Seánra gnásúil

Sonraítear sraith ghníomhartha nó céimeanna a theastaíonn chun rud éigin a chruthú nó a dhéanamh i dtéacsanna gnásúla. Samplaí coitianta de théacsanna gnásúla iad oidis, turgnaimh eolaíochta, lámhleabhair chóimeála nó treoracha le haghaidh cluichí. Tá na curaclaim eolaíochta, tíreolaíochta agus corpoideachais foirfe chun deiseanna traschuraclaim a thabhairt do leanaí leis an seánra seo a fhorbairt.

Feic an leathanach thíos le haghaidh samplaí de scríbhneoireacht ghnásúil agus creatlach scríbhneoireachta.