Is é atá sna healaíona ná léiriú eagraithe in íomhánna, i gceol, i dteanga, i ngothaí agus i ngluaiseacht d’idéanna, de mhothúcháin agus d’eispéiris. Déanann siad soláthar do shaibhriú céadfaíoch, mothúchánach, intleachtach agus cruthaitheach an pháiste agus cuireann siad lena fhorbairt iomlánaíoch. Forbraítear an-chuid de na rudaí is mó a bhfuil meas orthu sa tsochaí trí fhoirmeacha éagsúla ealaíne a oibríonn chun spiorad cultúrtha agus mothú dea-bhaile a chothú. Curaclam na Bunscoile Drámaíocht Ceol Na hAmharcealaíona