Cuirtear an Curaclam Staire i láthair in dhá chuid ar leith:
- rannán clár ábhar, ina bhfuil roinnt topaicí ar a dtugtar snáithaonaid a bheidh mar bhonn den ábhar atá le clúdach. Leagtar amach i ngach snáithaonad rogha ábhar agus tréimhsí a d’fhéadfaí a chuimsiú sa chlár Staire. Cliceáil anseo chun Cártaí Sracfhéachana ar an gCuraclam a íoslódáil.
- rannán scileanna faoin teideal Ag obair mar staraí, ina leagtar amach na nithe seo a leanas do gach leibhéal ranga: na scileanna a bhaineann le ham agus cróineolaíocht, úsáid a bhaint as fianaise, athrú agus leanúnachas, cúis agus iarmhairt, sintéis agus cumarsáid, agus ionbhá. Cliceáil anseo chun Cártaí Sracfhéachana ar Scileanna a íoslódáil.
Is é atá sa stair ná léirmhíniú ar ghníomhaíochtaí daoine san am atá thart a gceaptar tábhacht a bheith leo, chomh maith leis an bpróiseas trína ndéantar iad a roghnú agus a imscrúdú agus trína ndéantar anailís ar na gníomhaíochtaí sin. Ní hé atá sa stair scéal an ama atá imithe ach an iarracht a dhéanaimid na gnéithe den am atá imithe a bhfuil spéis againn iontu a chur le chéile arís agus a léirmhíniú. Tugann an stair eolas do pháistí ar rudaí a tharla do dhaoine san am atá thart ag leibhéal an teaghlaigh agus ag leibhéil áitiúla, náisiúnta, agus idirnáisiúnta. Tagann páistí, chomh maith, mar a fheileann dá n-aois, ar thuiscint d’am agus do chróineolaíocht, d’athrú agus do leanúnachas, do chúis agus d’iarmhairt. Sealbhaíonn siad scileanna a bhíonn feiliúnach dá leibhéil forbartha a chuireann ar a gcumas fianaise a léirmhíniú ar bhealach criticiúil. Tagann ionbhá le daoine eile ó théamaí agus ó thopaicí staire mar aon le tuiscint níos doimhne ar imoibrithe sóisialta, polaitiúla, agus eacnamaíocha, san am atá thart agus sa lá atá inniu ann.