Nuacht
Comórtas CanSat na hEorpa 2014
Tá ESERO Ireland ag glaoch ar dhaltaí meánscoile timpeall na tíre le foireann a chlárú do chomórtas CanSat na Eorpa 2014. Is é an dúshlán atá ann CanSat nó mionroicéad a thógáil – ionsamhlú d’fhíorshatailít atá comhtháite laistigh de channa dí. Beidh craobh náisiúnta an chomórtais ar siúl an 22 Márta i gCaisleán Bhiorra.
Is féidir tuilleadh sonraí a fháil anseo
Quizzem: Cluiche oideachasúil nua, arna dhearadh ag an Múinteoir Eolaíochta Éireannach, Niamh Parkinson
Dearadh Quizzem chun dul siar le haghaidh scrúduithe a dhéanamh níos éasca agus spraíúil freisin! Bunaithe ar chluiche boird traidisiúnta, bogann imreoirí timpeall ar bhord fíorúil trí cheisteanna a fhreagairt i gceart. Bíonn an bua ag an gcéad duine a chríochnaíonn.
Is é an príomhsmaoineamh taobh thiar de Quizzem foghlaim chomhoibríoch a chur chun cinn agus ‘foghlaim le chéile’ a éascú. Tá sé dírithe go sonrach chomh maith ar scileanna litearthachta agus uimhearthachta foghlaimeoirí a fheabhsú agus oibríonn sé le haghaidh stíleanna foghlama éagsúla.
“D’fhorbair mé Quizzem mar gur mhothaigh mé gur theastaigh acmhainn teagaisc/foghlama níos soghluaiste a bhaineann go sonrach le Curaclam na hÉireann. Mar mhúinteoir mé féin, le taithí i dtionscal an Dearaidh Ghrafaigh, tá mé paiseanta faoin teicneolaíocht san oideachas agus thaitin sé go mó liom i gcónaí acmhainní cruthaitheachta a fhorbairt do mo chuid ranganna.
Domsa, is é Quizzem an acmhainn oideachais is fearr do Mhúinteoirí, Daltaí agus Tuismitheoirí mar go réitíonn sé go leor fadhbanna do na trí ghrúpa daoine seo. Le haghaidh Múinteoirí, éascaíonn Quizzem obair ghrúpa, téann sé i ngleic le litearthacht agus uimhearthacht, tá sé ailínithe don churaclam agus coinníonn sé cuntas ar fheidhmíocht daltaí. Le haghaidh Daltaí tá Quizzem oideachasúil agus spraíúil, is féidir é a imirt le cairde nó le do mhuintir agus oibríonn sé le go leor stíleanna foghlama. Tugann sé aiseolas do dhaltaí chomh maith ionas gur féidir leo smaoineamh faoina gcuid foghlama. Ar deireadh, tugann Quizzem deis do thuismitheoirí a bheith páirteach i bhfoghlaim a linbh ach ní gá dóibh cur amach a bheith acu ar an gcuraclam.”
Niamh Parkinson Príomhfheidhmeannach agus bunaitheoir Quizzem
Is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim faoi Quizzem ag www.quizzem.com nó féach ar leathanach Facebook Quizzem le féachaint ar roinnt grianghraf agus teistiméireachtaí ó dhaltaí a bhain triail as an aip www.facebook.com/quizzem. Íoslódáil agus priontáil póstaer Quizzem don seomra ranga anseo más mian leat do dhaltaí a chur ar an eolas faoin aip iontach Éireannach seo.
Diúscairt Ceimiceán Radaighníomhach
Tá fardal de na hábhair radaighníomhacha i ngach Iar-bhunscoil á bhunú ag Aonad Forbartha Curaclaim CDETB thar ceann na Roinne Oideachais agus Scileanna agus ar mholadh ó RPII. Ba cheart do gach scoil, cuma má tá ábhair radaighníomhacha acu nó nach bhfuil, logáil isteach agus an suirbhé ar líne a dhéanamh anseo http://www.surveymonkey.com/s/doram leis an bpasfhocal disactice13 a luaithe agus is féidir. Ní bheidh an deis seo chun ábhair radaighníomhacha a bhaint ar fáil ach ar feadh tréimhse theoranta. Beidh ar aon scoil nach mian léi a n-ábhair radaighníomhacha a dhiúscairt faoin tionscnamh seo de chuid na Roinne, de bharr fhorfheidhmiú Threoir Chomhairle an AE 2011/70/EURATOM, íoc as na táillí diúscartha as a gcistí féin.
Seol ríomhphost chuig aidan.clifford@cdu.cdetb.ie le haghaidh tuilleadh eolais. Guthán: 01-4989500 Fón Póca: 087-2908537
Léigh an t-eagrán is déanaí den SciFest Ezine
Cliceáil anseo chun an SciFest Ezine a léamh
CÚRSAÍ SÁBHÁILTEACHTA AR LÍNE
Sábháilteacht agus Sláinte sa tSaotharlann Eolaíochta do Mhúinteoirí
Bí Sábháilte – Oibrigh go Sábháilte: Sábháilteacht agus Sláinte san Ionad Oibre do Dhaltaí na Sraithe Sinsearaí