Trialacha Inniúlachta Matamaitice

 

Triail Inniúlachta do Mhatamaitic na Chéad Bhliana 


 

Scrúduithe atá bunaithe ar an gcuraclam Matamaitice  i Rang 6 iad na Trialacha Inniúlachta do Mhatamaitic na Chéad Bhliana. Tá dhá shampla againn faoi láthair ar féidir le scoileanna a rogha a dhéanamh uathu. Gabhann scarbhileog le gach triail chun cabhrú le hanailís a dhéanamh ar fheidhmíocht na ndaltaí sna réimsí a scrúdaíodh. Ní cheanglaíonn an dá thriail atá curtha ar fáil le chéile.  Ní scrúduithe  caighdeánaithe  iad na scrúduithe.  Beartaítear go riarfar an scrúdú go luath sa chéad bhliain. D’fhéadfaí an scrúdú a úsáid chun sonraí a bhailiú maidir le GNÍOMHARTHA féideartha a d’fhéadfaí a ghlacadh i do scoil.  Is é an chiall atá leis seo ná go bhféadfaí an scrúdú a úsáid faoi choinne  measúnú foirmitheach. Is iad na buntáistí  a bhaineann leis an gcur chuige sin:
  • go sainaithneofar laigí aonair agus comh-laigí go luath sa bhliain agus go mbeifear ábalta pleanáil, idirghabhálacha agus bearta cuí a dhéanamh go luath le dul i ngleic leis na fadhbanna nó na láidreachtaí a shainaithneofar 
  • is féidir an Cúrsa Tionscnaimh Coiteann a chur in ord cuí mar thoradh ar an scrúdú
  • tugann réimsí laige réasúnaíocht le cur chuige coiteann na scoile uile a fhorfheidhmiú.

Ba cheart go gcuirfí an scrúdú in oiriúint do riachtanais na scoileanna aonair toisc nach scrúdú caighdeánaithe é. Maireann an tréimhse mholta a thugtar chun an triail a dhéanamh idir 40 agus 45 nóiméad. 

 

Triail Inniúlachta do Mhatamaitic na Chéad Bhliana (Sampla A)  (Leagan PDF)

 

Triail Inniúlachta do Mhatamaitic na Chéad Bhliana (Sampla A) (Leagan Word)

 

Triail Inniúlachta do Mhatamaitic na Chéad Bhliana(Sampla B) (Leagan PDF)

 

Triail Inniúlachta do Mhatamaitic na Chéad Bhliana(Sampla B) (Leagan Word)

 

Anuas ar scrúduithe inniúlachta na chéad bhliana thuas, gheobhaidh tú ceisteanna thíos a d’fhéadfadh a bheith áisiúil do mhúinteoirí nuair a bhíonn siad ag cruthú a gcuid scrúduithe inniúlachta féin sa mhatamaitic. Ar an gcaoi chéanna,  beidh  roinnt de na ceisteanna a thugtar áisiúil  freisin do mhúinteoirí chun  roinnt topaicí  ar an gCúrsa Tionscnaimh Coiteann a theagasc agus a foghlaim sa chéad bhliain.

 

Sampla de na Ceisteanna ar Láimhseáil Sonraí 

 

Sampla de na Ceisteanna ar Achar, Cruth agus Spás

 

Sampla de na Ceisteanna ar Uimhreas

 

Ceisteanna ar Réiteach Fadhbanna

 

Triail Inniúlachta do Mhatamaitic na Chéad Bhliana – Uirlis Anailíse


 

Scarbhileog í an uirlis anailíse a d’fhéadfaí a úsáid tráth an scrúdú a cheartú. Tig leat do scéim mharcála féin a chur ar an scarbhileog. Is é buntáiste na scarbhileoige  ná gur féidir láidreachtaí agus/nó laigí cohóirt a fháil amach go grafach, go héasca. Sampla é an graf thíos.

 

 Triail Inniúlachta do Mhatamaitic na Chéad Bhliana – Uirlis Anailíse (Sampla A)

 

Triail Inniúlachta do Mhatamaitic na Chéad Bhliana – Uirlis Anailíse(Sampla B)

 

742

 
 
 
 
 
 
 
 
 
 

 

 

 

Triail Inniúlachta do Mhatamaitic na Sraithe Sinsearaí 


 

Tá an Triail Inniúlachta do Mhatamaitic na Sraithe Sinsearaí bunaithe ar an bprionsabal céanna leis an Triail Inniúlachta do Mhatamaitic na Chéad Bhliana. Tá scrúdú ar leith ann don Ghnáthleibhéal agus don Ardleibhéal áfach, agus tá ábhar an scrúdaithe bunaithe ar shiollabas an Teastais Shóisearaigh. Is é an dea-chleachtas ná an scrúdú a riar go luath san Idirbhliain nó sa  chúigiú bliain. Beifear ábalta pleanáil, tionscnaimh agus idirghabhálacha a dhéanamh le dul i ngleic le láidreachtaí agus laigí na ndaltaí. 

 

Triail Inniúlachta do Mhatamaitic na Sraithe Sinsearaí, Ardleibhéal  (Leagan PDF)

 

Triail Inniúlachta do Mhatamaitic na Sraithe Sinsearaí, Ardleibhéal (Leagan Word)

 

Triail Inniúlachta do Mhatamaitic na Sraithe Sinsearaí, Gnáthleibhéal (Leagan PDF)

 

Triail Inniúlachta do Mhatamaitic na Sraithe Sinsearaí, Gnáthleibhéal (Leagan Word)

 

 

Triail Inniúlachta do Mhatamaitic na Sraithe Sinsearaí – Uirlis Anailíse


 

Scarbhileog í an uirlis anailíse a d’fhéadfaí a úsáid tráth an scrúdú a cheartú. Tig leat do scéim mharcála féin a chur ar an scarbhileog. Is é buntáiste na scarbhileoige  ná gur féidir láidreacht  agus/nó laigí cohóirt a fháil amach go grafach, go héasca. Sampla é an graf thíos.

 

Uirlis Anailíse ar Thriail Inniúlachta do Mhatamaitic na Sraithe Sinsearaí – Ardleibhéal 

 

Uirlis Anailíse ar Thriail Inniúlachta do Mhatamaitic na Sraithe Sinsearaí – Gnáthleibhéal