Nuatheangacha na Sraithe Sinsearaí – ICT agus Foghlaim

 

 

ICT agus Foghlaim

 

 

 


Chonacthas méadú suntasach le blianta beaga anuas ar raon agus ar chaighdeán an ábhair atá ar fáil ar líne, agus trí mheáin leictreonacha eile, le tacú le teagasc na Cuntasaíochta. 

Is féidir na suíomhanna gréasáin seo a leanas a úsáid chun roinnt de na cuir chuige fhéideartha a fhiosrú chun foghlaim an scoláire a fheabhsú sa seomra ranga trí acmhainní idirlín ar leith, nó acmhainní leictreonacha eile, a úsáid.

Tá sé tábhachtach go nascfar na hacmhainní ar fad a úsáidtear sa seomra ranga le cuspóirí siollabais agus go gcuirfear in oiriúint iad do riachtanais foghlama na scoláirí éagsúla. 

 

Suíomhanna gréasáin le tacú le teagasc agus foghlaim na Cuntasaíochta      

Treoracha

 

Studystack

Uirlis Web 2.0 saor in aisce is ea Study Stack a chuidíonn le scoláirí eolas a chur de ghlanmheabhair ar bhealach spraíúil agus mealltach. Féadfaidh an scoláire agus an múinteoir a spléach-chártaí féin a chruthú nó roinnt de na milliúin spléach-chártaí atá cruthaithe cheana a úsáid. I gcomhair gach sraith spléach-chártaí a iontráiltear, gineann suíomh gréasáin StudyStack go huathoibríoch os cionn dosaen bealach don scoláire le staidéar a dhéanamh agus dul siar ar an ábhar is gá dó a fhoghlaim, chun an leadrán a ísliú. Féadfaidh múinteoirí freisin ábhar a chur isteach uair amháin agus cruthófar os cionn dosaen gníomhaíochtaí éagsúla dá scoláirí.

Studystack
Padlet

Uirlis ar líne saor in aisce is ea Padlet a ndéantar cur síos air mar chlár fógraí ar líne. Féadfaidh an scoláire agus an múinteoir Padlet a úsáid chun nótaí a phostáil ar leathanach comónta. Féadfar naisc, físeáin, íomhánna agus comhaid cháipéis a chur sna nótaí a phostálann múinteoirí agus scoláirí.

Padlet
Animoto

Is fearr le foghlaimeoirí digiteacha pictiúir, fuaimeanna, dathanna agus físeán a phróiseáil, seachas oibriú le téacs statach. Uirlis Web 2.0 is ea Animoto a éascaíonn é sin. Féadfar é a úsáid chun stór focal agus tuiscint ar thopaicí casta a fheabhsú, coincheapa a nascadh agus tuiscint níos fearr a fhorbairt do scoláirí. Ceadaíonn Animoto d’úsáideoirí físeáin atá taitneamhach ar na súile agus a gcuimhneofar orthu agus is féidir a chruthú go tapa nuair a bhíonn an t-ábhar ar fáil.

 

Animoto
Ciúb Ceisteanna

Uirlis idirghníomhach ar líne is ea an cruthaitheoir Cube. Tá ceithre theimpléad ciúib, a bhfuil ceisteanna/topaicí réamhshainithe ag trí cinn díobh ar aghaidheanna an chiúib, agus ceadaíonn siad don úsáideoir freagraí a chur le ceisteanna. Ceadaíonn an ceathrú ciúb don úsáideoir a cheisteanna/thopaicí féin a chur leis. Is féidir an ciúb a rothlú ar an scáileán agus a phriontáil mar fhorbairt. Is féidir an fhorbairt a phriontáil agus a ghreamú le chéile chun ciúb soladach a dhéanamh.

Ciúb Ceisteanna
Amlíne Idirghníomhach

Ceadaíonn Timeline don scoláire amlíne a chruthú, nó léiriú grafach d’imeacht nó de phróiseas, trí mhíreanna a thaispeáint go seicheamhach feadh líne. Is féidir amlínte a eagrú de réir am den lá, dáta nó imeachta, agus ceadaíonn an uirlis d’úsáideoirí lipéad a chruthú le téacs tuairisciúil gearr nó fada. Bíonn amlíne níos tarraingtí i dtaobh amhairc de má chuirtear íomhá ar gach lipéad.

Cuir míreanna leis, tarraing iad agus athshocraigh iad de réir mar is gá. Ceadaíonn an cumas sábhála don scoláire filleadh ar a chuid oibre agus leasuithe a dhéanamh, agus féadfaidh sé an leagan deiridh a roinnt trí ríomhphost.

 

 

Socrative 

 

Uirlis éasca le húsáid chun measúnuithe a chur le chéile agus chun torthaí a fheiceáil mar
a tharlaíonn sé chun teagasc a fheabhsú agus chun cuidiú le foghlaim an scoláire. 

Socrative
Edmodo

Ardán foghlama sóisialta saor in aisce do mhúinteoirí, scoláirí agus tuismitheoirí is ea Edmodo. Cuireann sé bealach sábháilte agus éasca ar fáil don scoláire agus don mhúinteoir chun smaointe a mhalartú, ábhar nó eolas a roinnt agus rochtain a fháil ar obair baile.

Edmodo

Blend

Space

Bealach éasca is ea Blendspace chun do sheomra ranga a chumasc le hábhar digiteach.  Aimsigh ábhar ar líne (físeáin, íomhánna, PDFanna, cáipéisí Google), cuir leis agus roinn é go héasca. Féadfaidh an scoláire tuairimí a thabhairt nó nótaí a ghlacadh le taobh an ábhair.

Blendspace
Educanon

Timpeallacht foghlama ar líne is ea Educanon chun ceachtanna físe idirghníomhacha a chruthú agus a roinnt. Tosaíonn múinteoirí le haon ábhar ó fhíseáin ar YouTube, Vimeo nó TeacherTube agus iompaíonn siad é ó ábhar atá éighníomhach go traidisiúnta go taithí ghníomhach don scoláire. Trí ghníomhaíochtaí a dtéann an scoláire i ngleic leo a nascadh le ham de réir mar a théann an físeán ar aghaidh, gearrtar an t-ábhar ina chomhábhair is féidir a thógáil isteach go héasca chun rannpháirtíocht an scoláire a mhéadú.

Educanon

 

Nuair a chomhtháthaítear ICT sa seomra ranga Nuatheangacha Iasachta feabhsaítear rannpháirtíocht an scoláire agus tacaítear le foghlaim stuama na teanga. Gheobhaidh tú treoracha anseo ar conas cuid de na huirlisí gréasáin is áisiúla a úsáid. Lean na naisc thíos chuig an uirlis ghréasáin ba mhaith leat a thriail!

 

Animoto

 

Edmodo

 

Freerice

 

Padlet

 

Quizlet

 

Socrative i gcomhair AfL