Fáilte!
Forbairt Ghairmiúil Leanúnach |
---|
21 Márta 2015, Seimineár Náisiúnta - Stair Bheo
Tá acmhainní ón lá ar fáil ach an nasc seo a leanúint
An Nuacht is Déanaí |
---|
Bosca Láimhseála na Cré-umhaoise
Is acmhainn é Bosca Láimhseála na Cré-umhaoise a forbraíodh chun teagasc agus foghlaim na Staire a shaibhriú ar leibhéal bunscoile agus iarbhunscoile sinsearaí. Tá rogha míreanna macasamhla agus amhábhar agus acmhainní a ghabhann leo sa Bhosca Láimhseála chun teagasc na Cré-umhaoise a fheabhsú in Éirinn. Dá mba mhaith leatsa Bosca Láimhseála na Cré-umhaoise a chur in áirithe le húsáid le do rang téigh i dteagmháil le d’Ionad Oideachais áitiúil.
George Boole (1815 - 1864)
Is é an 2 Samhain 2015 comóradh 200 bliain ó rugadh George Boole.
Tá sé i gceist ag Ionad Tacaíochta Oideachais Chorcaí thar ceann ATECI, i gcomhar le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus le cúnamh NAPD, IPPN, SFGM, IOP agus le tacaíocht fhlaithiúil EMC go mbeadh gach scoláire scoile sa tír ag déanamh ceachta bunaithe ar shaothar George Boole ar an lá sin.
Má tá smaointe nó moltaí agat faoin gcaoi ar mhaith leat an comóradh céad bliain a cheiliúradh i do scoil nó réigiún, seol ríomhphost chuig Ruairí Ó Céilleachair ag boole200project@gmail.com
Clárú do Mhúinteoirí Staire
Cláraigh do chuid sonraí le Stair SFGM ionas go dtig linn an scéal agus an fhaisnéis is deireanaí a thabhairt duit. Cliceáil anseo le clárú.
Cuireann Cumann Múinteoirí Staire na hÉireann (HTAI) cúrsaí Forbartha Gairmiúla Leanúnaí, seimineáir agus comhdháil bhliantúil ar fáil freisin chun tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí iar-bhunscoile Staire in Éirinn. Comhoibríonn SFGM le HTAI. Téigh chuig http://www.htai.ie/ i gcomhair tuilleadh faisnéise.
Tacaíocht SFGM:
Is í Karen O’Loughlin an Riarthóir agus tá sí lonnaithe in Ionad Oideachais an Chláir, Tithe an Rialtais, Bóthar Chill Rois, Inis, Co. an Chláir.
Seoladh ríomhphoist: karenoloughlin@pdst.ie