Acmhainní Curaclaim
Baineann an Tíreolaíocht le staidéar ar an domhan agus a atmaisféar, agus ar ghníomhaíocht dhaonna agus mar a imríonn an ghníomhaíocht dhaonna tionchar ar an domhan agus a atmaisféar agus mar a imríonn siadsan tionchar ar an ngníomhaíocht dhaonna. Áirítear leis sin scaipeadh daonraí agus acmhainní, úsáid talún agus tionscail. Trína staidéar ar an tíreolaíocht, forbraíonn an scoláire tuiscint ar na caidrimh athraitheacha idir an domhan fisiciúil agus an domhan daonna, chomh maith le scileanna tíreolaíocha a chuideoidh leis breith eolacha a dhéanamh faoi shaincheisteanna ag leibhéil áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Acmhainní Curaclaim na Sraithe Sinsearaí |
---|
Féadfar staidéar a dhéanamh ar thíreolaíocht na hArdteistiméireachta ag Gnáthleibhéal nó Ardleibhéal. Tá an cúrsa seo roinnte ina chroí-aonaid, toghaonaid agus roghaonaid staidéir. Déanann scoláirí gnáthleibhéil staidéar ar gach croí-aonad agus ar thoghaonad amháin. Déanann scoláirí ardleibhéil staidéar ar gach croí-aonad, ar thoghaonad amháin agus ar roghaonad amháin.
|
Croí-aonaid
|
Toghaonaid
5. Patrúin agus próisis i gcomhshaol an duine |
Roghaonaid
|