Reáchtáladh na seimineáir lae seo le freastal ar na riachtanais atá ag iarbhunscoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge maidir le forbairt na Litearthachta.
Na haidhmeanna a bhain leis an seimineár ná forbhreathnú a thabhairt ar an Straitéis Litearthachta agus Uimhearthachta trí lionsa na Féinmheastóireachta Scoile, na múinteoirí a d'fhreastail a chumasú le ról éascaitheora a ghlacadh ina gcuid scoileanna i dtaobh na litearthachta agus moltaí a phlé maidir le cur chuige scoile uile a chur chun cinn maidir le forbairt na litearthachta.
Eochairtheachtaireachtaí an Lae:
- Tá níos mó i gceist le litearthacht ná léitheoireacht, scríbhneoireacht agus litriú.
- Baineann an litearthacht le gach múinteoir (is cuma cén ábhar) agus le gach scoláire (is cuma cén leibhéal cumais).
- Is éascaitheoir é an nascmhúinteoir a spreagfaidh athrú ar mhaithe le dul chun cinn