Fáilte!
Ábhair Theicneolaíochta – Lá Pleanála agus Faisnéise
D’fhreastail breis agus 110 múinteoir ar an “Lá Pleanála agus Faisnéise” do mhúinteoirí ábhar Teicneolaíochta in Óstán Hodson Bay, Baile Átha Luain, Dé Sathairn, an 5 Aibreán 2014.
De bharr an mhóréilimh a bhí ann ar áiteanna, ní rabhamar in ann freastal ar gach duine a rinne iarratas. Dá bhrí sin, beidh ceardlann bhreise á reáchtáil againn in Ionad Oideachais Bhaile Átha Luain Dé Sathairn, an 10 Bealtaine.
Tabhair faoi deara nach bhfuil ach líon teoranta áiteanna ar fáil don dara ceardlann a bheidh ar siúl an 10 Bealtaine. Beidh deis ag múinteoirí iarratas a dhéanamh nuair a chuirfear an fhoirm iarratais ar líne ar fáil ag 9.00am Dé Luain, an 28 Aibreán.
Tabhair faoi deara: I gcás múinteoirí a bhfuil iarratas ar líne déanta acu cheana féin agus a bhfuil sé deimhnithe acu go mbeidh siad i láthair an 10 Bealtaine, ní gá dóibh iarratas eile a dhéanamh.
Amharc ar an bPóstaer Faisnéise
Anailís Ábhair
Íoslódáil an scarbhileog Anailíse i leith Teicneolaíochta sa Teastas Sóisearach chun anailís a dhéanamh ar na torthaí Teicneolaíochta sa Teastas Sóisearach i do scoil, iad a chur i gcomparáid leis an meán náisiúnta agus treochtaí a léiriú. Cliceáil anseo
Chun treoracha a fháil maidir leis na scarbhileoga Anailíse Ábhair seo a úsáid, cliceáil anseo.
Tá an chuid seo den suíomh á tógáil faoi láthair. Is féidir tuilleadh acmhainní a fháil ar shuíomh Idirlín T4.
Cliceáil chun breathnú ar shuíomh Idirlín T4
Riarachán agus Sonraí Teagmhála
Ionad Oideachais na hUaimhe,
Seoladh Ríomhphoist: t4@pdst.ie
Guthán: 046 - 9078382
Facs: 046 - 9078385