Naisc
Cé go ndéanaimid gach iarracht a chinntiú gur cruinn agus ábhartha atá naisc, ní ghlacann SFGM freagracht as leathanaigh atá á gcoinneáil ag soláthraithe seachtracha. Cuirtear naisc ar fáil mar acmhainn do mhúinteoirí agus tá sé mar fhreagracht ar an úsáideoir teacht ar a thuairimí féin maidir le cruinneas, ábharthacht, iontaofacht agus beachtas na faisnéise atá ar shuíomhanna Idirlín a bhfuil nasc chucu. Níor cheart a mheas gurb ionann naisc le suíomhanna Idirlín seachtracha agus formhuiniú nó moladh a thugann SFGM d’aon táirgí nó seirbhísí tríú páirtí a thairgtear de bhua aon fhaisnéise, ábhair nó inneachair atá nasctha ón suíomh Idirlín seo nó leis an suíomh Idirlín seo.
Suíomh Idirlín na hAmharclainne Náisiúnta. Tá acmhainní úsáideacha do mhúinteoirí le fáil sa Rannán For-Rochtana/Oideachais, agus is féidir iad seo a úsáid chun anam a chur sa drámaíocht sa Seomra Ranga Béarla | Amharclann na Mainistreach |
Suíomh breá eile i gcibearspás. Suíomh nuachta agus léirmheasanna a bhfuil naisc le cuid mhór de na príomhnuachtáin agus de na príomhirisí ar domhan air. Ciste fionnta acmhainní teanga. | Aldaily |
Is dea-shuíomh tagartha é seo a bhfuil 2000 téacs, treoir staidéir agus acmhainn tagartha saor in aisce le fáil air. Tá saoráid chuardaigh fhairsing aige. | Bibliomania |
Carthanas atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe is ea Booktrust a spreagann daoine de gach aois agus de gach cultúr léitheoireacht a aimsiú agus taitneamh a bhaint aisti. Tá léirmheasanna fairsinge aige ar leabhair ficsin do dhaoine fásta óga. | Booktrust |
Cuimsíonn suíomh Idirlín Leabhair Pháistí Éireann faisnéis maidir le foilseacháin agus le himeachtaí, agus dea-naisc le suíomhanna ábhartha eile. | Leabhair Pháistí Éireann |
Tá nasc lena clár oideachais ar shuíomh Idirlín Institiúid Scannán na hÉireann, agus tá sonraí maidir le taispeáintí agus treoirleabhair ar fáil air do staidéar scannán an Teastais Shóisearaigh, na hIdirbhliana agus na hArdteistiméireachta. | IFI – Institiúid Scannán na hÉireann |
Is é aidhm shuíomh Idirlín an INOTE nasc a chur ar fáil do gach múinteoir Béarla ar fud na tíre lena mbrainsí áitiúla agus, go deimhin, lena chéile. Trí smaointe múinteoirí, trí acmhainní, agus níos tábhachtaí fós, trí thaithí a chomhroinnt. | INOTE – Eagraíocht Náisiúnta na hÉireann do Mhúinteoirí Béarla |
Ar shuíomh Idirlín an IILT, tugtar sonraí maidir lena sheirbhísí tacaíochta le haghaidh foghlaimeoirí Béarla agus múinteoirí Béarla do chainteoirí teangacha eile | Integrate Ireland Language & Training |
Déanann an suíomh seo gach a bhfuil luaite ina ainm! Tá beagnach gach rud a bhaineann le scríbhneoirí agus le scríbhneoireacht in Éirinn i gceist leis seo, go díreach nó trí naisc. | Irish Writers Online |
Tá cuid mhór acmhainní agus nasc ar shuíomh Idirlín fheachtas Náisiúnta Léitheoireachta na Breataine. | Literacy Trust |
Rud lena mbaineann spéis ar leith is ea an Suíomh Idirlín Gníomhaíochta ar Theagasc agus ar Fhoghlaim. | CNCM – an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta |
Acmhainn den scoth le haghaidh teagasc filíochta, atá á riar ag an Poetry Society sa Ríocht Aontaithe chun cabhrú le múinteoirí anam a chur san fhilíocht sa seomra ranga. Raon leathan de cheardlanna filíochta in-íoslódáilte. | Rang Filíochta |
Ar shuíomh Idirlín Éigse Éireann tá sonraí faoin scéim Scríbhneoirí i Scoileanna, faoi na scéimeanna Cónaithe do Scríbhneoirí i Scoileanna, faoi chomórtais do dhaltaí, agus faoi chúrsaí inseirbhíse. | Éigse Éireann |