AN TSRAITH SHINSEARACH – Eolaíocht Talmhaíochta - LITEARTHACHT

 
 

 

Litearthacht
 

 
 

 

Litearthacht 

Forbairt Stór Focal in Eolaíocht

 

Tá níos mó ag teastáil i bhforbairt stór focal eolaíochta ná focail a chur de ghlanmheabhair mar straitéis teagaisc toisc nach dtagann ach gnóthú eolais gearrthéarmach as sin. Ós rud é gurb é gnóthú eolais fadtéarmach ar stór focal an rud atá ag teastáil ar mhaithe le foghlaim, ní mór teagmháil a bheith ag daltaí le focail nua eolaíochta sé huaire ar a laghad i gcomhthéacsanna éagsúla ("Learning Vocabulary Through Reading," American Educational Research Journal, Imleabhar 21 Eagrán 4, 1984).

Áirítear iad seo a leanas le samplaí de theagmháil le focail eolaíochta i gcomhthéacsanna éagsúla:

  • Léitheoireacht
  • Cairteacha A-U-F
  • Físeáin
  • Gníomhaíochtaí teagmhálacha
  • Míniú a dhéanamh i dtéarmaí na ndaltaí féin
  • Míniú a dhéanamh trí léaráidí agus léirithe a úsáid
  • Liostaí Stór Focal

Acmhainní Ginearálta don Litearthacht

 

Mata Boird

Acmhainní Eile

Is féidir le daltaí a “leabhar beag” féin de shainmhínithe agus d’fhocail eolaíochta a dhéanamh do thopaic ar leith

 

Treoracha le Leabhar Beag a Dhéanamh  

Leabhar Beag a Dhéanamh Word PowerPoint PDF

Eagraithe Grafacha

Is fiú míle focal pictiúr.”

 Nuair atá daltaí ag plé le coincheapa nua, is féidir le samhail nithiúil nó le heagraí grafach a bheith mar chabhair shármhaith theagaisc agus foghlama. De ghnáth, is éard atá i samhail nithiúil/in eagraí grafach ná foirm leathanaigh ina bhfuil spásanna bána ar féidir leis an dalta smaointe agus faisnéis a líonadh isteach iontu. Féadann roinnt eagraithe a bheith an-sainiúil agus féadtar cinn eile a úsáid le cuid mhór topaicí. Tugann an t-eagraí grafach dóigh eile do dhaltaí faisnéis a fheiceáil.

 Cén fáth a n-oibríonn siad?

 Cailltear fíricí randamacha go mear. Mar sin féin, níl teorainn le cumas na hinchinne pictiúir a stóráil. Toisc go ndéanann an inchinn faisnéis a chur le chéile, comhlánaíonn an t-eagraí grafach an dóigh a n-oibríonn an inchinn go nádúrtha.

 Cén uair a oibríonn siad?

 Beidh eagraithe grafacha ina mbuntáiste do dhaltaí agus faisnéis nua á tabhairt dóibh. Is féidir iad a úsáid chun ransú smaointe, seicheamhú agus cur in eagar a dhéanamh. I rith léitheoireachta agus éisteachta, ba cheart spreagadh a thabhairt do dhaltaí faisnéis nua a chur in eagar go grafach.  
Is féidir le hEagraithe Grafacha cabhrú le litearthacht a fheabhsú. Tá eagraithe grafacha ón SFGM ar fáil anseo. Is féidir iad a phriontáil amach agus a thabhairt do dhaltaí nó is féidir iad a úsáid mar shleamhnáin PowerPoint is féidir a líonadh isteach ar an ríomhaire. Tá samplaí ann freisin d’eagraithe eolaíochta a líonadh isteach roimhe seo chun roinnt smaointe a thabhairt duit.

 Eagraithe Grafacha is féidir a Phriontáil Amach

Eagraithe Grafacha i bhfoirm PowerPoint

Samplaí d’Eagraithe Grafacha d’Eolaíocht Talmhaíochta

C-Nótaí

Cineál eagraí ghrafaigh atá úsáideach le húsáid le daltaí Ardteistiméireachta is ea C-Nótaí.  Comhcheanglaíonn C-Nótaí dhá mhodh aithnidiúla chumhachtacha:   Nótaí SQ3R agus Nótaí Cornell.   Tugtar  “C-Nótaí”  orthu toisc go scríobhann daltaí  Ceisteanna in imeall na láimhe clé. Nuair atá ullmhú do Quiz nó dul siar á dhéanamh ag daltaí , feidhmíonn na Ceisteanna mar leideanna chun na nithe ba chóir a bheith ar eolas  acu a chur i gcuimhne dóibh.   Nuair atá na nótaí seo á n-úsáid acu mar áiseanna staidéir,  is féidir le daltaí imeall ar dheis an pháipéir a fhilleadh le go mbeidh sé comhthreomhar leis an líne poncanna.   Is féidir leo  ceisteanna a fheiceáil ansin sa C-cholún agus is féidir leo iad sin a úsáid mar uirlis féinmheasúnaithe.

Teimpléad do C-Nótaí

 

Suíomhanna Idirlín chun feabhas a chur ar Litearthacht

puzzlemaker Is féidir cuid mhór cineálacha éagsúla puzail a dhéanamh
wordlearner Crosfhocail, cuardaigh focal, biongó, meaitseáil agus tuilleadh
cuardaigh focal Do chuardach focal féin a dhéanamh
pppst Íomhánna agus smaointe maithe matamaitice
IXL Suíomh idirghníomhach dul siar le haghaidh matamaitice – clúdaíonn sé na topaicí go léir
Quizlet Luaschártaí, Cluichí agus Scrúdú
Studystack Luaschártaí, Meaitseáil, Crosfhocail, Scrúdú, Quiz
Wordle Do Néal Focal féin a chruthú
Tagxedo Do Chruth Focal féin a chruthú
Ciúb Ceisteanna Ciúb ceisteanna a chruthú trí úsáid a bhaint as Tacsanomaíocht Bloom

 

Teimpléid Bhiongó

Nathracha is Dréimirí

Is féidir Nathracha is Dréimirí a imirt agus úsáid á baint as ceann ar bith de na tacair cheisteanna a dhéanann tú. Ní gá ach na ceisteanna a phriontáil ar chárta nó, mura dtaitníonn gearradh cárta leat, déan iad a phriontáil ar lipéid agus a ghreamú de luaschártaí! Is féidir na cártaí ceisteanna céanna a úsáid le haghaidh biongó agus Nathracha is Dréimirí araon. Péire ar leathphraghas. Nach luach maith é sin!

Beidh ort an bord nathracha is dréimirí a phriontáil ansin. Déan an teimpléad thíos a íoslódáil agus a lannú. Tá sé go breá i bhfoirm A4 ach beidh ort na licíní beaga a úsáid. Priontáil i bhfoirm A3 má tá fáil agat ar phrintéir A3.

Teimpléad do Nathracha is Dréimirí

Teimpléid iQuiz

Teimpléad 1
Teimpléad 2
Teimpléad 3
Teimpléad 4

Straitéisí Eile le Stór Focal Eolaíochta a Theagasc

 Cuir cuid mhór ama ar leataobh le haghaidh díospóireachta

·          Díospóireacht i measc na ndaltaí

·          Díospóireacht idir daltaí agus an múinteoir

·          Díospóireacht ranga

Faisnéis bhreise éisteachta a bhfuil leideanna amhairc ag gabháil leo

·         bain úsáid as líníochtaí, as léaráidí agus as pictiúir

·         tabhair treoracha scríofa  agus treoracha ó bhéal

·         leag samplaí síos chun treoracha scríofa saotharlainne a fhorlíonadh

·         bíodh treoracha clóstéipeáilte mar aon le treoracha scríofa agat

·         pictiúir agus focail i gcéimeanna modhanna saotharlainne is féidir le daltaí a chur in ord

Téacschártaí Eolaíochta

·         Fíor/Bréagach

·         Péirí a Mheaitseáil

·         Seicheamhú

·         Rangú

Bunachair Focal

·         Póstaeir eochairfhocal

·         Liostaí Eochairfhocal

·         Ballaí focal

Cluichí focal

·         An Crochadóir

·         Pictionary

·         Biongó

·         An ceann corr

·         Cad atá ionam?

Codanna focal

Is féidir le múinteoirí struchtúr na bhfocal a athdhaingniú de réir mar a dhéanann daltaí réimíreanna, iarmhíreanna, bunfhocail agus ciall na bhfocal a aithint:

  • fótaisintéis  — fóta (solas), sint (déan), éis (próiseas)

Ilchialla

Is féidir le focail lena bhfuil ilchialla mearbhall a chur ar dhaltaí atá líofa i dteanga ar bith. Tá siad deacair d’fhoghlaimeoirí teanga go háirithe. Tá sé tábhachtach na cialla sin a phlé le daltaí. Déantar dochar don tuiscint atá ag daltaí nuair a mheasctar sainmhínithe coitianta lena gciall san eolaíocht. Mar shampla, in úsáid choitianta, ciallaíonn “teoiric” tuaileas. In eolaíocht, áfach, is ionann “teoiric” agus míniú dea-bhunaithe ar an domhan nádúrtha atá bunaithe ar fhianaise eimpíreach iontaofa.