FÉINMHEASTÓIREACHT SCOILE

Fáilte chuig an leathanach baile um fhéinmheastóireacht scoile. Leanann SFGM ag tacú le scoileanna dul i mbun an phróisis féinmheastóireachta scoile trí sheimineáir agus ceardlanna náisiúnta, imeachtaí forbartha gairmiúla leanúnaí áitiúla trí bhraislí scoile Ghréasán na nIonad Oideachais agus tacaíocht ar scoil.

 

Dá mba mhaith leat iarratas a dhéanamh ar thacaíocht ghinearálta scoile, cliceáil anseo

Saincheapfar an tacaíocht sin chun freastal ar riachtanais do scoile agus comhaontófar é trí chomhrá agus trí chomhairliúcháin tosaigh leis an mbainistíocht shinsearach agus/nó le baill foirne

 

Tá acmhainní ó sheimineár Féinmheastóireacht Scoile SFGM ar fáil ar ár leathanach Acmhainní FMS

Mar chuid den phróiseas FMS, ba cheart do Bhoird Bainistíochta scoileanna seicliosta rialála a chomhlíonadh. Tá Reachtaíocht agus Ciorcláin maidir leis an liosta seo ar fáil anseo.

 

Riarachán FMS: Jackie Murphy

Ionad Oideachais Thrá Lí
Trá Lí
Co. Chiarraí

Ríomhphost: jackie@edcentretralee.ie
066 7195000

 

 

Féinmheastóireacht Scoile 2016 - 2020

Treoirlínte Féinmheastóireachta Scoile 2016-2020 do Bhunscoileannaagus an "Creat Cáilíochta Ag Féachaint ar ár Scoil 2016 do  Iar-bhunscoileanna" eisithe agus tá siad ar fáil le híoslódáil thíos.

 

TREOIRLÍNTE FÉINMHEASTÓIREACHTA SCOILE 2016-2020 (BUNSCOIL)

AG FÉACHAINT AR ÁR SCOIL 2016 CREAT CÁILÍOCHTA DO BHUNSCOILEANNA

 

 

Tá suíomh gréasáin aonair le haghaidh féinmheastóireacht scoile: www.schoolself-evaluation.ie – forbartha ag Cigireacht na Roinne Oideachais agus Scileanna.  Cuimsíonn an suíomh acmhainní, uirlisí meastóireachta, ábhair físe ó scoileanna a bhfuil féinmheastóireacht scoile déanta acu agus samplaí comhlánaithe de thuairiscí féinmheastóireachta scoile agus de phleananna feabhsaithe scoile.  Cliceáil anseo chun amharc ar an suíomh