B’fhéidir go mbeidh na heiseamláirí a leanas úsáideach do scoileanna le linn cur chuige coitianta a ghlacadh i leith réimsí éagsúla uimhearthachta. Moltar go gcomhaontóidh roinn na matamaitice leis an gcur chuige coitianta a chéaduair sula gcuirfear i bhfeidhm é sa scoil uile. Beartaítear na cineálacha cuir chuige seo a úsáid sa churaclam ar fad d’fhonn comhsheasmhacht i dteagasc agus i bhfoghlaim na huimhearthachta san uile ábhar a fheabhsú. Féadtar na cineálacha cuir chuige coitianta a sholáthraítear a phriontáil mar chairteacha A3 le timpeallacht a chruthú atá saibhir ó thaobh na huimhearthachta de.
Cur Chuige sa Scoil Uile maidir le Réiteach Fadhbanna
Tionscnamh Ceistiúcháin na Scoile Uile