2004)

 

Léargas Ginearálta:

Féachtar ar an ábhar seo a leanas ar chúrsa Fhorbairt:

Tá na gnéithe seo a leanas i gclár Fhorbairt:

  • Freastal ar dhá mhodúl chónaitheacha (ceann i dTéarma 1 agus ceann i dTéarma 3, le trí mhodúl aon lae idir eatarthu)
  • Freastal ar thrí mhodúl a mhaireann lá amháin (roimh bhriseadh meántéarma Téarma 1, roimh bhriseadh meántéarma Téarma 2, tar éis briseadh meántéarma Téarma 2)
  • Páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht scoilbhunaithe i rith na bliana
  • Páirt a ghlacadh i bPobal Foghlama Gníomhaíochta a thagann le chéile trí huaire le linn na bliana i do cheantar féin.
  • Cuairt scoile amháin ó Phearsanra SFGM le tacú le do cheannaireacht ar an ngníomhaíocht scoilbhunaithe

 

 

Ceisteanna coitianta:

An gcuirtear ionadaithe ar fáil d’Fhorbairt?

Faigheann. Bíonn ionadaithe ar fáil do leas-phríomhoidí agus príomhoidí teagaisc do na laethanta Forbairt ar fad.

An féidir leis an bpríomhoide páirt a ghlacadh in Forbairt gan an leas-phríomhoide, nó vice versa?

Ní féidir. Bíonn ar an bpríomhoide agus ar an leas-phríomhoide cur isteach ar an gcúrsa le chéile.

 

Teistiméireachtaí:

“Bhaineamar taitneamh agus tairbhe as a bheith ag obair le chéile mar Phríomhoide agus mar Leas-Phríomhoide i gcomhthéacs Fhorbairt. Mar fhoireann, braithimid i ndáiríre go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh againn le chéile. Míle buíochas as an deis sin a chur ar fáil.”

“Cúrsa den chéad scoth ab ea Forbairt - dearbhaíonn sé rudaí i réimsí áirithe, ach tá ábhar machnaimh agus dúshláin ann i réimsí eile. Is fiú go mór tabhairt faoi na tionscadail. Bhí an-rath ar na grúpaí gnímh áitiúla freisin - comhroinnt éifeachtach agus comrádaíocht dheas”

“An-deis foghlama a bhí in Forbairt, agus bhí deis ann an caidreamh idir mé féin agus an príomhoide a fhorbairt. Deis a bhí ann freisin aithne a chur ar ghairmithe eile agus eolas a chur ar chomhthéacsanna scoile éagsúla. Bhí léargais mhaithe sna tionscadail ar an gcaoi a mbíonn scoileanna á reáchtáil agus ar an gcaoi a mbíonn cásanna éagsúla á láimhseáil ag ceannairí éagsúla. Taithí an-tairbheach a bhí ann ar an iomlán, agus deis chun mé féin a fhorbairt mar cheannaire.”

“Is iontach an coincheap é an dea-chleachtas a chomhroinnt. B’fhéidir go n-éiríonn le scoileanna é sin a dhéanamh laistigh dá bhfoireann féin, is annamh a bhíonn deis ann comhroinnt le foirne ceannaireachta i scoileanna eile, faoi mar a dhéantar in Forbairt. Bheadh clár ag leanúint ón gcúrsa an-mhaith agus an-tairbheach.”

“Clár spreagúil atá i gclár iomlán Fhorbairt. Tá fuinneamh nua ionam agus neart smaointe nua agam. Tá sé chomh cabhrach céanna le comhdháil an IPPN, agus is mór an ní é sin le rá! Buíochas mór. Bail ó Dhia ar an obair agus go leanfaidh sé"