FÁILTE! |
---|
Fáilte chuig leathanach ábhair Cheimic na Sraithe Sinsearaí. Tá Ceimic ar cheann d’ábhair STEM dhá bhliain na Sraithe Sinsearaí a scrúdaítear san Ardteistiméireacht.
Foirm chlárúcháin le bunachar sonraí STEM SFGM
SciFest
Tá sé mar aidhm le clár SciFest dúil san eolaíocht, sa teicneolaíocht agus sa mhatamaitic a chothú trí fhoghlaim ghníomhach agus chomhoibríoch atá bunaithe ar cheistiúchán. Cliceáil anseo chun dul chuig suíomh gréasáin SciFest.
SciFest Ezine, Imleabhar 9, Uimh 2, Samhain 2017
Cliceáil ar an ngrianghraf thíos chun rochtain a fháil ar an Ezine
Foghlaim Bunaithe ar Fhiosrú |
---|
Coimisiún na Scrúduithe Stáit 2016 – Torthaí Ceimice |
---|
Scéim Mharcála | |||||
---|---|---|---|---|---|
Bliain | %A | %B | %C | %D | %Teip |
2012 | 20 | 28 | 24 | 19 | 9 |
2013 | 21 | 28 | 25 | 18 | 8 |
2014 | 21 | 29 | 23 | 18 | 9 |
2015 | 22 | 28 | 23 | 18 | 9 |
2016 | 20 | 28 | 24 | 20 | 9 |
Gnáthleibhéal | |||||
---|---|---|---|---|---|
Bliain | %A | %B | %C | %D | Teip |
2012 | 8 | 22 | 30 | 24 | 15 |
2013 | 7 | 21 | 30 | 24 | 16 |
2014 | 10 | 25 | 29 | 22 | 15 |
2015 | 6 | 21 | 30 | 24 | 18 |
2016 | 8 | 29 | 29 | 21 | 12 |
Scála Pointí NUA na Lár-Oifige Iontrála |
---|
Grád Ardleibhéil | Pointí | Grád Gnáthleibhéil | Pointí |
---|---|---|---|
H1 | 100 | ||
H2 | 88 | ||
H3 | 77 | ||
A4 | 66 | ||
H5 | 56 | O1 | 56 |
A6 | 46 | G2 | 46 |
H7 | 37 | O3 | 37 |
H8 | 0 | G4 | 28 |
O5 | 20 | ||
O6 | 12 | ||
O7 | 0 |
Foinse: www.cao.ie
Treoir Acmhainn Oideachais Ceimice |
---|
Cliceáil anseo chun an leabhrán Foirmlí agus Táblaí a fháil – faofa lena úsáid sna scrúduithe stáit.
Cliceáil anseo le rochtain a fháil ar Scarbhileog Anailíse 2016 chun do thorthaí Ceimice Ardteistiméireachta a ionchur. Ba cheart an t-aschur a úsáid i gcomhar le straitéisí Féinmheastóireachta le haghaidh pleanáil ábhair sa scoil.
NÓTA: Chun treoracha a fháil maidir leis na scarbhileoga seo a úsáid, cliceáil anseo.
TABHAIR FAOI DEARA: Ní féidir scarbhileoga na bliana seo caite a nuashonrú i gcomhthéacs thorthaí na bliana seo. Ba cheart duit sonraí a chóipeáil ón gcéad leathanach de scarbhileoga na bliana seo caite isteach i scarbhileog na bliana seo (na huimhreacha sna cealla buí). Ní féidir ach na cealla buí a athrú, má dhéanann tú iarracht na cealla eile a athrú gheobhaidh tú earráid a deir go bhfuil an cháipéis faoi ghlas le pasfhocal.
Cliceáil anseo le rochtain a fháil ar réimse acmhainní don oideachas Ceimice.
Clárú lenár mbunachar sonraí |
---|
Cliceáil anseo chun clárú lenár mbunachar sonraí.
AMGEN Teach |
---|
Seachtain Fionnachtana STEM 2017
Cliceáil anseo i gcomhair sonraí faoin tSeachtain Fionnachtana STEM Aibreán 24-30 chun gairmeacha STEM agus smaointe nuálacha a chur chun cinn in bhur scoileanna.
Tá sé mar aidhm ag Amgen Teach suim agus éachtaí scoláirí a dhoimhniú san Eolaíocht trí chumas múinteoirí eolaíocht saoil meánscoile a láidriú chun straitéisí teagaisc bunaithe ar fhiosrú a úsáid sa seomra ranga. Úsáideann Amgen Teach ceardlanna oiliúna agus imeachtaí cianfhoghlama chun na scileanna agus an mhuinín riachtanach a thabhairt d’oideachasóirí a theastaíonn uathu chun taithí an scoláire a athrú agus é ag foghlaim faoin Eolaíocht.
Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt duit freastal ar an tionscnamh Eorpach Amgen Teach. Deis iontach í seo le páirt a ghlacadh i sraith ceardlann forbartha gairmiúla sna hEolaíochtaí. Tairgeann na ceardlanna sin uasoiliúint do mhúinteoirí i réimsí atá ar aon dul le forbairtí nua in oideachas Eolaíochta in Éirinn.
CLÁRÚ |
---|
Tá ár gclár á nuashonrú againn. Cláraigh do chuid sonraí anseo, fiú má rinne tú amhlaidh cheana, ionas go dtig linn an scéal agus an fhaisnéis is deireanaí a thabhairt duit.
FORBAIRT GHAIRMIÚIL LEANÚNACH (CPD) |
---|
Science on Stage 2014/2015
Tá Science on Stage Éireann ar lorg múinteoirí ag a bhfuil smaointe iontacha maidir le heolaíocht a theagasc i gcomhair na féile Eorpaí Science on Stage (17-20 Meitheamh 2015). Soláthraíonn Science on Stage coincheapa, ábhair agus roinnt anamúil tuairimí le comhghleacaithe ó áiteanna ar fud na hEorpa. Tuilleadh sonraí faoin mbileoigín. An dáta deiridh i gcomhair iarratas: 30/09/2014
<< Bileoigín ‘Science on Stage’>>
I GCOMHAIR TACAÍOCHT SCOILBHUNAITHE |
---|
Chun tacaíocht scoilbhunaithe a fháil i gcomhair Cheimic na Sraithe Sinsearaí: Lean an nasc seo chuig ár bhfoirm iarratais ar líne ar thacaíocht scoilbhunaithe.
Seol ríomhphost chuig sciences@pdst.ie má bhíonn aon cheisteanna agat.
TUILLEADH TACAÍOCHTA |
---|
CUMANN EOL-OIDÍ NA hÉIREANN
Tugann Cumann Eol-Oidí na hÉireann (ISTA) tacaíocht do mhúinteoirí eolaíochta a mhúineann na heolaíochtaí uile trína ngréasán brainsí ar fud na tíre. Bíonn sonraí faoi imeachtaí le fáil ar a suíomh Idirlín, www.ista.ie.
Tá Seán Fogarty ina chathaoirleach ar Chumann Eol-Oidí na hÉireann faoi láthair.
Tacaíonn Scientix le comhar ar fud na hEorpa i measc múinteoirí STEM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic), le taighdeoirí oideachais, leis an lucht déanta beartas agus le gairmithe oideachais eile STEM. Déanann sé an comhar sin a chur chun cinn freisin.
Is í SFGM an pointe teagmhála náisiúnta do Scientix in Éirinn. Leathanach Faisnéise
Féach ar a suíomh Idirlín, scientix.ie i gcomhair acmhainní, faisnéise agus deiseanna ceardlainne idirnáisiúnta ar STEM.
TEAGMHÁLAITHE |
---|
Riarachán: Bríd Finn / Tony O'Shea
Ionad Oideachais Luimnigh
An Chéad Urlár
Teach Marshal
Bóthar Thuar an Daill
Luimneach
Ríomhphost: sciences@pdst.ie
Guthán: 061 585060