FÁILTE! |
---|
Fáilte chuig leathanach ábhair Bhitheolaíocht na Sraithe Sinsearaí. Tá Bitheolaíocht ar cheann d’ábhair STEM dhá bhliain na Sraithe Sinsearaí a scrúdaítear san Ardteistiméireacht.
Haiceáladh suíomh gréasáin DVD slss bitheolaíochta mí Bealtaine seo caite. Tá pdstbiology.com ann anois ina ionad. Caithfidh múinteoirí Bitheolaíochta logáil isteach agus athchlárú d’fhonn rochtain a fháil ar na mílte acmhainní a d’fhorbair Foireann Chomhlach Bitheolaíochta SFGM le blianta beaga anuas.
AN NUACHT IS DÉANAÍ |
---|
Ceardlanna Earrach 2019
Topaic – Fótaisintéis (cliceáil anseo chun d’áit a chur in áirithe)
· Fiosraigh fótaisintéis agus bithcheimic fótaisintéise a theagasc i dtimpeallacht idirghníomhach cairdiúil
· Tabhair acmhainní úsáideacha do mhúinteoirí ar féidir iad a ionchorprú go héasca in aon cheacht
· Tabhair turgnaimh, cluichí agus modheolaíochtaí fíorúla isteach agus múnlú agus samhlú san áireamh
· Taispeáin roinnt suíomhanna gréasáin agus aipeanna úsáideacha ar féidir iad a úsáid chun an taithí foghlama a bhreisiú agus chun straitéisí digiteacha a úsáid le go mbeidh scoláirí páirteach i measúnú foirmitheach sa seomra ranga
· Iarrtar ar rannpháirtithe táibléad nó ríomhaire glúine agus cluasáin a thabhairt leo le húsáid sa tráthnóna agus clárú le EdPuzzle roimh ré.
Naisc le Físeáin Bitheolaíochta agus Amgen Teach
Cliceáil ar gach nasc thíos chun rochtain a fháil ar na físeáin:
Clárú lenár mbunachar sonraí
SciFest
Tá sé mar aidhm le clár SciFest dúil san eolaíocht, sa teicneolaíocht agus sa mhatamaitic a chothú trí fhoghlaim ghníomhach agus chomhoibríoch atá bunaithe ar cheistiúchán. Cliceáil anseo chun dul chuig suíomh gréasáin SciFest.
SciFest Ezine, Imleabhar 9, Uimh 2, Samhain 2017
Cliceáil ar an ngrianghraf thíos chun rochtain a fháil ar an Ezine
AMGEN Teach |
---|
Tá sé mar aidhm ag Amgen Teach suim agus éachtaí scoláirí a dhoimhniú san Eolaíocht trí chumas múinteoirí eolaíocht saoil meánscoile a láidriú chun straitéisí teagaisc bunaithe ar fhiosrú a úsáid sa seomra ranga. Úsáideann Amgen Teach ceardlanna oiliúna agus imeachtaí cianfhoghlama chun na scileanna agus an mhuinín riachtanach a thabhairt d’oideachasóirí a theastaíonn uathu chun taithí an scoláire a athrú agus é ag foghlaim faoin Eolaíocht.
Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt duit freastal ar an tionscnamh Eorpach Amgen Teach. Deis iontach í seo le páirt a ghlacadh i sraith ceardlann forbartha gairmiúla sna hEolaíochtaí. Tairgeann na ceardlanna sin uasoiliúint do mhúinteoirí i réimsí atá ar aon dul le forbairtí nua in oideachas Eolaíochta in Éirinn.
Eagróidh SFGM ceardlanna Obair Chúrsa-B in 2016-2017 Osclóidh iarratais ar an Luan an 14 Samhain |
Leabhrán Foirmlí agus Táblaí
Cliceáil anseo chun an leabhrán Foirmlí agus Táblaí a fháil - faofa lena úsáid sna scrúduithe stáit.
George Boole (1815 - 1864)
Is é an 2 Samhain 2015 comóradh 200 bliain ó rugadh George Boole.
Tá sé i gceist ag Ionad Tacaíochta Oideachais Chorcaí thar ceann ATECI, i gcomhar le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus le cúnamh NAPD, IPPN, SFGM, IOP agus le tacaíocht fhlaithiúil EMC go mbeadh gach scoláire scoile sa tír ag déanamh ceachta bunaithe ar shaothar George Boole ar an lá sin.
Má tá smaointe nó moltaí agat faoin gcaoi ar mhaith leat an comóradh céad bliain a cheiliúradh i do scoil nó réigiún, seol ríomhphost chuig Ruairí Ó Céilleachair ag boole200project@gmail.com
Lá Praiticiúil Scientix do Mhúinteoirí Bitheolaíochta Sinsearaí |
---|
Bhí an t-imeacht seo ar siúl Dé Sathairn, an 24 Eanáir 2015 in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.
Ghlac os cionn 100 múinteoir agus múinteoir faoi oiliúint páirt ar an lá. Míle buíochas leis an Rannóg Bitheolaíochta in Ollscoil Mhá Nuad as a gcúnamh chun an lá a eagrú. Tá an leabhar praiticiúil don dalta a táirgeadh le haghaidh an lae ar fáil le híoslódáil ón leathanach foilseachán. Lean an nasc seo
Taispeántar sa mhír físeáin thíos an réimse gníomhaíochtaí a bhí ar fáil ar an lá.
Tacaíonn Scientix le comhar ar fud na hEorpa i measc múinteoirí STEM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic), le taighdeoirí oideachais, leis an lucht déanta beartas agus le gairmithe oideachais eile STEM. Déanann sé an comhar sin a chur chun cinn freisin.
Is í SFGM an pointe teagmhála náisiúnta do Scientix in Éirinn. Leathanach Faisnéise
Féach ar a suíomh Idirlín, scientix.ie i gcomhair acmhainní, faisnéise agus deiseanna ceardlainne idirnáisiúnta ar STEM.
AMGEN Teach
Tá sé mar aidhm ag Amgen Teach suim agus éachtaí scoláirí a dhoimhniú san Eolaíocht trí chumas múinteoirí eolaíocht saoil meánscoile a láidriú chun straitéisí teagaisc bunaithe ar fhiosrú a úsáid sa seomra ranga. Úsáideann Amgen Teach ceardlanna oiliúna agus imeachtaí cianfhoghlama chun na scileanna agus an mhuinín riachtanach a thabhairt d’oideachasóirí a theastaíonn uathu chun taithí an scoláire a athrú agus é ag foghlaim faoin Eolaíocht.
Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt duit freastal ar an tionscnamh Eorpach Amgen Teach. Deis iontach í seo le páirt a ghlacadh i sraith ceardlann forbartha gairmiúla do na hEolaíochtaí. Tairgeann na ceardlanna sin uasoiliúint do mhúinteoirí i réimsí atá ar aon dul le forbairtí nua in oideachas Eolaíochta in Éirinn.
Eagróidh SFGM ceithre cheardlann Amgen Teach in 2015-2016.
Bitheolaíocht
Ceimic
Fisic
Ag. Eolaíocht
CLÁRÚ |
---|
Tá ár gclár á nuashonrú againn. Cláraigh do chuid sonraí anseo, fiú má rinne tú amhlaidh cheana, ionas go dtig linn an scéal agus an fhaisnéis is deireanaí a thabhairt duit.
FORBAIRT GHAIRMIÚIL LEANÚNACH (CPD) |
---|
Cuirfear Lá Praiticiúil do Mhúinteoirí Bitheolaíochta ar siúl i Maigh Nuad Dé Sathairn an 24 Eanáir. Cláraigh d’áit ar an gcúrsa ag an nasc seo.
Ós rud é go mbeidh obair phraiticiúil i gceist ar an lá, níl ach líon teoranta áiteanna ar fáil. Mar sin, moltar duit clárú go luath.
I GCOMHAIR TACAÍOCHT SCOILBHUNAITHE |
---|
Chun tacaíocht scoilbhunaithe a fháil i gcomhair na nEolaíochtaí: Lean an nasc seo chuig ár bhfoirm iarratais ar líne ar thacaíocht scoilbhunaithe.
TUILLEADH TACAÍOCHTA |
---|
CUMANN EOL-OIDÍ NA hÉIREANN
Tugann Cumann Eol-Oidí na hÉireann (ISTA) tacaíocht do mhúinteoirí eolaíochta a mhúineann na heolaíochtaí uile trína ngréasán brainsí ar fud na tíre. Bíonn sonraí faoi imeachtaí le fáil ar a suíomh Idirlín, www.ista.ie.
Tá Seán Fogarty ina chathaoirleach ar Chumann Eol-Oidí na hÉireann faoi láthair.
TEAGMHÁLAITHE |
---|
Riarachán: Riarthóir Eolaíochta
Ionad Oideachais Luimnigh
An Chéad Urlár
Teach Marshal
Bóthar Thuar an Daill
Luimneach
Ríomhphost: sciences@pdst.ie
Guthán: 061 585064
Attachment | Size |
---|---|
![]() | 130.53 KB |