Misneach (Bunscoil)

Ba cheart do phríomhoidí bunscoile nuacheaptha iarratas a dhéanamh thíos ar chúrsa Misneach.

Clár forbartha pearsanta agus gairmiúil dhá bhliain é Misneach do Phríomhoidí Nuacheaptha arna fhorbairt ag an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM). Tagann an focal Misneach ón nGaeilge i gcomhair uchtach, spiorad agus neart. Déantar iarracht sa chlár Misneach an t-eolas, na scileanna, na meonta agus na cáilíochtaí atá ag ceannairí scoile atá ag tosú amach a fhorbairt, chun iad a chumhachtú le freagairt go héifeachtach do réadúlachtaí na bainistíochta agus na ceannaireachta i gcomhthéacs scoile na hÉireann. Cabhraíonn Misneach le Príomhoidí Nuacheaptha an muinín a fhorbairt chun an prionsabal a chleachtadh agus tríd an muinín seo a fhorbairt, cuirtear nóisin a bheith ‘faoi dhúshlán’ agus a ‘bheith dúshlánach’ chun cinn. Trí oibriú go comhoibritheach agus úsáid a bhaint as teanga na ceannaireachta, forbraíonn na Príomhoidí Nuacheaptha léarscáil dá saol gairmiúil.

 

Tarraingíonn Misneach ó thorthaí taighde aitheanta a shainaithníonn príomhinniúlachtaí ceannaireachta, dírithe ar an ní is tábhachtaí chun torthaí cáilíochta dalta a chinntiú do gach dalta agus chun feabhsúchán, cothroime agus éifeachtúlacht scoile leanúnach a chur chun cinn agus cuireann sé leo. Treoraíonn an clár an ceannaire nua i dtreo múnla inbhuanaithe ceannaireachta, ag tógáil cumais i dtéarmaí féinmhachnaimh, féinfheasachta agus féinchúraim.

 

Tacaíonn Misneach le fianaise a úsáid mar bhuntaca le cleachtas, a léiríonn an ghluaiseacht idirnáisiúnta i dtreo cultúr bunaithe ar thaighde. Cothaítear neamhspleáchas gairmiúil agus cinnteoireacht áitiúil sa chlár i gcomhar le daltaí, tuismitheoirí agus bainistíocht, ag obair i dtreo fís chomhroinnte bunaithe ar luachanna. Tacaíonn Misneach le pobail foghlama ghairmiúla a chruthú agus a chothú, ina gcuirtear tacaíochtaí piara líonraithe agus comhoibritheacha an-éifeachtach chun cinn.

 

Clár bunaithe is ea Misneach a bhfuil struchtúr deartha agus seachadta aige ina bhfuil solúbthacht le freagairt d’fhorbairtí tosaíochta i mbeartas náisiúnta, agus dá bhrí sin saolré agus comhleanúnachas a sholáthar isteach sa todhchaí.

 

Tá treoir ag an gclár ó na cúig phríomhphrionsabal ar a bhfuil dea-chleachtas maidir le ceannaireacht scoile bunaithe:
 
  • Cuspóir Morálta (foghlaim a fheabhsú do gach leanbh i do scoil)
  • Misneach le Gníomhú
  • Samhail a dhéanamh de dhea-chleachtas
  • Inbhuanaitheacht (trí dhaoine eile a spreagadh chun a scileanna ceannaireachta a fhorbairt)
  • Feasacht Suímh (eolas agus machnamh maidir le comhthéacs do scoile)
 

Léargas Ginearálta:

Baineann na topaicí a ndéanfar iniúchadh orthu sa chlár Misneach go díreach le gnéithe éagsúla ceannaireachta scoile lena n-áirítear:

 

Amlíne an Chláir:

 
  

Ceisteanna Coitianta:

Cé atá i dteideal leas a bhaint as an gclár seo?
Tá gach príomhoide nua-cheaptha incháilithe.
 
An bhfuilim i dteideal cumhdaigh ionadaí?
Tugtar cumhdach ionadaíoch le haghaidh an dá lá le haghaidh gach ceann de na himeachtaí cónaithe do phríomhoidí atá ag múineadh.
 
Tá sé mhí caite agam sa ról seo, an bhfuilim fós i dteideal cur isteach ar an gclár?
Ba cheart do mhúinteoirí atá ag gníomhú mar phríomhoide dul i dteagmháil leis an riarthóir ceannaireachta in Aonad Oideachais an Chláir
 
An mbeidh orm íoc as an gcúrsa Misneach?
Ní bheidh. Íocann an Roinn Oideachais agus Scileanna as na costais taistil, as béilí agus lóistín mar aon le costas an chláir.
 
An mbeidh clár leantach ar siúl i ndiaidh an chláir Misneach?
Féach ar na cláir eile atá ar siúl ar an suíomh gréasáin seo
 
 

Teistiméireachtaí: Céard a dúirt rang 2016-2018.....

 
“Oiliúint bhainistíochta den chéad scoth i gcomhair príomhoidí nua-cheaptha. Bhí ábhar agus taithí foghlama an chláir dea-ullmhaithe agus seachadadh ag an am ceart iad. Tugtar spás intinne duit taobh amuigh den scoil ionas go mbeidh tú in ann machnamh agus pleanáil a dhéanamh. Is é toradh na traenála an gréasán gairmiúil a bhunaítear le comhghleacaithe ar fud na tíre a bhfuil na fadhbanna céanna acu agus a roinneann a gcomhairle ar na fadhbanna sin”
 
"Is clár den chéad scoth é Misneach agus bhí sé fíorúsáideach dom mar Phríomhoide nua. Bhí caighdeán na dtaispeántas, na comhairle praiticiúla agus na gcomhráite proifisiúnta ar fheabhas. An ghné ba luachmhaire dom féin ná an deis casadh le daoine eile ar ceapadh iad mar cheannairí le déanaí chomh maith agus ár dtaithí ar an gcéad 18 mí sa phost a roinnt lena chéile”
 
"Tá an clár seo ar fheabhas. Mholfainn go mór do gach príomhoide nua-ceaptha é. Chuir an cúrsa tús le comhráite iontacha ar ról an phríomhoide agus bhí an deis ann gréasán comhghleacaithe a chruthú a bheidh ar fáil duit nuair a fhágann tú an cúrsa Misneach. Bhain mé an-taitneamh as an gcúrsa agus d’fháilteoinn roimh chúrsa Misneach a reáchtálfaí faoi dhó sa bhliain don dá ghrúpa"
 
"Bhain mé an-taitneamh as an gclár agus is fairsing an taithí a bhain mé uaidh. Fágaim an cúrsa le níos mó muiníne agus bhí an-mhisneach agam gan dabht. Mar aon le smaointe a fháil faoi rudaí cosúil le fís, cultúr na scoile agus forbairt ghairmiúil leanúnach, tá níos mó feasachta agam anois ar smaointe praiticiúla agus cé go bhfuil na smaointe sin beag beidh tionchar ollmhór acu ar an bhfoireann agus ar na scoláirí agus ar reáchtáil laethúil scoile atá éifeachtach”