Cineálacha Mí-úsáide
Tá ceithre chineál mí-úsáid dhifriúil ann – faillí, mí-úsáid mhothúchánach, mí-úsáid chorpartha agus mí-úsáid ghnéasach.
D’fhéadfadh leanbh a bheith thíos de bharr cineál amháin mí-úsáide nó níos mó ag aon am amháin.
Faillí |
I gcás nach gcuirtear riachtanais bia, teasa, foscaidh, cothaithe agus sábháilteachta an linbh ar fáil, sa mhéid go ndéantar an-dochar don leanbh. |
Mí-úsáid chorpartha |
I gcás go ndéantar ionsaí ar leanbh nó go ngortaítear é/í d’aon ghnó. |
Mí-úsáid mhothúchánach |
I gcás nach gcuireann an tuismitheoir nó an cúramóir riachtanais ceana, glactha agus slándála an linbh ar fáil agus nár chuir siad a leithéid dó/di ar fáil le tamall fada. |
Mí-úsáid ghnéasach |
I gcás go mbaintear earraíocht as leanbh le haghaidh sásamh gnéis duine éigin. |
Tá faisnéis níos mine ar fáil sa cháipéis, Children First: National Guidelines for the Protection and Welfare of Children, arna cur le chéile ag an Roinn Sláinte agus Leanaí (1999).
Comharthaí go bhféadfadh mí-úsáid a bheith ar bun
Cé go bhféadfadh mí-úsáid a bheith ar bun de bharr na gcomharthaí a leanas, is tábhachtach a chuimhneamh go bhféadfadh ábhar éigin eile a bheith leo. D’fhéadfadh mórán de na ‘comharthaí’ mí-úsáide a bheith ina gcomharthaí maidir le deacrachtaí eile freisin. Ní féidir a bheith cinnte go bhfuil mí-úsáid idir lámha mar gheall ar chomhartha amháin as féin.
Is tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhféadfadh sé tarlú nach léireoidh roinnt leanaí comhartha ar bith go bhfuil mí-úsáid á baint astu. Corruair, beidh cuma ar an scéal nár chuir teagmhas áirithe isteach ar leanbh ach, mar sin féin, moltar do thuismitheoirí/caomhnóirí a bheith san airdeall ar fhreagairtí. Is tábhachtach i gcónaí athruithe ar iompraíocht do leanbh nach bhfuil míniú orthu a fhiosrú.
Faillí |
Soláthar gann bia, éadaí, foscaidh Leanaí á bhfágáil ina n-aonar go síoraí gan dóthain cúraim ná maoirseachta Teagmháil le contúirt As láthair ón scoil go han-mhinic Cúram leighis neamhleor Dúshaothraithe nó barraíocht oibre á déanamh. |
Mí-úsáid chorpartha |
Gortuithe nach bhféadfaí a mhíniú, mar shampla, brú craicinn, dónna, greamanna, marcanna Gortuithe nach gcuirtear cóir leighis orthu agus bristeacha arís is arís eile. |
Mí-úsáid mhothúchánach |
Easpa seasta molta, misnithe, grá, ceangail nó spreagtha Droim láimhe a thabhairt don pháiste, ró-chumhdach tromchúiseach Pionós míchuí neamhfhisiciúil, e.g. faoi ghlas sa seomra leapa ar feadh tréimhsí fada Teagmháil le foréigean baile Ionchais mhíchuí maidir le hiompraíocht linbh Ciapadh seasmhach béil de thoradh cáinte, magaidh nó bagairtí Baintear mí-úsáid mhothúchánach as gach leanbh a ndéantar faillí iontu nó a mbaintear mí-úsáid ghnéasach nó mí-úsáid chorpartha astu.
|
Mí-úsáid ghnéasach |
Leideanna i dtaobh gníomhaíocht ghnéasach Iompraíocht nó súgradh le bréagáin nó le daoine eile ina léirítear tréithe gnéasacha Tuiscint ar iompraíocht ghnéasach nach mbeifí ag súil léi ag an aois sin, e.g. b’fhéidir go mbeadh an leanbh ábalta gníomhartha gnéasacha a mhíniú go mion nó b’fhéidir go líneoidís pictiúir ina bhfuil ábhar follasach gnéasach Leisce neamhghnách páirt a ghlacadh i ngnáthghníomhaíochtaí ina mbaintear éadaí díot, e.g. cluichí/snámh Pian, tochas, brú craicinn, clogadh, cur fola nó ionfhabhtú i réigiún na mball giniúna a d’fhéadfadh deacrachtaí a chruthú le linn siúil nó suí. |
Mí-úsáid ghnéasach leanaí
Is minic a bhíonn mí-úsáid ghnéasach leanaí mar an cineál mí-úsáid is deacra le brath de thairbhe na rúndachta ar a mbraitheann sí. Is annamh nach mbíonn ach teagmhas amháin ann agus is iondúil go dtiteann sí amach thar roinnt blianta. I gcuid mhór cásanna de mhí-úsáid ghnéasach, is minic a chuirtear ina luí ar an íospartach gurb eisean/ise is ciontaí as an mí-úsáid atá á baint as/aisti.
Tagann mí-úsáid ghnéasach leanaí aníos ar mhórán bealaí, mar shampla, teagmháil mhíchuí, glaonna gutháin graosta agus mí-úsáid ina mbíonn lánchaidreamh collaí ar siúl. D’fhéadfadh tarlóg cur isteach ar leanbh fiú amháin. Botún atá ann talamh slán a dhéanamh de nach mbíonn mí-úsáid tromchúiseach go dtí go mbíonn caidreamh collaí ar siúl.
Cé hiad na híospartaigh?
D’fhéadfadh leanaí a bheith ina n-íospartaigh ag mí-úsáid ghnéasach leanaí ag aois ar bith ón gcliabhán amach. Idir ceithre bliana agus aon bhliain déag d’aois an tréimhse a bhíonn leanaí is mó i mbaol, is cuma más buachaill nó cailín atá ann. Tagann na híospartaigh as gach cineál cúlra sóisialta. Tá leanaí faoi mhíchumas níos mó i mbaol agus, dá bhrí sin, d’fhéadfaidís a bheith níos mó i mbaol mí-úsáide.
Cé hiad na mí-úsáideoirí?
D’fhéadfadh an mí-úsáideoir a bheith ina fhear nó ina bean, in aois ar bith agus ó aon chúlra sóisialta. Fir óga atá ina ndéagóirí nó go luath sna fichidí iad mórán de na mí-úsáideoirí a bhfuiltear ar an eolas fúthu.
Is iondúil go ndéanfaidh mí-úsáideoir gnéasach iarracht caidreamh speisialta a chothú le leanbh – dírítear ar an leanbh, déantar é/í a mhealladh agus baintear mí-úsáid as/aisti sa deireadh. Gníomh gnásúil éigníoch í mí-úsáid ghnéasach. I mbunús na gcásanna, bíonn aithne ag an leanbh ar an mí-úsáideoir nó bíonn muinín aige/aici as nó aisti, duine macasamhail duine muinteartha, gaoil, feighlí leanaí nó comharsa.
Comharthaí iompraíochta agus fadhbanna mothúcháin a d’fhéadfadh mí-úsáid leanaí a chur in iúl
- Iompraíocht an-ionsaitheach nó an-scoite
- Easpa airde (athrú ar dhúthracht an pháiste ar scoil)
- Fliuchadh leapa, salú, neamhoird chraicinn, gearáin nach bhféadfaí a mhíniú (pianta, tinnis chinn, etc.)
- Tromluithe, athruithe ar phatrúin chodlata, easpa goile
- Eagla neamhréasúnach roimh dhaoine fásta
- Deacair don leanbh dáimh a bheith aige/aici le leanaí eile
- Féinmheas lag agus féinmhuinín lag
- Éalú as baile (coitianta i measc íospartaigh ógánta)
Cuimhnigh nach féidir a bheith cinnte go bhfuil mí-úsáid idir lámha mar gheall ar chomhartha amháin as féin Is tábhachtach i gcónaí athruithe ar iompraíocht do leanbh nach bhfuil míniú orthu a fhiosrú.
Mí-úsáid leanaí: na hiarmhairtí
Ní hionann iarmhairtí na mí-úsáide leanaí i ngach cás agus braitheann siad ar aois an íospartaigh, ar a c(h)aidreamh leis an mí-úsáideoir agus ar mhéid na mí-úsáide. Is dócha gurb é an gortú fadtéarmach is measa a bhuaileann an leanbh go ndearna an mí-úsáideoir feall air/uirthi, go háirithe nuair a bhí dlúthchaidreamh idir an t-íospartach agus an mí-úsáideoir.
B’fhéidir nach mbeidh iarmhairtí na mí-úsáide le sonrú go ceann tamall fada, ach is minic a mhúsclaíonn imeachtaí níos faide anonn sa saol iad, mar shampla, teacht chun caithreachais, pósadh nó breith linbh.
A bhuíochas le cóir leighis agus le comhairleoireacht, tagann móramh na n-íospartach as an mí-úsáid agus éiríonn leo dul ar aghaidh lena saol.
Cén fáth nach n-insíonn an leanbh do dhuine ar bith faoina bhfuil ar siúl?
Bíonn sé deacair ar leanaí a leithéid a insint mar...
- B’fhéidir go dtugtar breab dóibh nó b’fhéidir go mbagraítear orthu an mhí-úsáid a choimeád ina rún
- Corruair síleann na leanaí go bhfuil an mhí-úsáid nádúrtha agus inghlactha
- B’fhéidir nach bhfuil an stór focal acu chun labhairt faoin méid a tharla
- B’fhéidir go ndéanfaidh an mí-úsáideoir iarracht mothú ciontachta nó freagrachta a chur ina luí ar an leanbh as an mí-úsáid.
Ní chreidtear leanaí corruair – glactar leis go bhfuil siad ag insint bréag nó ag samhlú rudaí. Is annamh a insíonn leanaí bréaga faoi mhí-úsáid, áfach.
Cad ba cheart a dhéanamh má shíleann tú go bhfuil mí-úsáid á baint as leanbh?
Is deacair a bheith cinnte cé acu an bhfuil nó nach bhfuil mí-úsáid leanaí ar bun. Sula ndéanann tú a dhath faoi, caithfidh tú fáthanna ar bith eile a bhféadfadh a bheith le do thuairim a bhreithniú agus na ceisteanna a leanas a chur ort féin:
- An bhfuil fáth ar bith eile a bhfuil an leanbh nó an tuismitheoir ag dul ar aghaidh ar bhealach ar leith?
- An bhfuil a leithéid de ghníomh ina chuid de phatrún?
- Ar thug tú féin nó duine ar bith eile faoi deara cad a bhí ar siúl?
- An ndúirt an leanbh aon rud a thug le fios go bhfuil díobháil á déanamh dó/di?
- An bhféadfadh rud ar bith eile a bheith ina ábhar leis na comharthaí nó na gortuithe?
Má bhreithnigh tú na ceisteanna seo agus má tá imní ort ar fad, is dóchúil go bhfuil foras réasúnta agat rud éigin a dhéanamh faoi. Is tábhachtach a chuimhneamh go bhfuil dualgas ar gach duine leanaí a chosaint agus comhoibriú leis an lucht gairmiúil nuair is gá.
Cad ba cheart a dhéanamh má insíonn leanbh duit faoi mhí-úsáid?
- Éist leis an leanbh. Ná grinnigh nó ná cuir brú ar an leanbh i gcomhar míniúchán
- Glac leis go ndearnadh olc don leanbh. Ná séan an fhadhb in ainneoin go mbeidh sé seo deacair
- Coinnigh smacht ar do mhothúcháin, bí ar do shuaimhneas agus ná téigh chun scaoill
- Tabhair sólás don leanbh agus cuir ina luí air/uirthi nach é/í is ciontaí agus go raibh an ceart aige/aici insint duit faoi cad a tharla
- Gníomhaigh go tapa – na bíodh moill ort cúnamh a fháil
- Má shíleann tú go bhfuil mí-úsáid á baint as leanbh nó go bhfuil sé/sí i mbaol mí-úsáide ag duine laistigh nó lasmuigh den teaghlach, déan teagmháil leis an oibrí sóisialta nó le gairmí sláinte in aonad áitiúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Más cás éigeandála é lasmuigh d’uaireanta FSS, ba chóir duit an Garda Síochána a chur ar an eolas faoi. De réir an dlí, ní ghearrfar pionós ar aon duine as mí-úsáid leanaí a thuairisciú don Bhord Sláinte nó don Gharda Síochána a fhad agus nach bhfuil an tuairisc mailíseach agus go bhfuil sí ina dea-rún.
D’eisigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta treoirlínte chuig gach múinteoir ina leagtar amach na nósanna imeachta is ceart a leanúint má shíleann siad go bhfuil mí-úsáid ar bun nó má fhaigheann siad líomhaintí nó scéalta faoi mhí-úsáid.
Daoine fásta ar baineadh mí-úsáid leanaí astu
Seans gur baineadh mí-úsáid as roinnt léitheoirí nuair a bhí siad féin óg. Dhéileáil mórán acu leis, go háirithe tar éis tacaíocht a fháil ón gclann agus ó chairde. Is minic a chreideann daoine fásta ar baineadh mí-úsáid leanaí astu go bhfuil sé riachtanach agus cabhrach labhairt le duine tacúil, fearacht comhairleora ghairmiúil, i dtimpeallacht shábháilte faoi rún. Is iomaí eagraíocht a thugann tacaíocht agus comhairle faoi chomhairleoireacht den saghas seo (tá liosta eagraíochtaí ábhartha ar ár leathanach nasc). Cuirfidh oibrí sóisialta FSS comhairle ort leis.
Cuimhnigh – féadfaidh leanaí teacht as bulaíocht agus as mí-úsáid agus dul ar aghaidh lena saol go sásta má fhaigheann siad cabhair.
Cad is féidir le tuismitheoirí a dhéanamh?
- Coinnigh an ríomhaire i seomra teaghlaigh os comhair an tseomra ar fad. Dá bhrí sin, beidh sé níos éasca do thuismitheoirí faireachán a dhéanamh air. Seans gurb é seo an rud is tábhachtaí is féidir leat a dhéanamh chun cabhrú le leanaí a bheith sábháilte ar líne.
- Cuir spéis sna rudaí a dhéanann do leanaí ar líne. Iarr orthu insint duit faoi na suíomhanna a dtugann siad cuairt orthu agus a thaispeáint duit conas ríomhphost agus seomraí comhrá a úsáid mura bhfuil an t-eolas seo agat cheana féin. Faigh amach cad iad na suíomhanna a dtugann siad cuairt orthu ar scoil.
- Labhair le do leanaí faoi na cineálacha suíomhanna idirlín agus seomraí comhrá atá oiriúnach dóibh cuairt a thabhairt orthu. Inis dóibh go ndéanfaidh tú faireachán ar an dóigh a n-úsáidfidh siad an tIdirlíon.
- Cuir srian le rochtain ar an Idirlíon ionas nach féidir leo é a úsáid ach ag amanna áirithe.
- Is féidir leat an taifead ar na suíomhanna ar tugadh cuairt orthu a sheiceáil i bhfillteán na gcomhad idirlín sealadach nó san fhillteán staire. Tá cláir scagtha ar fáil a rialaíonn rochtain ar fhaisnéis ar an Idirlíon. Is féidir iad seo a íoslódáil ó shuíomhanna ar nós www.cyberpatrol.com.
Déan cinnte de go bhfuil na rialacha sábháilteachta seo a leanas ar eolas ag do leanaí:
- Ná tabhair faisnéis phearsanta, amhail do sheoladh, d’uimhir ghutháin, seoladh oibre/uimhir ghutháin do thuismitheoirí, nó ainm agus suíomh na scoile gan cead a fháil.
- Ná seol grianghraif ná aon rud eile trí ríomhphost gan é seo a sheiceáil le tuismitheoir ar dtús.
- Má thagann tú ar rud ar bith a chuireann míshuaimhneas ort, cuir as an monatóir agus cuir tuismitheoir ar an eolas faoi láithreach.
- Ní insíonn daoine a labhraíonn leo ar líne an fhírinne i gcónaí i dtaobh cé hiad féin. Ná haontaídís choíche bualadh le duine gan é seo a sheiceáil leis na tuismitheoirí ar dtús.
- Ná freagair teachtaireachtaí atá mailíseach nó a chuireann tú trína chéile.
- Ná húsáid droch-chaint agus ná seol teachtaireachtaí mailíseacha choíche ar líne.