Fáilte!
FÁILTE CHUIG CLÁR NA hIDIRBHLIANA
An Tasc – Forás pearsanta, sóisialta, oideachasúil agus gairmiúil na mac léinn a chur chun tosaigh agus iad a ullmhú mar bhaill neamhspleácha, fhreagracha den tsochaí ina mbeidh siad páirteach.
FÁILTE CHUIG SUÍOMH IDIRLÍN CHLÁR NA hIDIRBHLIANA
Is éard atá i gClár na hIdirbhliana ná clár bliana leithleach chun forbairt phearsanta, shóisialta, oideachasúil agus ghairmiúil na scoláirí a chur chun cinn agus chun iad a ullmhú dá róil mar bhaill neamhspleácha, rannpháirteacha agus fhreagracha den tsochaí. (Treoirlínte do Chláir na hIdirbhliana, 1994, an Roinn Oideachais) Soláthraíonn an Idirbhliain droichead chun cabhrú le scoláirí sa trasdul ón gcineál foghlama spleách a bhaineann leis an tSraith Shóisearach go dtí an timpeallacht foghlama neamhspleách a bhaineann leis an tSraith Shinsearach. Spreagann sé forbairt raon leathan scileanna inaistrithe do smaointeoireacht chriticiúil agus réiteach fadhbanna.
Is iad na staitisticí is déanaí maidir le Scoláirí Idirbhliana atá ag glacadh páirte san Idirbhliain ná 40,451 i 622 scoil.
Clárú le haghaidh Nuashonruithe – Múinteoirí/Comhordaitheoirí Idirbhliana
Cláraigh do chuid sonraí le hIdirbhliain SFGM ionas go dtig linn an scéal agus an fhaisnéis is deireanaí a thabhairt duit, comhlánaigh an Fhoirm seo
ACMHAINNÍ IDIRBHLIANA |
---|
![]() |
|
Comórtas Get Up and Go don Idirbhliain
Ní bheidh Comórtas Get Up and Go don Idirbhliain ar siúl i mbliana (2018-2019).
Tá brón orainn as aon mhíchaoithiúlacht. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach duine a ghlac páirt sa chomórtas le roinnt blianta anuas.
Ceardlann Athnuachana Idirbhliana
Tá an cheardlann seo dírithe ar Chomhordaitheoirí Nua agus ar Mhúinteoirí Nua don Idirbhliain.
Fiosrófar sa cheardlann
- ullmhúchán don phleanáil idirbhliana
- measúnú agus meastóireacht san idirbhliain
- ról an Chomhordaitheora
Clárú:
Chun d’áit a chur in áirithe sa cheardlann téigh chuig http://pdst.ie.ie/onlinebooking
Mar gheall go bhfuil teorainn le háiteanna, cuir d’áit in áirithe go luath ionas nach mbeidh díomá ort
Comórtais, Gradaim agus Dúshláin
https://www.scoilnet.ie/go-to-post-primary/collections/events/competitions/ |
Sceideal Comhordaitheoirí Idirbhliana |
---|
Cliceáil anseo chun cóip den scarbhileog um sceideal comhordaitheoirí Idirbhliana a íoslódáil
Acmhainní Ceardlainne Athnuachana don Idirbhliain
Láithreoireacht: Forbhreathnú ar Chlár na hIdirbhliana Láithreoireacht: Forbhreathnú ar Chlár na hIdirbhliana as Gaeilge
Láithreoireacht: Clár na hIdirbhliana a Scríobh Láithreoireacht: Clár na hIdirbhliana a Scríobh as Gaeilge
Lámhleabhar: An Idirbhliain – Pleanáil Cláir a Iniúchadh
Foirm Iarratais
Bunús na hIdirbhliana
Treoir um Thosú
An Clár a Scríobh
Treoirlínte don Idirbhliain do Scoileanna
Ag Dul i nGleic le Bulaíocht
Tá Comórtas Tacklebullying.ie beo anois ar www.tacklebullying.ie . Is féidir na hábhair uile a íoslódáil ón suíomh gréasáin agus cuirfear póstaeir ar an suíomh gréasáin freisin. I measc na nduaiseanna tá turas VIP ar Facebook do na foirne buacacha, trealamh spóirt, dearbháin One4All do dhaltaí agus ceadúnais bogearraí slándála do scoileanna.
Seo a leanas nasc chuig comórtas póstaer: http://tacklebullying.ie/poster-competition/
Modúil Nua Turasóireachta agus Comórtas

Cycle Against Suicide (Rothaíocht in aghaidh Féinmharú)
Is é an fiontraí Éireannach, Jim Breen, a bhunaigh an tionscnamh Rothaíocht in aghaidh Féinmharú tar éis dó a bheith ar chlár RTÉ, The Secret Millionaire. Is é príomhchuspóir na Rothaíochta feasacht a ardú maidir leis an gcúnamh mór agus an dúrud tacaíochtaí atá ar fáil dóibh siúd atá ag dul i ngleic le dúlagar agus féindochar, dóibh siúd atá i mbaol féinmharú nó dóibh siúd ar cailleadh daoine muinteartha nó cairde leo mar gheall ar fhéinmharú.
Tá rún daingean ag pobal na Rothaíochta in aghaidh Féinmharú an méid seo a leanas a chur ina luí ar dhaoine i ngach cearn d'oileán na hÉireann; tá sé ceart mura mothaíonn tú i gceart agus tá sé ceart go leor cúnamh a lorg. Agus muid ag obair as lámh a chéile, gualainn ar ghualainn, tig linn timthriall an fhéinmharaithe ar oileán na hÉireann a bhriseadh.
http://www.cycleagainstsuicide.com/
Clár Scoláirí Uíbh Eachach
Is deis é clár Scoláirí Uíbh Eachach do scoláirí meánscoile a dtuairimí faoi ról na hÉireann sa domhan mór a roinnt agus a bheith rannpháirteach sa phlé faoin gcaoi a gcuireann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála luachanna, leasanna agus leas eacnamaíochta na hÉireann agus a muintire chun cinn thar lear.
Chun tuilleadh eolais a fháil, cliceáil ar an suíomh gréasáin: https://www.dfa.ie/about-us/global-horizons/
Clár 121digital
Cabhraíonn clár 121digital le thart ar 500 scoláire Idirbhliana gach bliain an chumhacht a bhaineann le scileanna digiteacha a thabhairt do dhaoine fásta áitiúla a eispéiriú. Dá réir sin, cumasaíonn sé na scoláirí Idirbhliana a dhéanann obair dheonach don chlár. Is é an chéad eispéireas teagaisc a bhíonn acu agus cuireann sé lena n-aibíocht ar roinnt bealaí.
Fondúireacht HOPE Nasc Idirlín
Seo iad na nithe is féidir le Fondúireacht HOPE a thairiscint do scoileanna:
- Cainteanna scoile saor in aisce do scoláirí lena bpléitear topaicí amhail fostú leanaí, gáinneáil, neamh-chomhionannas inscne agus obair HOPE.
- Taisteal go Calcúta le Fondúireacht HOPE ar ár gClár Tumtha
- Tionscadal Mionchuideachta HOPE i dteannta Butlers Chocolates
- Comhpháirtíocht na Nuálaithe Sóisialta Óga
- Deis le páirt a ghlacadh i bhFeachtas Náisiúnta HOPE i mí Dheireadh Fómhair
- Tacaíocht imeachta agus tiomsú airgid áitiúil
-
Clár Oideachas Forbartha OSSP
Eispéireas na Scoláirí a Iniúchadh
Tuairimí na scoláirí ar an Idirbhliain. Tuarascáil Aontas na Mac Léinn Dara Leibhéal in Éirinn 2014. Amharc ar an Tuarascáil