Breith ar an Léitheoireacht

 

 

Tá iarratais ar Breith ar an Léitheoireacht 2019/20 oscailte anois ANSEO

 

 

Is idirghabháil luathlitearthachta, ceadúnaithe, scoil-bhunaithe agus ghearrthéarmach é Reading Recovery ©   nó Breith ar an Léitheoireacht.  Dearadh é do leanaí atá thart ar shé bliana d’aois, atá ar an dream is ísle a ghnóthaíonn i litearthacht i ndiaidh a gcéad bhliain ar scoil. Le Breith ar an Léitheoireacht bíonn diancheachtanna duine ar dhuine ar siúl ar feadh 30 nóiméad sa lá le múinteoir Breith ar an Léitheoireacht a bhfuil oiliúint speisialta faighte aige/aici.

 

 

Deartar an tsraith ceachtanna seo go haonair do gach leanbh, bunaithe ar bhreathnóireacht ó phointe ama amháin go ceann eile agus cinntí an mhúinteora oilte.  

 

Is é an sprioc ná go mbeidh leanaí ina léitheoirí agus ina scríbhneoirí éifeachtacha, go mbeidh siad

in ann oibriú laistigh de mheán-bhanda a ranga ag leibhéil litearthachta a oireann dá n-aois.

 

Cruthaíonn an múinteoir RR deiseanna don leanbh fadhbanna a réiteach agus tugann sé/sí dóthain tacaíochta chun cuidiú leis an leanbh iompraíochtaí straitéiseacha a fhorbairt le húsáid ar théacsanna i léitheoireacht agus i scríbhneoireacht araon.