Nuacht
Foghlaim Bunaithe ar Fhiosrú |
---|
Teoiric na hOllphléisce – Tonnta Imtharraingthe Braite
Níl aon bhealach againn chun eolas a bheith againn go díreach ar ar tharla 13.8 billiún bliain ó shin, nuair a phléasc ár gcruinne ina bheatha. Ach d’fhógair eolaithe Dé Luain go ndearnadh fionnachtain nua sa tuiscint ar an gcaoi ar tháinig an domhan mar atá aithne againn air ina bheatha.
Má éiríonn leo an fhionnachtain a chruthú, fianaise a bheidh ann ar an gcaoi ar fhairsingigh an chruinne go tapa níos lú ná trilliún de shoicind tar éis na hOllphléisce.
Diúscairt Substaintí Radaighníomhacha
Tá fardal de na hábhair radaighníomhacha i ngach Iar-bhunscoil á bhunú ag Aonad Forbartha Curaclaim CDETB thar ceann na Roinne Oideachais agus Scileanna agus ar mholadh ó RPII. Ba cheart do gach scoil, cuma má tá ábhair radaighníomhacha acu nó nach bhfuil, logáil isteach agus an suirbhé ar líne a dhéanamh anseo http://www.surveymonkey.com/s/doram leis an bpasfhocal disactice13 a luaithe agus is féidir. Ní bheidh an deis seo chun ábhair radaighníomhacha a bhaint ar fáil ach ar feadh tréimhse theoranta. Beidh ar aon scoil nach mian léi a n-ábhair radaighníomhacha a dhiúscairt faoin tionscnamh seo de chuid na Roinne, de bharr fhorfheidhmiú Threoir Chomhairle an AE 2011/70/EURATOM, íoc as na táillí diúscartha as a gcistí féin.
Seol ríomhphost chuig aidan.clifford@cdu.cdetb.ie le haghaidh tuilleadh eolais. Guthán: 01-4989500 Fón Póca: 087-2908537