OSIE

Cuireann oideachas sóisialta, imshaoil agus eolaíochta (OSIE) deiseanna ar fáil don pháiste na gnéithe nádúrtha, daonna, sóisialta agus cultúrtha den imshaol áitiúil agus d’imshaoil níos fairsinge a iniúchadh a imscrúdú agus tuiscint orthu a shaothrú, raon leathan scileanna a fhoghlaim agus a chleachtadh, agus dearcadh oscailte criticiúil freagrach a ghnóthú. Cuireann OSIE ar chumas an pháiste maireachtáil mar bhall eolach cásmhar den phobal áitiúil agus de phobail níos fairsinge.

Bíonn OSIE ar siúl laistigh dá lán achar den churaclam, agus saibhríonn sé iad uile. Ar an mbealach sin téann sé chun leasa go suntasach dá lán gnéithe d'fhorbairt an pháiste. Laistigh den churaclam seo, cuirtear OSIE i láthair faoi thrí cheannteideal ábhair: stair, tíreolaíocht agus eolaíocht. Comhlíonann gach ceann de na réimsí seo ról leithleach a chuireann ar chumas an pháiste na himshaolta nádúrtha, daonna, sóisialta agus cultúrtha ina gcónaíonn sé/sí a iniúchadh agus a thuiscint. 

 

 

 

Tíreolaíocht

 

Stair

Eolaíocht

OSIE

Comhtháthú