Clár Meán-cheannaireachta

Reáchtálann an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM) sraith ceardlann forbartha ceannaireachta don Mheán-cheannaireacht (Príomhoide Cúnta I agus Príomhoide Cúnta II) i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna. Tá cuireadh chuig an gclár seo á chur ar fáil i dtosach do scoileanna a bhfuil an clár ‘Forbairt’ críochnaithe acu le cúig bliana anuas.

Níltear ag glacadh le hiarratais a thuilleadh ar an gclár seo. Tosóidh an chéad chúrsa eile i Meán Fómhair 2019.

Tá áiteanna teoranta agus leithdháiltear iad ar na chéad daoine a chláróidh.

 

Díreoidh an cheardlann ar na nithe seo a leanas:

  • Fís agus luachanna
  • Ról agus cultúr
  • Cumarsáid agus spreagadh
  • Athrú
  • Féinbhainistiú agus féinchúram