Litearthacht
Litearthacht sa Léann Clasaiceach
Mata Boird
Ní mór na daltaí a roinnt ina ngrúpaí de cheathrair don teicníc seo. Cruinníonn na daltaí thart faoi Theimpléad Mata Boird a eagrófar le rannóga ionas go mbeidh gach dalta ábalta a smaointe a scríobh agus rannóg láir ionas go mbeidh na daltaí in ann a smaointe aonair a achoimriú. I dtús báire, smaoiníonn na daltaí ar cheist ina n-aonar agus scríobhann siad a smaointe síos ina rannóg féin ar an teimpléad. Roinneann na daltaí a smaointe ansin chun gnéithe coitianta a fhiosrú; is féidir iad seo a bhreacadh síos i lár an teimpléid mata boird. Is é is cuspóir le teicníc an mhata boird deis a thabhairt do na daltaí uile a smaointe a roinnt agus foghlaim óna chéile i ndíospóireacht chomhoibríoch mar ghrúpa beag. Cuireann na daltaí a litearthacht bhéil chun feabhais ach an méid seo a dhéanamh. Is iad na tairbhí a ghabhann leis an straitéis seo ná go mbíonn deis ag na daltaí machnamh a dhéanamh agus a bheith rannpháirteach. Foghlaimeoidh siad níos mó de thoradh éisteacht le smaointe na ndaltaí eile. Cliceáil le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi theicníc an mhata boird, mar aon le treoracha céim ar chéim maidir lena cur i bhfeidhm go rathúil.
Acmhainní Litearthachta Eile
- Sruthléamh
- Sracléamh
- SQ3R
- Léitheoireacht ar mhaithe le Brí
- Briathra bunaithe ar Thacsanomaíocht Bloom (úsáideach chun ciúb ceisteanna a chruthú)
- Bileog Cheisteanna Bhán chun ciúb ceisteanna a chruthú
- Teimpléad do Chruth Ciúib Bán
Póstaeir Úsáideacha
Suíomhanna Idirlín chun feabhas a chur ar Litearthacht agus ar Uimhearthacht
Puzzlemaker | Is féidir cuid mhór cineálacha éagsúla puzail a dhéanamh |
Wordlearner | Crosfhocail, cuardaigh focal, biongó, meaitseáil agus tuilleadh |
Cuardaigh focal | Do chuardach focal féin a dhéanamh |
Pete’s PowerPoint Station | Íomhánna agus smaointe maithe matamaitice |
IXL | Suíomh idirghníomhach dul siar le haghaidh matamaitice – clúdaíonn sé na topaicí go léir |
Skillswise | Suíomh Idirlín oideachasúil chun feabhas a chur ar litearthacht agus ar uimhearthacht i measc daoine fásta |
Quizlet | Luaschártaí, Cluichí agus Tástálacha |
Studystack | Luaschártaí, Meaitseáil, Crosfhocail, Tástálacha, Quizeanna |
Wordle | Do Néal Focal féin a chruthú |
Tagxedo | Do Chruth Focal féin a chruthú |
Ciúb Ceisteanna | Cruthaigh ciúb ceisteanna trí úsáid a bhaint as Tacsanomaíocht Bloom Cuir isteach d’ainm ar dtús agus cliceáil “Create your own cube” ansin |
Seicliostaí do Litearthacht agus Uimhearthacht
Cur i Láthair ó Bhéal: Foirm Mheastóireachta
Is í seo an Straitéis Náisiúnta chun an Litearthacht agus an Uimhearthacht a Fheabhsú i measc Leanaí agus Daoine Óga 2011 – 2020. Cliceáil anseo le haghaidh achoimre ar an straitéis.
Cliceáil anseo chun an straitéis iomlán a íoslódáil.
Seicliosta do Litearthacht agus Uimhearthacht