Láithreoireachtaí Lá Naisc na Litearthachta |
---|
Straitéisí a d’fhéadfadh feabhas a chur ar litearthacht |
---|
Ceacht Réamhaíochta |
---|
Féadtar ceachtanna réamhaíochta a úsáid chun “cumhacht shíceolaíoch an tuartha” a chothú. Straitéis tuisceana réamhléitheoireachta iad ceachtanna réamhaíochta chomh maith le huirlis do Mheasúnú chun Foghlama – déanann siad réamheolas a mheasúnú, spreagann siad scoláirí an bhrí a aimsiú le linn dóibh a bheith ag léamh agus faigheann siad amach má d’fhoghlaim na scoláirí rud ar bith nua. Cliceáil anseo chun teimpléad de cheacht réamhaíochta bán a íoslódáil.
Teimpléid Bhiongó |
---|
- Greille Bhán 9 gCearnóg do Bhiongó
- Greille PowerPoint Shamplach
- Teimpléad agus Sampla den Chluiche ‘an Madra Rua agus an Ghé’
- Sainmhínithe Samplacha/Tacair Cheisteanna
Nathracha is Dréimirí |
---|
Is féidir Nathracha is Dréimirí a imirt agus úsáid á baint as ceann ar bith de na tacair cheisteanna a dhéanann tú (feic an sampla).
Níl le déanamh ach na sainmhínithe agus na réitigh a phriontáil ar chárta. Mura maith leat cárta a ghearradh, priontáil na sainmhínithe agus na réitigh ar lipéid agus greamaigh iad seo de chártaí beaga innéacs.
Is féidir na tacair cheisteanna chéanna a úsáid le haghaidh biongó, an madra rua agus an ghé agus nathracha is dréimirí. Trí cinn ar luach ceann amháin.
Beidh ort an bord nathracha is dréimirí a phriontáil amach. Íoslódáil an teimpléad, priontáil é agus déan é a lannú. Priontáil de réir mhéid A3 é más mian leat.
Teicníc an Mhata Boird |
---|
Ní mór na scoláirí a chur i ngrúpaí de cheathrar don teicníc seo. Cruinníonn na scoláirí thart faoi Theimpléad Mata Boird a eagrófar le rannóga ionas go mbeidh gach scoláire ábalta a smaointe a scríobh agus rannóg láir ionas go mbeidh na scoláirí in ann a smaointe aonair a achoimriú. I dtús báire, smaoiníonn na scoláirí ar cheist ina n-aonar agus scríobhann siad a smaointe/bhfreagraí síos ina rannóg féin ar an teimpléad. Roinneann na scoláirí a smaointe ansin chun gnéithe coitianta a fhiosrú; is féidir iad seo a bhreacadh síos i lár an teimpléid mata boird. Is é is cuspóir le teicníc an mhata boird deis a thabhairt do na scoláirí uile a smaointe a roinnt agus foghlaim óna chéile i ndíospóireacht chomhoibríoch mar ghrúpa beag.
D’fhéadfadh scoláirí a litearthacht bhéil a chur chun feabhais ach an méid seo a dhéanamh. Foghlaimeoidh siad níos mó de thoradh éisteacht le smaointe na scoláirí eile. Cliceáil le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi theicníc an mhata boird, mar aon le treoracha céim ar chéim maidir lena cur i bhfeidhm go rathúil.
Acmhainní Litearthachta Eile |
---|
- Sruthléamh
- Sracléamh
- SQ3R
- Léitheoireacht ar mhaithe le brí
- Briathra bunaithe ar Thacsanomaíocht Bloom (úsáideach chun ciúb ceisteanna a chruthú)
- Bileog Cheisteanna Bhán chun ciúb ceisteanna a chruthú
- Teimpléad do Chruth Ciúib Bán
Próifílí Dalta |
---|
Póstaeir Úsáideacha |
---|
Suíomhanna Idirlín chun feabhas a chur ar Litearthacht agus ar Uimhearthacht |
---|
Puzzlemaker | Is féidir cuid mhór cineálacha éagsúla puzail a dhéanamh |
Wordlearner | Crosfhocail, cuardaigh focal, biongó, meaitseáil agus tuilleadh |
Cuardaigh focal | Do chuardach focal féin a dhéanamh |
Pete’s PowerPoint Station | Íomhánna agus smaointe maithe matamaitice |
IXL | Suíomh idirghníomhach dul siar le haghaidh matamaitice – clúdaíonn sé na topaicí go léir |
Skillswise | Suíomh Idirlín oideachasúil chun feabhas a chur ar litearthacht agus ar uimhearthacht i measc daoine fásta |
Quizlet | Luaschártaí, Cluichí agus Tástálacha |
Studystack | Luaschártaí, Meaitseáil, Crosfhocail, Tástálacha, Quizeanna |
Wordle | Do Néal Focal féin a chruthú |
Tagxedo | Do Chruth Focal féin a chruthú |
Ciúb Ceisteanna | Cruthaigh ciúb ceisteanna trí úsáid a bhaint as Tacsanomaíocht Bloom Cuir isteach d’ainm ar dtús agus cliceáil “Create your own cube” ansin |
Seicliostaí |
---|
Seicliostaí do Litearthacht agus Uimhearthacht
Cur i Láthair ó Bhéal: Foirm Mheastóireachta
Léitheoireacht Bhreise |
---|
Litearthacht agus Uimhearthacht don Fhoghlaim agus don Saol
Is í seo an Straitéis Náisiúnta chun an Litearthacht agus an Uimhearthacht a Fheabhsú i measc Leanaí agus Daoine Óga 2011 – 2020.
Cliceáil anseo le haghaidh achoimre ar an straitéis.
Cliceáil anseo chun an straitéis iomlán a íoslódáil.
Láithreoireachtaí ó Laethanta Naisc Uimhearthachta |
---|
Uimhearthacht – Lá Naisc 1
Uimhearthacht – Lá Naisc 2
Teimpléad: Uimhearthacht sa Churaclam ar fad, do Roinn an Ábhair nó do ghrúpa fócais |
Sceideal an ghrúpa fócais d’uimhearthacht
|
Cliceáil anseo le híoslódáil |
Cur Chuige don Scoil Uile maidir le hUimhearthacht |
---|
Cuid thábhachtach is ea cur chuige sa scoil uile i leith na huimhearthachta a fhorbairt. Má tá nascmhúinteoir uimhearthachta ainmnithe ag do scoil, cuireadh oiliúint ina leith seo ar an múinteoir cheana féin. Tacaíonn na hacmhainní seo a leanas le cur chuige sa scoil uile chun an uimhearthacht a fhorbairt:
Láithreoireachtaí ó Laethanta Naisc Uimhearthachta
Cineálacha Cuir Chuige Choitianta i leith na hUimhearthachta
Leideanna do Mhúinteoirí ó Mhúinteoirí
_________________________________________________________________________________________
Cineálacha Cuir Chuige Choitianta i leith na hUimhearthachta |
---|
B’fhéidir go mbeidh na heiseamláirí a leanas úsáideach do scoileanna le linn cur chuige coitianta a ghlacadh i leith réimsí éagsúla uimhearthachta. Moltar go gcomhaontóidh roinn na matamaitice leis an gcur chuige coitianta a chéaduair sula gcuirfear i bhfeidhm é sa scoil uile. Beartaítear na cineálacha cuir chuige seo a úsáid sa churaclam ar fad d’fhonn comhsheasmhacht i dteagasc agus i bhfoghlaim na huimhearthachta san uile ábhar a fheabhsú. Féadtar na cineálacha cuir chuige coitianta a sholáthraítear a phriontáil mar chairteacha A3 le timpeallacht a chruthú atá saibhir ó thaobh na huimhearthachta de.
Cur Chuige sa Scoil Uile maidir le Réiteach Fadhbanna
Tionscnamh Ceistiúcháin na Scoile Uile
Teanga Mhatamaiticiúil |
---|
Tugann taighde le fios go bhfuil baint mhór ag an teanga mhatamaiticiúil le feabhas na scoláirí san uimhearthacht. Tá comhsheasmhacht na teanga a chloiseann na scoláirí thar a bheith tábhachtach.
Tugann eiseamláir an Dr Máire Ní Ríordáin cur chuige i leith stór focal matamaiticiúil a theagasc a d’fhéadfaí a chur in oiriúint do théarmaí matamaiticiúla eile.
Réim Teanga Mhatamaiticiúil an Dr Máire Ní Ríordáin
Rinneadh an paca acmhainní seo a phleanáil agus a fhorbairt chun tacú le teagasc agus le foghlaim na huimhearthachta agus na litearthachta uimhriúla i scoileanna TSCS agus, go háirithe, gnéithe na litearthachta uimhriúla a bhaineann le stór focal, teanga agus cumarsáid. Tabhair faoi deara nach bhfuil an tsraith seo de “Keywords of Numeracy” uileghabhálach agus féadfaidh múinteoirí cur leis an tsraith agus í a bhreisiú de réir mar is gá.
Rinneadh an leabhar acmhainne Key Definitions in Numeracy a phleanáil agus a fhorbairt chun tacú le teagasc agus le foghlaim na huimhearthachta agus na litearthachta uimhriúla i scoileanna TSCS. Faightear sainmhínithe achoimre agus sainmhínithe atá áisiúil do scoláirí ar eochair-choincheapa, ar phróisis agus ar théarmeolaíocht uimhearthachta sa leabhar acmhainne seo. Tá sraith bhreise de phríomhfhoirmlí tomhais ar fáil freisin.
Príomh- Sainmhínithe san Uimhearthacht
Leideanna do Mhúinteoirí ó Mhúinteoirí |
---|
Acmhainn é seo a cuireadh i dtoll a chéile d’fhonn béim a leagan ar straitéisí agus ar smaointe praiticiúla chun cumas uimhearthachta a fheabhsú i scoileanna ar fud na tíre. Fuarthas na smaointe ó dhaoine atá ina múinteoirí faoi láthair. Cliceáil anseo chun PDF den leabhar a íoslódáil.