Fisic na Sraithe Sinsearaí

Fáilte!
 

Fáilte chuig leathanach ábhair  Fhisic  na Sraithe  Sinsearaí.

 

 

Ceardlanna Earrach 2019

 

Cliceáil anseo chun d’áit a chur in áirithe.

 

 

Fadhbréiteach trí Fhisic Isaac (Fisic na Sraithe Sinsearaí) Earrach 2019

 

 

Tá Fisic Isaac do GCSE díreach eisithe agus is acmhainn fhoirfe í le húsáid le scoláirí Fisice na hArdteistiméireachta. Trí Fhisic Isaac a úsáid, feabhsóidh do scoláirí a dtuiscint ar an bhFisic trí thascanna fadhbréitigh.

 

Foghlaim an chaoi ar féidir le www.isaacphysics.org d’obair baile a mharcáil ar líne saor in aisce, ag sábháil ama agus ag tabhairt aiseolais láithreach, úsáideach do na scoláirí. Is féidir le scoláirí leideanna agus treoir a rochtain ina bhfadhbréiteach.

Foghlaim an chaoi ar féidir le “máistreacht scileanna” a bheith ina chúis le feabhsúcháin agus tascanna “fadhbréitigh” á ndéanamh.

Foghlaim le grúpaí scoláire a fhoghlaim, ceachtanna a shocrú agus monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn scoláire

 

Maidir le Fisic Isaac

 

Tionscadal ó Roinn Oideachais Ollscoil Cambridge is ea Fisic Isaac a tosaíodh in 2014. Tá os cionn 1500 fadhb ar an ardán ar líne le treoir agus scafall

Tá os cionn 45 000 úsáideoir ann faoi láthair, 2700 múinteoir san áireamh, cláraithe sa RA agus in Éirinn.

Tá áthas ar SFGM agus ar an Institute of Physics Fisic Isaac a thabhairt isteach do múinteoirí agus scoláirí na hÉireann saor in aisce.

 

Leabhar Scileanna Fisice- Máistreacht a fháil ar Fhisic Riachtanach GCSE

 

Gheobhaidh gach rannpháirtí sa cheardlann cóip saor in aisce den leabhar a théann leis.

Ba cheart go mbeadh múinteoirí atá ag freastal ar na ceardlanna seo cláraithe roimh ré le www.isaacphysics.org

 

Stór Acmhainní Fisice

 

www.physicsresourcebank.com

 

Cothaíonn éascaitheoirí a oibríonn le foireann Fisice SFGM an suíomh gréasáin seo. Tá sé mair aidhm againn acmhainní agus naisc shuimiúla a roinnt anseo. Chun rochtain a fháil ar leathanaigh acmhainní SFGM, caithfidh tú a bheith cláraithe. Is féidir é seo a dhéanamh ar an oíche.

 

 

 

Clárú lenár mbunachar sonraí 

 

 

 

 

 

 

SciFest

Tá sé mar aidhm le clár SciFest dúil san eolaíocht, sa teicneolaíocht agus sa mhatamaitic a chothú trí fhoghlaim ghníomhach agus chomhoibríoch atá bunaithe ar cheistiúchán. Cliceáil  anseo  chun dul chuig suíomh gréasáin SciFest.

 

SciFest Ezine, Imleabhar 9, Uimh 2, Samhain 2017

 

Cliceáil ar an ngrianghraf thíos chun rochtain a fháil ar an Ezine

 


 

 

 

Comhdháil Bhliantúil Fhoras na Fisice 2017

 

Foghlaim Bunaithe ar Fhiosrú

 

 

Oideachas Eolaíochta bunaithe ar Fhiosrú

 

Oideachas Eolaíochta bunaithe ar Fhiosrú  ó SFGM  ar  Vimeo.

 
 

 

 

Cliceáil anseo le clárú.

 

 

 

AMGEN Teach 

 

Toradh íomhá do amgen teach

 

 

 

Tá sé mar aidhm ag Amgen Teach suim agus éachtaí scoláirí a dhoimhniú san Eolaíocht trí chumas múinteoirí eolaíocht saoil meánscoile a láidriú chun straitéisí teagaisc bunaithe ar fhiosrú a úsáid sa seomra ranga. Úsáideann Amgen Teach ceardlanna oiliúna agus imeachtaí cianfhoghlama chun na scileanna agus an mhuinín riachtanach a thabhairt d’oideachasóirí a theastaíonn uathu chun taithí an scoláire a athrú agus é ag foghlaim faoin Eolaíocht.

Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt duit freastal ar an tionscnamh Eorpach Amgen Teach.  Deis iontach í seo le páirt a ghlacadh i sraith ceardlann forbartha gairmiúla sna hEolaíochtaí.  Tairgeann na ceardlanna sin uasoiliúint do mhúinteoirí i réimsí atá ar aon dul le forbairtí nua in oideachas Eolaíochta in Éirinn. 

 

Leathanach Faisnéise

 


 

 
An Nuacht is Déanaí

 

 

 

 

George Boole (1815 - 1864)

 

Is é an 2 Samhain 2015 comóradh 200 bliain ó rugadh George Boole.

Tá sé i gceist ag Ionad Tacaíochta Oideachais Chorcaí thar ceann  ATECI, i gcomhar le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh  agus le cúnamh NAPD, IPPN, SFGM, IOP agus le tacaíocht fhlaithiúil EMC  go mbeadh gach scoláire scoile sa tír ag déanamh ceachta bunaithe ar shaothar George Boole ar an lá sin.

Má tá smaointe nó moltaí agat faoin gcaoi ar mhaith leat an comóradh céad bliain a cheiliúradh i do scoil nó réigiún, seol ríomhphost chuig Ruairí Ó Céilleachair ag boole200project@gmail.com

 

 

Tacaíonn
Scientix  le comhar ar fud na hEorpa i measc múinteoirí STEM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic), le taighdeoirí oideachais, leis an lucht déanta beartas agus le gairmithe oideachais eile STEM. Déanann sé an comhar sin a chur chun cinn freisin. 

Is í SFGM an pointe teagmhála náisiúnta do Scientix in Éirinn.  Leathanach Faisnéise

Féach ar a suíomh Idirlín,  scientix.ie  i gcomhair acmhainní, faisnéise agus deiseanna ceardlainne idirnáisiúnta ar  STEM.

 

AMGEN Teach 

 

 

 

Tá sé mar aidhm ag Amgen Teach suim agus éachtaí scoláirí a dhoimhniú san Eolaíocht trí chumas múinteoirí eolaíocht saoil meánscoile a láidriú chun straitéisí teagaisc bunaithe ar fhiosrú a úsáid sa seomra ranga. Úsáideann Amgen Teach ceardlanna oiliúna agus imeachtaí cianfhoghlama chun na scileanna agus an mhuinín riachtanach a thabhairt d’oideachasóirí a theastaíonn uathu chun taithí an scoláire a athrú agus é ag foghlaim faoin Eolaíocht.

Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt duit freastal ar an tionscnamh Eorpach Amgen Teach.  Deis iontach í seo le páirt a ghlacadh i sraith ceardlann forbartha gairmiúla do na hEolaíochtaí.  Tairgeann na ceardlanna sin uasoiliúint do mhúinteoirí i réimsí atá ar aon dul le forbairtí nua in oideachas Eolaíochta in Éirinn. 

 

Leathanach Faisnéise

 

Eagróidh SFGM ceithre cheardlann Amgen Teach in 2015-2016.  

  • Bitheolaíocht
  • Ceimic
  • Fisic
  • Ag. Eolaíocht

 

 

CLÁRÚ 

 

Cláraigh do chuid sonraí   ionas go dtig linn an scéal agus an fhaisnéis is deireanaí a thabhairt duit.

Tá ár gclár á nuashonrú againn. Cláraigh do chuid sonraí  anseo , fiú má rinne tú amhlaidh cheana,   ionas go dtig linn an scéal agus an fhaisnéis is deireanaí a thabhairt duit.

 

TEAGMHÁLAITHE

TACAÍOCHT
 

Chun tacaíocht scoilbhunaithe a fháil i gcomhair  Fisice,  seol ríomhphost chuig sciences@pdst.ie

I gcomhair tacaíocht scoilbhunaithe, lean  an nasc seo chuig ár bhfoirm iarratais ar líne ar thacaíocht  scoilbhunaithe.

 

TUILLEADH TACAÍOCHTA

 

CUMANN EOL-OIDÍ NA hÉIREANN

 

Tugann Cumann Eol-Oidí na hÉireann (ISTA) tacaíocht do mhúinteoirí eolaíochta a mhúineann na heolaíochtaí uile trína ngréasán brainsí ar fud na tíre. Bíonn sonraí faoi imeachtaí le fáil ar a suíomh Idirlín,  www.ista.ie.

Tá Seán Fogarty ina  chathaoirleach ar Chumann Eol-Oidí na hÉireann faoi láthair.

 
TEAGMHÁLAITHE

 

Riarachán: Bríd Finn / Tony O'Shea 


Ionad Oideachais Luimnigh  
An Chéad Urlár  
Teach Marshal  
Bóthar Thuar an Daill 
Luimneach 


Ríomhphost: sciences@pdst.ie   
Guthán: 061 585064

AMGEN Teach 

 

Toradh íomhá do amgen teach

 

 

 

Tá sé mar aidhm ag Amgen Teach suim agus éachtaí scoláirí a dhoimhniú san Eolaíocht trí chumas múinteoirí eolaíocht saoil meánscoile a láidriú chun straitéisí teagaisc bunaithe ar fhiosrú a úsáid sa seomra ranga. Úsáideann Amgen Teach ceardlanna oiliúna agus imeachtaí cianfhoghlama chun na scileanna agus an mhuinín riachtanach a thabhairt d’oideachasóirí a theastaíonn uathu chun taithí an scoláire a athrú agus é ag foghlaim faoin Eolaíocht.

Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt duit freastal ar an tionscnamh Eorpach Amgen Teach.  Deis iontach í seo le páirt a ghlacadh i sraith ceardlann forbartha gairmiúla sna hEolaíochtaí.  Tairgeann na ceardlanna sin uasoiliúint do mhúinteoirí i réimsí atá ar aon dul le forbairtí nua in oideachas Eolaíochta in Éirinn. 

 

Leathanach Faisnéise

 

Eagróidh SFGM ceardlanna Obair Chúrsa-B in 2016-2017   

Osclóidh iarratais ar an Luan an 14 Samhain  

http://pdst.ie/onlinebooking

 

 

 

Clárú lenár mbunachar sonraí 

 

Cliceáil  anseo  chun clárú lenár mbunachar sonraí.