Bí Sábháilte – lucht bainistíochta

Oiliúint do Phearsanra Scoile

 

Cuireann SFGM oiliúint um Chosaint Leanaí ar fáil do Dhaoine Idirchaidrimh Ainmnithe na scoile. Seimineár lae iomláin atá san oiliúint seo, agus bíonn sé ar siúl in Ionaid Oideachas áitiúla. Chun Oiliúint um Chosaint Leanaí a chur in áirithe don DIA agus L-DIA, cliceáil anseo. 

 

Tá rolladh amach náisiúnta díreach críochnaithe ag SFGM de sheimineáir aon lae ar na cláir Bí Sábháilte agus Misneach Athbhreithnithe.  Reáchtáladh na seimineáir in Ionaid Oideachais ar fud na tíre, agus tugadh cuireadh do bheirt mhúinteoirí as gach scoil freastal orthu, agus cuireadh clúdach múinteoir ionaid ar fáil don bheirt. 

 

Tá tacaíocht in-scoile á cur ar fáil ag SFGM faoi láthair do scoileanna i gclár um Chosaint Leanaí agus An Clár Bí Sábháilte, araon. Chun leas a bhaint as an tacaíocht in-scoile seo, cliceáil anseo. 

 

 

Dea-Chleachtas i gCosaint Leanaí: Treoir do Scoileanna

Is é aidhm fhoriomlán an leabhráin seo cabhrú le scoileanna forbairt a dhéanamh ar Pholasaí cuimsitheach um Chosaint Leanaí a thugann aghaidh ar sholáthar oideachais cuí, ar nósanna imeachta chun déileáil le hábhair imní agus/nó le nochtadh maidir le mí-úsáid leanaí agus ar chleachtais chosanta leanaí atá i bhfeidhm sa scoil.

Íoslódáil an Dea-Chleachtas i gCosaint Leanaí: Treoir do Scoileanna anseo. 

 

Tá na comhpháirteanna seo a leanas sa Chlár Bí Sábháilte Athbhreithnithe:

  • Lámhleabhar do Mhúinteoirí (lena n-áirítear léargas ar an gclár athbhreithnithe, treoracha chun an clár a fhorfheidhmiú agus a theagasc, tagairtí ábhartha, naisc agus litir shamplach do thuismitheoirí). 
  • Ceachtanna do Naíonáin Shóisearacha / Naíonáin Shinsearacha (bileoga oibre san áireamh)
  • Ceachtanna do Ranganna 1 / 2 (naisc churaclaim agus bileoga oibre OSPS san áireamh) 
  • Ceachtanna do Ranganna 3 / 4 (naisc churaclaim agus bileoga oibre OSPS san áireamh) 
  • Ceachtanna do Ranganna 5 / 6 (naisc churaclaim agus bileoga oibre OSPS san áireamh) 
  • Ábhair Teagaisc Bhreise (míreanna fuaime agus físe san áireamh etc.)

 

Tá an Clár Bí Sábháilte ar fáil as Gaeilge. 

 

AttachmentSize
PDF icon Best Practice Guidelines.pdf1.81 MB