An tSraith Shóisearach – An Léann Giúdach

FÁILTE!

 

Fáilte chuig  leathanach ábhair na  Sraithe  Sóisearaigh – An Léann Giúdach

 

Ábhar nua é an Leann Giúdach sa tsraith shóisearach.  Sa réasúnaíocht don siollabas, baineann an t-ábhar le réimse an oideachais sóisialta, polaitiúil agus comhshaoil.  Cuireann an Léann Giúdach le tuiscint daltaí ar na fórsaí sóisialta, cultúrtha agus reiligiúnacha a chuir cruth ar an domhan ina gcónaímid.

 

Is é atá i gceist le siollabas an Léinn Giúdaigh tuiscint agus meas ar chreideamh, daoine agus cultúir éagsúla agus ar fhulaingt agus meas ar luachanna agus creideamh gach duine a chur chun cinn.  I gcomhthéacs cultúr atá ag éirí níos ilghnéithí, tá sé tábhachtach go bhfuil tuiscint ag daoine óga ar éagsúlacht traidisiúin chultúrtha agus reiligiúnacha a fheictear ní hamháin in Éirinn ach san Eoraip agus sa domhan mór.

 

Cuireann an Léann Giúdach le forbairt scileanna a úsáidtear i réimse ábhar, cosúil le himscrúdú stairiúil agus litearthachta, oibriú le fianaise, próiseáil faisnéise, argóinteacht, smaointeoireacht chriticiúil agus anailís.   Tá naisc traschuraclaim sa Léann Giúdach lena n-áirítear Saoránaíocht, Oideachas Sóisialta agus Polaitiúil, Oideachas Reiligiúnach agus Stair. Tabharfaidh tú faoi deara i gCuid an Mhúinteora den suíomh Idirlín, go leagtar amach naisc le codanna de shiollabais eile.

 

Táimid imníoch go mbeadh a mhéid rannpháirtíochta agus is féidir i bhforbairt acmhainní agus i gcruthú comhshaol foghlama fíorúil beoga do gach duine a fhaigheann rochtain air.  Is sa chomhthéacs seo a dtugaimid cuireadh daoibh aon acmhainní, grianghraif, samplaí de shaothar, ceisteanna, naisc úsáideacha, nó aon ní a chuideodh le teagasc agus foghlaim a chur isteach. Fáiltímid roimh, go háirithe, oideachasóirí, daltaí, baill den phobal Giúdach, aon duine ar mhaith leo bheith páirteach sa chomhshaol foghlama fíorúil ceangailte le traidisiún beoga, saibhir agus stairiúil.

 

AN NUACHT IS DÉANAÍ

 

 DÁTA: 11-03-14

 

 Tá Acmhainní um an Léann Giúdach ar fáil anois le híoslódáil i gcuid na nAcmhainní Curaclaim nó is féidir rochtain a fháil orthu trí chliceáil anseo.

 
CLÁRÚ 

 

Cláraigh do chuid sonraí   ionas go dtig linn an scéal agus an fhaisnéis is deireanaí a thabhairt duit.

 

 

FORBAIRT GHAIRMIÚIL LEANÚNACH (CPD)

 

Féach ar an bhféilire imeachtaí i gcomhair tuilleadh sonraí.

 

 

I gCOMHAIR TACAÍOCHT SCOIL-BHUNAITHE

 

Chun tacaíocht scoil-bhunaithe a fháil i gcomhair an Léann Giúdach  sa tSraith ShóisearachLean  an nasc seo chuig ár bhfoirm iarratais ar líne ar thacaíocht  scoil-bhunaithe.

 

 

TEAGMHÁLAITHE

 

Louise O’Sullivan IBVM
Comhordaitheoir Náisiúnta don Léann Giúdach
Ionad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar
Seanbhóthar Bhaile Coimín
Tamhlacht
Baile Átha Cliath 24
Ríomhphost: louisejewishstudies@gmail.com

 

Doireann Quinn
Cúntóir Riaracháin
Ionad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar
Seanbhóthar Bhaile Coimín
Tamhlacht
Baile Átha Cliath 24
Ríomhphost: dquinn@dwec.ie