Fáilte chuig Amgen Teach - Leathanach Faisnéise
Ceardlanna an Fhómhair 2017
Cliceáil anseo nó ar an mbileog eolais chun d’áit a chur in áirithe. Tabhair faoi deara go gcuirfear cumhdach ionadaíoch ar fáil do na himeachtaí scoile i rith an lae (i.e. Ollscoil Luimnigh agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh).
Obair Chúrsa B - leabhrán lá a haon
Obair Chúrsa B – leabhrán lá a trí
Tá sé mar aidhm ag Amgen Teach suim agus éachtaí scoláirí a dhoimhniú san Eolaíocht trí chumas múinteoirí eolaíocht saoil meánscoile a láidriú chun straitéisí teagaisc bunaithe ar fhiosrú a úsáid sa seomra ranga. Úsáideann Amgen Teach ceardlanna oiliúna agus imeachtaí cianfhoghlama chun na scileanna agus an mhuinín riachtanach a thabhairt d’oideachasóirí a theastaíonn uathu chun taithí an scoláire a athrú agus é ag foghlaim faoin Eolaíocht.
Foireann Tacaíochta Obair Chúrsa B SFGM
Amgen Teach 2016/2017
Lá 2: Ar siúl ar scoil
Lá 3: Amgen Teach SFGM oideachas eolaíochta bunaithe ar fhiosrú d’obair chúrsa B: Ag tacú lenár múinteoirí eolaíochta.
Dáta | Am | Ionad |
---|---|---|
23 Eanáir 2017 | ó 9.30 a.m. go dtí 4 p.m. | Ionad Oideachais na hUaimhe |
24 Eanáir 2017 | ó 9.30 a.m. go dtí 4 p.m. | Ionad Oideachais na Carraige Duibhe |
25 Eanáir 2017 | ó 9.30 a.m. go dtí 4 p.m. | Ionad Oideachais Chill Chainnigh |
31 Eanáir 2017 | ó 9.30 a.m. go dtí 4 p.m. | Ionad Oideachais Dhún na nGall |
1 Feabhra 2017 | ó 9.30 a.m. go dtí 4 p.m. | Ionad Oideachais na Gaillimhe |
2 Feabhra 2017 | ó 9.30 a.m. go dtí 4 p.m. | Ionad Oideachais Luimnigh |
6 Feabhra 2017 | ó 9.30 a.m. go dtí 4 p.m. | Ionad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar |
7 Feabhra 2017 | ó 9.30 a.m. go dtí 4 p.m. | Ionad Oideachais Chill Dara |
16 Feabhra 2017 | ó 9.30 a.m. go dtí 4 p.m. | Ionad Tacaíochta Oideachais Chorcaí |
17 Feabhra 2017 | ó 9.30 a.m. go dtí 4 p.m. | Ionad Oideachais Thrá Lí |
27 Feabhra 2017 | ó 9.30 a.m. go dtí 4 p.m. | Ionad Oideachais Bhaile Átha Luain |
28 Feabhra 2017 | ó 9.30 a.m. go dtí 4 p.m. | Ionad Oideachais Dhroim Conrach |
1 Márta 2017 | ó 9.30 a.m. go dtí 4 p.m. | Ionad Oideachais Laoise |
Cliceáil anseo chun d’áit a chur in áirithe.
Is féidir an tsonraíocht do chúrsa nua eolaíochta na sraithe sóisearaí a fháil anseo.
Dhíríomar ar Eolaíocht na sraithe sinsearaí i mbliana don Amgen Teach agus cuireadh ceardlann bunaithe ar fhiosrú ar siúl dár n-ábhair eolaíochta éagsúla: Bitheolaíocht, Ceimic, Fisic agus Eolaíocht Talmhaíochta. Díríodh ar fhiosrú a úsáid i gceachtanna eolaíochta sna seisiúin seo ag tabhairt aghaidh ar leibhéil éagsúla an fhiosraithe agus ar theicneolaíocht bhraiteora a úsáid chun fiosrú a chur chun cinn
Cuireadh na ceardlanna seo a leanas ar siúl sa bhliain 2015/2016
1 Amgen Teach Bitheolaíocht |
---|
Cur chuige bunaithe ar fhiosrú a úsáid le cur le heolas an Mhúinteora in imscrúduithe Bitheolaíochta. Laethanta (14 Samh. 2015)
Ionad: Waterpark College, Port Láirge
Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, Gaillimh
Téama:
Teicnící bunaithe ar fhiosrú a úsáid le cur le heolas an Mhúinteora
maidir le roinnt imscrúduithe Bitheolaíochta praiticiúla agus chun an cleachtas is fearr
a mhúnlú i bhfeidhmiú an chuir chuige seo.
Acmhainní
2 Amgen Teach Ceimic |
---|
Brathadóirí a úsáid chun Foghlaim Bunaithe ar Fhiosrú sa Cheimic a threorú (14 Bealtaine 2016)
Ionad: Ollscoil Luimnigh
Téama: Ceardlann ina léirigh múinteoirí a bhfuil taithí acu úsáid
brathadóirí chun foghlaim bunaithe ar fhiosrú a threorú i dturgnaimh.
Acmhainní
3 Amgen Teach Fisic |
---|
Leictreachas, Fórsa agus Teas: Na Bunscileanna (7 Samhain 2015)
Ionad: Coláiste Gonzaga, Baile Átha Cliath
Téama: Gníomhaíochtaí praiticiúla agus taispeántas ar phlé bunaithe ar fhiosrú ina ndiaidh
ag críochnú le ceistiú cuí chun coincheapa dúshlánacha a shoiléiriú.
Acmhainní
Leictreachas – Gníomhaíochtaí Praiticiúla
4 Amgen Teach Eolaíocht Talmhaíochta |
---|
Fiontar Talmhaíochta 2016: “An Teoiric i bhFeidhm”
Conas feirmeoireacht phraiticiúil a chur in iúl sa seomra ranga (4−5 Márta 2016)
- Ionad Oideachais, Sligeach
- Modheolaíochtaí foghlama bunaithe ar fhiosrú agus an tábhacht atá le ceisteanna láidre a chur. Breathnaíodh ar obair thionscadail agus ar an gcaoi ar féidir í a úsáid mar spreagadh don fhiosrú.
Threisigh éascaitheoirí na gceardlann Amgen Teach uile thuasluaite bhéim chéanna:
- Mhol éascaitheoirí na gcúrsaí úsáid a bhaint as chur chuige fiosrúcháin
- Bhí neart “ceachtannasmaointeoireachta” gearra mar chuid de na seisiúin ionchuir seo mar aon le díospóireachtaí le cinntiú go bhfuil múinteoirí in ann a gcuid smaointe a chur in iúl.
- Rinneadh gníomhaíochtaí teagmhálacha sna ceardlanna uile agus iad deartha chun smaointe an mhúinteora a shoiléiriú agus ionas go nglacfadh an scoláire páirt
Acmhainní
Grianghraif ón imeacht |
---|
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
Chuir SFGM trí cheardlann Amgen Teach ar siúl in 2014-2015.
18 Deireadh Fómhair 2014 – Oideachas Eolaíochta bunaithe ar Fhiosrú
28 Feabhra 2015 – Ag Múineadh trí Fhiosrú le Braiteoirí
Amgen Teach Lá 1 ~ An Eolaíocht a mhúineadh trí Fhiosrú
Seisiún 1: Imoibriú Slabhrúil: Díreofar ar ról an mhúinteora i gceacht bunaithe ar fhiosrú leis an mbealach ar féidir fiosrú a dhéanamh i ngnáthsheomra ranga. Is é an aidhm atá leis feasacht an mhúinteora ar Oideachas Eolaíochta Bunaithe ar Fhiosrú (IBSE) a fhorbairt agus le taispeáint gur féidir cur chuige atá bunaithe ar fhiosrú a úsáid beag beann ar na hacmhainní atá ar fáil.
Seisiún 2: Teaching Enquiry Mysteries Incorporated (TEMI): Gheobhaidh tú taithí ar an bhFoghlaim ar Bhonn Fiosraithe (IBL) agus eolas ar modúl 5 E don fhoghlaim ar bhonn fiosraithe leis seo. Úsáidtear mistéirí eolaíochta nó imeachtaí neamhfhreagracha i gcur chuige an teagaisc sa tionscadal seo chun suim an scoláire a spreagadh agus é a mhealladh ag tús an cheachta; spreagfaidh sé seo na scoláirí níos mó fiosrú a dhéanamh chun na mínithe eolaíochta a fháil. Cuirfear smaointe i gcomhair ceachtanna TEMI a réiteoidh cheana féin ar fáil do mhúinteoirí a ghlacann páirt san ócáid seo agus déanfar forbairt ar a gceachtanna TEMI féin chomh maith.
Seisiún 3: Príomhscileanna maidir le teagasc agus foghlaim na hEolaíochta a fhorbairt: Tabharfaidh Majella Dempsey ó Ollscoil Mhá Nuad léargas ar phríomhscileanna a fhorbairt in Eolaíocht na Sraithe Sóisearaí.
Ábhair Cheardlainne Lá 1
Lá 2 Amgen Teach ~ An Fiosrú a mhúineadh ag úsáid Brathadóirí
Seisiún 1: Logáil sonraí agus Fiosrú sa Bhitheolaíocht agus sa Cheimic: Taispeánfar turgnaimh logála sonraí na bitheolaíochta agus na ceimice i gcomhar leis an gclár European Inspiring Science (ISE). Tabharfaidh Vernier soiléiriú ar chumhacht logála sonraí agus ar an gcaoi a bhfuil sé cabhrach sa seomra ranga ag tabhairt torthaí tapa agus cruinne gach uair. Foghlaimeoidh tú an bealach is féidir logáil sonraí a chomhtháthú gan sreang le iPad agus le gléasanna cliste eile agus conas is féidir sonraí a roinnt le gach duine sa seomra ranga le logálaí sonraí amháin. Beidh an fhoireann ann chun do cheisteanna ar bhrathadóirí áirithe a fhreagairt agus beidh seisiún tosaigh “ag tosú ar logáil sonraí” mar chuid de gach seisiún. Beidh an fhoireann ó ISE Ireland ar fáil chun na hacmhainní digiteacha a léiriú agus cuirfear pleananna ceachtanna bunaithe ar fhiosrú ar fáil do scoileanna Éireannacha ar spéis leo ríomhuirlisí atá tarraingteach agus éifeachtach a chur ar fáil do theagasc na heolaíochta. Beidh níos mó faisnéise ar rannpháirtíocht ISE ar fáil ag an seisiún
Seisiún 2: Ag úsáid brathadóirí chun iniúchadh a dhéanamh ar fhuinneamh: Cuirfidh CASTEL i gcomhar le SEAI ceardlann ar fhuinneamh ar siúl. Beidh pleananna ceachta agus bileoga eolais ar fáil do mhúinteoirí ag an gceardlann seo.
Seisiún 3: Argóinteacht i dTeagasc agus i bhFoghlaim na hEolaíochta: Baineann an argóinteacht le cosaint a chur ar fáil do shaincheist le fianaise. Cuir i gcás go gcuirimid ceist maidir le nádúr cáithníneach damhna? Cén dóigh a bhfuil a fhios againn go bhfuil cáithníní i ndamhna? Cén fhianaise atá ann? Cén dóigh a bhfuil a fhios againn an fhianaise a roghnú? Tá go leor taighde ann anois a thugann eolas dúinn mar gheall ar an gcaoi is fearr le ceachtanna eolaíochta a dhearadh agus ar fhorbairt ghairmiúil chun argóinteacht a fheabhsú. Sa cheardlann seo breathnófar ar acmhainní a chuireann le húsáid na hargóinteachta i gceachtanna eolaíochta ag an dara leibhéal. Beidh na rannpháirtithe gníomhach i ngníomhaíochtaí agus i straitéisí trialacha a thacaíonn le hargóinteacht.
Ábhar Ceardlainne Lá 2
Argóinteacht - Láithreoireacht
Argóinteacht - Bí Airdeallach ar an mBearna